Inis, Co. Clár fógartha ina bhuaiteoir ag an Aire Humphreys ar an mBaile is Slachtmhaire in Éirinn do 2021
- Foilsithe: 12 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cúnamh deontais €1.5 fógartha do bhreis agus 1,000 grúpa Bailte Slachtmhara ar fud na tíre.
- Glasloch, Co. Muineachán ainmnithe mar chéad bhuaiteoir an Ghradaim do Dhaoine Óga i mBailte Slachtmhara.
- Ról oibrithe deonacha Bailte Slachtmhara le linn tréimhse nach bhfacthas riamh cheana molta ag an Aire Humphreys
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (an 12 Samhain) go bhfuil Inis, Co. Clár ar an mBaile is Slachtmhaire in Éirinn don bhliain 2021.
Is ag ócáid laghdaithe a reáchtáladh san RDS inniu a rinneadh an fógra, ag a raibh ionadaithe ó roinnt bheag bailte a chur isteach ar Chomórtas na bliana seo i láthair.
Rinneadh an ócáid a shruthú beo chuig na mílte oibrithe deonacha Bailte Slachtmhara ar fud na tíre a bhí ag tnúth go mór leis an toradh.
Tá comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ar an bhfód ó 1958 agus roghnaíodh Inis ar an gceann is fearr as an 847 iontráil ar fad i gcomhair chomórtas na bliana seo.
Bhí lústar flústar agus ceiliúradh mór ann nuair a rinneadh an fógra ag searmanas na ngradam san RDS i mBaile Átha Cliath inniu.
Bhí an tUasal Ray Kelly, Stiúrthóir Margaíochta SuperValu, i dteanna an Aire Humphreys,T.D., chun torthaí chomórtas na bliana 2021 a fhógairt. Is é SuperValu a thug urraíocht don chomórtas don 30ú bliain seo.
I measc na mórbhuaiteoirí eile ar an lá, bhí:
- Géisil, Co. Uíbh Fhailí ar ar bronnadh An Sráidbhaile is Slachtmhaire in Éirinn.
- Mainistir Laoise, Co. Laoise ar ar bronnadh Bhaile Beag is Slachtmhaire in Éirinn.
- An Cóbh, Corcaigh Theas ar ar bronnadh An Bhaile Mór is Slachtmhaire in Éirinn.
- Inis, Co. Clár ar ar bronnadh An Baile Mór Uirbeach is Slachtmhaire in Éirinn.
Ag labhairt di i ndiaidh shearmanas na ngradam, dúirt an tAire Humphreys:
“Is iontach an éacht é seo do Inis agus tá an bua tuillte go maith acu. Chuir Inis isteach ar chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu sa bhliain 1959 agus tá siad fós ina n-eiseamláir ar gach atá le moladh maidir le pobal agus saorálaíochas. Tá ardchaighdeáin á mbaint amach acu go leanúnach sa chomórtas ag leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ag leibhéal na hEorpa, agus thug siad an lá leo roimhe seo in 2005. I bhfianaise na spéise dochreidte a léirítear sa chomórtas and iarrachtaí méadaithe na n-iarrthóirí ar fad, is mór an gaisce é an chraobh náisiúnta a thabhairt leo don dara uair; taispeánann sé seo go soiléir gur féidir na sochair a bhreith leat má tá teacht aniar ionat agus diongbháilteacht agat. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Inis agus leis na grúpaí eile ar fad a ghnóthaigh duais inniu, agus é tuillte go maith acu. Ní raibh sé éasca do ghrúpaí Bailte Slachtmhara i mbliana le linn tréimhse nach bhfacthas riamh roimhe seo. Amhail gach cuid den tsochaí, cuireadh cosc orainn páirt a ghlacadh sna rudaí a thaitníonn linn laistigh den phobal de dheasca na paindéime. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na céadta grúpaí agus do na mílte oibrithe deonacha a thug tús áite dá bpobal in aghaidh na hanachaine agus a lean d’fheabhas a chur ar a gceantar le go mbeadh sé ina áit iontach le cónaí ann, le bheith ag obair ann agus le cuairt a thabhairt air, fad a bhí siad ag cloí le treoirlínte scartha sóisialta agus sláinte poiblí ag an am céanna. Thar mo cheann féin agus thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh libh as ucht é sin.”
D’fhógair an tAire Humphreys maoiniú €1.5 milliún chomh maith mar leithdháileadh speisialta chun tacú le hobair Choistí Bailte Slachtmhara ar leith timpeall na tíre chun cuidiú leo leanúint lena gcuid iarrachtaí a mbailte agus a sráidbhailte a fheabhsú.
Is í seo an cúigiú bliain as a chéile ar cuireadh maoiniú ar fáil chun tacú leis na Coistí seo, agus tugann sé seo an méid iomlán a leithdháileadh ón mbliain 2017 go €6.7 milliún.
Dúirt an tAire:
“Cruthaítear atmaisféar iontach fáilteach do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon leis an gceangal leis an bpobal agus an mórtas áite a bhaintear amach trí bheith rannpháirteach i ngrúpa Bailte Slachtmhara. I bhfianaise na ndúshlán roimh ghrúpaí Bailte Slachtmhara le linn na paindéime agus an chaoi ar bhog siad i dtreo próiseas iontrála ar líne, tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil maoiniú €1.5 milliún faighte agam chun tacú go díreach le coistí Bailte Slachtmhara a bhíonn ag déanamh a ndíchill, tríd a gcuid iarrachtaí, barr feabhais a chur ar a mbailte agus sráidbhailte. Beidh 1,022 grúpa Bailte Slachtmhara san iomlán ar fud na tíre i dteideal tairbhe a bhaint as an infheistíocht seo.”
Ghabh an tAire buíochas le SuperValu, urraitheoir an chomórtais, freisin, ag rá:
“Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le SuperValu inniu atá ag ceiliúradh 30 bliain mar chomhpháirtí na mBailte Slachtmhara agus mar urraitheoir an chomórtais. Tarraingíonn an comórtas go leor iarrthóirí nua agus gradaim nua i gcónaí agus tá sé ag dul ó neart go neart gach uile bhliain. Tá SuperValu ag leanúint do thacaíocht thar cionn a léiriú don chomórtas tríd an urraíocht airgeadais a sholáthraíonn siad, a ndúthracht don chomórtas a fheabhsú agus a mhéadú agus tríd an tacaíocht tiomanta a chuireann siad ar fáil do ghrúpaí Bailte Slachtmhara ag leibhéal áitiúil leis an ngréasán miondíoltóirí áitiúla atá acu.”
Is éard a dúirt an tUasal Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu i ndiaidh an tsearmanais gradam:
“Thar ceann SuperValu ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Inis a ainmníodh ar an mBaile is Slachtmhaire in Éirinn do bhliain 2021. Is iontach an t-éacht é a baineadh amach de bharr obair mhór agus thiomantas an choiste. Tá moladh agus aitheantas mór tuillte ag buaiteoirí na gcatagóirí agus go deimhin ag coistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre as a ndúthracht mhór agus as a gcuid gaiscí. Bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2020 do Bhailte Slachtmhara SuperValu. Tá 1,022 grúpa ag glacadh páirt sa chomórtas i mbliana, agus bhí 847 iontráil ann i mbliana, sárú ar bhlianta roimhe seo. Ba mhaith liom go háirithe na coistí nua a lua agus iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh arís amach anseo. Bhí leibhéal agus caighdeán na dtograí a chuir sibh ar fad ar aghaidh ar fud gach catagóir dochreidte amach is amach. Ina chroílár is léargas é comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ar an obair a bhíonn ar bun ag go leor daoine aonair chun spiorad pobail a neartú agus áit níos fearr le maireachtáil agus le hobair ann a dhéanamh dár bpobail féin. Tá an mhian chéanna ag baill iontacha na gcoistí, i gcomhar lenár líonra de mhiondíoltóirí neamhspleácha, agus atá againn féin, is é sin pobail faoi bhláth agus inbhuanaithe a chothú.
Dúirt an tUasal Allen chomh maith,
“Tá sé feicthe ag SuperValu, ó tharla muid ag tacú le Bailte Slachtmhara le fada an lá, an méadú agus forbairt atá tagtha ar an gcomórtas. I mbliana, b’fhéidir thar aon bhliain eile, tá fás tagtha ar na tionscnaimh a dhíríonn ar bhithéagsúlacht, ar chaomhnú agus ar shaincheisteanna tábhachtacha eile atá ríthábhachtach chun pobail inbhuanaithe a chothú. Cuirim fáilte mhór roimhe sin agus molaim é.”
Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a eagraíonn comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu agus is é SuperValu a dhéanann urraíocht air, agus a bhí i mbun urraíochta air ó bhí an bhliain 1991 ann.
Tá na sonraí iomlána maidir le buaiteoirí na bliana seo ar fad ar
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Is é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is ionann é agus cloch mhíle nua sa chur chuige i leith beartas forbartha tuaithe d'Éirinn, agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do cheantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint astu. Bainfear amach cuspóirí an bheartais trí níos mó ná 150 gealltanas a sheachadadh lena gcur i bhfeidhm ar fud réimse ranna agus gníomhaireachtaí rialtais.
- Is féidir tuilleadh sonraí maidir le gach clár atá á riar ag an Roinn a fháil ag drcd.gov/drcd
- Leis an deontas €1.5 milliún a fógraíodh inniu, beidh grúpaí Bailte Slachtmhara i dteideal deontais idir €1,000 agus €4,000. Beidh gach grúpa a chur isteach ar an gcomórtas in aon cheann de na blianta 2018, 2019 nó 2021 incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Beidh Pobal, a dhéanfaidh an deontas a riar, ag déanamh teagmhála le gach grúpa incháilithe in am trátha.