Molann an tAire Ring do gach duine leas a bhaint as a leabharlann an 29 Feabhra do Lá Náisiúnta Oscailte na Leabharlann
- Foilsithe: 21 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá áthas ar an Uasal Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, a fhógairt, mar thoradh ar cé chomh maith is ar éirigh le feachtas bolscaireachta leabharlann, go dtionólfar Lá Náisiúnta Oscailte na Leabharlann lá bisigh, an 29 Feabhra sna leabharlanna poiblí. Is éard is aidhm le Lá Náisiúnta Oscailte na Leabharlann cur le feasacht an phobail faoi na seirbhísí leabharlainne agus faoin iliomad a chuirtear ar fáil leo.
Dúirt an tAire:
“Níl mórán spásanna againn ina bhfuiltear in ann am a chaitheamh gan airgead a chaitheamh. Ní ghearrtar táillí ballraíochta ná fíneálacha ar thabhairt ar ais déanach sna leabharlanna a thuilleadh. Tá sin ríthábhachtach lena chinntiú gur spás saor in aisce, a bhfuil fáilte roimh chách iontu, atá sna leabharlanna. Tá leabharlanna an-tábhachtach freisin chun comhionannas a sholáthar do leanaí nach bhfuil an rochtain chéanna ar ábhair oideachais acu is atá ag leanaí eile. Tá ról lárnach ag an oideachas ó thaobh daoine a thógáil amach as an mbochtaineacht. Is é sin an fáth go bhfuil rochtain saor in aisce ag cách ar na seirbhísí agus saoráidí leabharlainne go léir. Molaim do gach duine nár leag cos ina leabharlann áitiúil le tamall cuairt a thabhairt uirthi agus an raon seirbhísí agus saoráidí atá ar fáil inti anois a thabhairt ar aird.”
Dúirt an tAire leis:
“Cabhraíonn ár leabharlanna le pobail a thógáil agus le tarraingt ar a n-acmhainneacht. Is saoráidí pobail ríthábhachtacha iad lena gcuirtear acmhainní riachtanacha ar fáil. Bíonn siad lán spreagtha, eolais agus inspioráide.”
An 29 Feabhra, beidh imeachtaí á reáchtáil i leabharlanna ar fud na tíre chun fáilte a chur roimh gach duine. Beidh baill foirne na leabharlann ann chun a bhfuil ar fáil a thaispeáint duit.
I measc na n-imeachtaí chun Lá Náisiúnta Oscailte na Leabharlann Poiblí a cheiliúradh beidh -
- Ceardlanna i maisiú greannán agus taispeántais lásadóireachta i gCeatharlach
- Priontáil 3T agus deis casadh leis na róbait i mBaile Átha Cliath Theas
- Seisiúin chluichí cláir, club Lego agus cruinniú lucht ‘Match Attax’ i gCathair Chorcaí
- Ceardlanna déanta sláthaigh agus dathú aireachais san Iarmhí
- Taispeántais réaltachta fíorúla agus ceardlanna damhsa i Loch Garman
- Tástálacha sláinte saor in aisce i nGaillimh
- Ranganna aclaíochta agus tú i do shuí i Liatroim
- Seisiúin eolais faoin nGinealas i Lú agus i Maigh Eo
- Ceardlanna giotáir i gContae Chorcaí
Mhol Tom Enright, Cathaoirleach Choiste Forbartha na Leabharlann Náisiúnta, do gach duine cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil an 29 Feabhra agus dúirt:
“Cibé an mian leat leabhar a fháil ar iasacht, an t-idirlíon nó trealamh digiteach a úsáid, sult a bhaint as an spás don phobal agus don raon leathan gníomhaíochtaí ann, nó más fearr leat closleabhar, ríomh-leabhar nó nuachtán ar líne a íoslódáil chuig do ghléas féin, tá sin uile ar fáil duit saor in aisce le do bhallraíocht sa leabharlann. Buail isteach Dé Sathairn an 29 Feabhra agus faigh amach conas an leas is fearr is féidir a bhaint as do leabharlann.”
Dúirt an tAire, mar fhocal scoir:
“Cuireann sé iontas orm an méid a thairgtear inár leabharlanna – foghlaim dhigiteach, stiúideonna cruthaitheacha le saoráidí taifeadta agus scannánaíochta, uirlisí ceoil le fáil ar iasacht, teicneolaíocht úrnua agus ceardlanna sna hábhair STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic), ranganna códúcháin, leabharlanna céadfacha do leanaí a bhfuil uathachas orthu, spásanna ina bhféadfaidh an phobal bualadh le chéile, deasca don staidéar, saoráidí don ríomh-obair, wifi saor in aisce, priontáil 3T, agus an ghné is tábhachtaí ar fad: rogha iontach leabhar.”
Tá liosta iomlán de na leabharlanna a bheidh ar oscailt agus a mbeidh imeachtaí á reáchtáil iontu ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, anseo
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí:
Breac-chuntas ar an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí
Seirbhís áitiúil a bhfuil gné náisiúnta aici atá sa tseirbhís leabharlainne poiblí – féadfaidh baill na seirbhísí leabharlainne uile a úsáid, lena n-áirítear leabhair a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, ag leabharlann ar bith sa tír. Faigheann catalóg na leabharlainne náisiúnta poiblí tacaíocht ó sheirbhís náisiúnta seachadta – is féidir míreanna a ordú ar líne nó i bpearsa agus déantar iad a sheachadadh go tapa chuig an leabharlann áitiúil.
Is éard a chuireann leabharlanna poiblí ar fáil -
- 330 leabharlann bhrainse (lena n-áirítear 15 a chuireann an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil)
- 31 leabharlann taistil (lena n-áirítear seirbhís trasteorann amháin)
- Cuirtear na croí-sheirbhísí uile ar fáil saor in aisce, gan táillí ballraíochta ná fíneálacha as míreanna a thabhairt ar ais déanach.
- Baill in 2018 - 1,195,909
- Cuairteanna in 2018 – 17.1m
- Míreanna eisithe in 2018 – 16.7m
- 12 mhilliún mír sa bhailiúchán
- 28,000 ríomhleabhar agus 20,000 ríomh-chlosleabhar
- Rochtain ar ábhar 3,200 nuachtán, lena n-áirítear príomhnuachtáin áitiúla agus náisiúnta na hÉireann agus na príomhnuachtáin idirnáisiúnta
- Os cionn 300 iris idirnáisiúnta, ó chúrsaí faisin go gnó
- Os cionn 500 cúrsa ríomhfhoghlama ar leibhéil éagsúla agus ar raon leathan ábhar
- 114 chúrsa teanga ar líne i 32 theanga
- Uirlisí ceoil ar fáil i roinnt leabharlann
- Saintrealamh spraoi/céadfach agus/nó seomraí na gcéadfaí do dhaoine lena mbaineann neamhord de chuid speictream an uathachais nó néaltrú