An leabhar scéalta matamaitice 1, 2 Spraoi le Fighting Words seolta ag an Aire Dara Calleary
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2025
- Ghlac trí scoil (BÁC, Maigh Eo agus Gaillimh) páirt sna ceardlanna scríbhneoireachta as ar eascair an leabhar.
- Is iad na páistí scoile féin a scríobh na scéalta matamaitice atá sa leabhar.
- Is é seo an dara bliain den tionscnamh 1,2, Spraoi.
- Tá maoiniú €100,000 ceadaithe do Fighting Words ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don bhliain 2025.
Inniu (Déardaoin, 22 Bealtaine), ag ócáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an leabhar 1, 2 Spraoi – leabhar ar toradh é ar an obair sa scríbhneoireacht chruthaitheach atá ar siúl ag Fighting Words le scoileanna i gceantair thuaithe agus chathrach.
Le tacaíocht airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is tionscadal spraíúil é 1,2 Spraoi idir Fighting Words, an Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Is sampla iontach é an tionscadal 1, 2 Spraoi de na bealaí difriúla ar féidir daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge – tugtar an deis do na páistí scoile féin na scéalta matamaitice a chumadh agus a scríobh. Is é seo an dara bliain den tionscadal, agus an dara himleabhar a foilsíodh.
Bhí na ceardlanna scríbhneoireachta ar siúl i mbliana le:
- Scoil Bhreandáin, an Eachléim, an Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo;
- Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camas, Co. na Gaillimhe, agus
- Gaelscoil Bharra, an Chabrach, Baile Átha Cliath.
Agus an leabhar á sheoladh aige inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:
‘‘Is sampla iontach é an leabhar ‘1, 2 Spraoi’ de na bealaí difriúla ar féidir linn daoine óga a mhealladh i dtreo áilleacht agus shaibhreas na Gaeilge. Ní hamháin go gcothaíonn an tionscadal seo grá don Ghaeilge ach spreagann sé freisin an scéalaíocht agus an tsamhlaíocht i measc ár ndaoine óga; tá mé fíorbhródúil go bhfuil mo Roinn in ann tacú go gníomhach leis an tionscadal breá seo.
“Tá an obair atá idir lámha ag Fighting Words ríthábhachtach chun cruthaitheacht i scríobh na Gaeilge a fhorbairt i measc ár ndaoine óga agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le foilsiú an leabhair ‘1,2 Spraoi’. Mar a deir an seanfhocal – ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí.’”
Dúirt Colm Ó Cuanacháin (Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fighting Words):
“Reáchtálann Fighting Words gníomhaíochtaí scríbhneoireachta cruthaithí le páistí sna ceantair Ghaeltachta agus i nGaelscoileanna ar fud na tíre le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta. Is é seo é an dara leabhar inár sraith ‘1, 2, Spraoi’ ina bhfuil scéalta matamaitice scríofa i nGaeilge ag páistí. Beidh daoine óga eile atá ag foghlaim na matamaitice as Gaeilge in ann an-leas a bhaint as an gcnuasach scéalta iontach seo”.
Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009. Is é príomhaidhm na heagraíochta ná cuidiú le daltaí de gach aois a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a ngrá don scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúscailt.
Tugann Fighting Words deiseanna do dhaoine óga a scríbhneoireacht chruthaitheach a fhorbairt sna ceardlanna/campaí/ócáidí a bhíonn a réachtáil acu ar fud na tíre agus iad go léir saor in aisce. In 2024 reáchtáladh os cionn 1,300 ceardlann/campa/ócáid agus ghlac breis agus 25,000 dalta páirt iontu sin.
Le tacaíocht ón Roinn tá Fighting Words ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ó 2019, agus ó 2022 i leith i nGaelscoileanna thart timpeall na tíre.