English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár nOileáin Bheo: Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú do chomhlachtaí forbartha ar na hoileáin

Tá sé fógartha inniu (Dé hAoine, 23 Bealtaine) ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil maoiniú €830,900 ceadaithe do na comhlachtaí forbartha ar oileáin neamh-Ghaeltachta Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.

Is ionann seo agus ardú aon-uaire 22.2% san iomlán i gcomparáid le 2024, chun an maoiniú a thabhairt cothrom leis na comhlachtaí forbartha ar na hoileáin Ghaeltachta. Tagann sé as athbhreithniú a rinne an Roinn ar mhúnla maoinithe na gcomhlachtaí forbartha pobail ar na hoileán, mar a bhí geallta in Ár nOileáin Bheo, polasaí náisiúnta na n-oileáin 2023-2033.

Déanann Comhar na nOileán bainistiú ar riaradh an mhaoinithe agus tá maoiniú breise ceadaithe chun líonra tacaíochta agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt do na comhlachtaí forbartha seo.

Is cuspóir straitéiseach in Ár nOileáin Bheo é Pobail na nOileán a chumasú, agus tá na comhlachtaí forbartha pobail lárnach sa mhéid seo. Tacaíonn an maoiniú a chuirtear ar fáil dóibh go bliantúil go díreach le fostú oifigigh forbartha pobail agus oibrithe tacaíochta ar na hoileáin amach ón gcósta. Cuimsíonn a gcláir oibre 8 bpríomhréimse oibre, lena n-áirítear seirbhísí pobail laethúla a sholáthar, tacú le fiontraíocht shóisialta agus le gníomhaíocht eacnamaíoch ar na hoileáin, agus idirchaidreamh a dhéanamh le forais Stáit chun bonneagar a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag pobail oileáin ar sheirbhísí poiblí riachtanacha.

Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail os cionn €10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil freisin i dtreo seirbhísí iompair fóirdheonaithe lena chinntiú gur féidir lenár bpobail oileáin leas a bhaint as seirbhísí aeir, farantóireachta agus lastais throma atá iontaofa agus inacmhainne ar feadh na bliana. Ina theannta sin, cuirtear maoiniú os cionn €1 mhilliún in aghaidh na bliana ar fáil trí Údarás na Gaeltachta do 7 gcomhlacht forbartha pobail ar oileáin Ghaeltachta.

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Calleary:

“Tá comharchumainn agus comhlachtaí forbartha áitiúla lárnach i soláthar seirbhísí laethúla agus tograí forbartha ar na hoileáin. Tá áthas orm an gealltanas a tugadh in Ár nOileáin Bheo chun athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr maoinithe a chomhlíonadh. Cinntíonn an maoiniú leasaithe seo atá á fhógairt agam inniu go mbeidh an leibhéal céanna tacaíochta ar fáil anois ag ár n-oileáin ar fad, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.”

Ag cúr fáilte roimh an mhaoiniú, dúirt Máire Uí Mhaoláin, Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán:

"Fáiltíonn Comhar na nOileán roimh an ardú suntasach atá curtha ar fáil do na hoileáin neamh-Ghaeltachta chun a gclár oibre a chur i bhfeidhm. Is deá-chomhartha é go bhfuil an Rialtas tiomanta do chás na nOileán agus ag dul i dtreo plean gnímh ‘Ár nOileáin Bheo’ a sheachadadh. Cuidíonn an maoiniú seo leis na comhlachtaí pobal-bhunaithe agus na pobail ar an hoileáin neamh-Ghaeltachta a dhéanamh níos inmharthanaí. Is céim chun tosaigh é seo agus táthar ag súil go dtógfar ar an dul chun cinn seo ar bhunús leanúnach sna blianta amach romhainn.”


Nótaí d'eagarthóirí:

Aguisín 1: Maoiniú 2025

Comhlacht Forbartha

Oileán

Maoiniú 2025

Cliara Development Company DAC

Cliara, Co Mhaigh Eo

€152,000

Inishturk Community Club CLG

Inis Toirc, Co Mhaigh Eo

€152,000

Inishbofin Development Company CLG

Inis Bó Finne, Co na Gaillimhe

€152,000

Bere Island Projects Group Limited

An tOileán Mór (Béara), Oileán Baoi, Faoide, Co Chorcaí

€177,500

Sherkin Island Development Society

Inis Earcáin, Inis Fada agus Inis Uí Drisceoil, Co Chorcaí

€160,000

Comhar na nOileán riarachán

 

€27,400

Tacú – líonraí tacaíochta agus oiliúint

 

€10,000

Iomlán

 

€830,900

Tá na comhlachtaí forbartha agus comharchumainn ar na hoileáin Ghaeltachta maoinithe trí Údarás na Gaeltachta

Aguisín 2: Príomhréimsí oibre na gcomhlachtaí forbartha pobail ar na hoileáin:

  1. Soláthar seirbhíse
  2. Seirbhísí Sláinte, Sóisialta agus Cúraim, Spórt agus Folláine
  3. Oideachas agus Oiliúint
  4. Fiontraíocht shóisialta agus forbairt eacnamaíoch
  5. Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht agus Turasóireacht
  6. Bonneagar agus Comhshaol
  7. Forbairt agus Bainistíocht Inmheánach Eagraíochta, Cumarsáid, Oiliúint agus Tacaíocht
  8. Abhcóideacht Sheachtrach, Líonrú, Forbairt Beartais