English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: €219,744 fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire O'Brien do 53 tionscadal áitiúil i gCill Dara faoin gCiste Gníomhaíochtaí Pobail 2021

  • Tionscadail ar éirigh leo faoi Chiste Gníomhaíochtaí Pobail 2021 fógartha ag na hAirí
  • Deontais bheaga le dul chun leasa grúpaí pobail ar fud Cill Dara

Tá na tionscadail ar éirigh leo i gCill Dara faoi Chiste Gníomhaíochtaí Pobail 2021 fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien TD.

Seoladh Ciste Gníomhaíochtaí Pobail 2021 i mí na Samhna, 2021, a raibh maoiniú €9 milliún ar fáil leis. Fuair Cill Dara leithroinnt €296,027 ón Roinn faoin gciste. Is é príomhthéama an chiste tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí, go mór mór i gceantair faoi mhíbhuntáiste, i leith costais reatha amhail billí fóntais nó billí árachais, mar aon le costais a bhaineann le feabhsúcháin a dhéanamh ar a gcuid saoráidí.

Is ciste aon uaire é an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail arna chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá sé á riar ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil i ngach ceantar, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil.

Liosta de na tionscadail ar éirigh leo i gCill Dara

Is éard a dúirt an tAire Humphreys inniu agus í ag fógairt na dtionscadal seo ar éirigh leo i gCill Dara:

"Tá ríméad orm maoiniú ar fiú beagnach €220,000 é a fhógairt inniu do 53 tionscadal áitiúil ar fud Chontae Cill Dara mar chuid de Chiste Gníomhaíochtaí Pobail de chuid mo Roinne. Leis an mbeartas 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann', ba mhaith liom tacú le tionscadail atá á dtreorú ag muintir na háite, ón mbun aníos, i bpobail áitiúla ar fud na tíre. Bun agus barr an mhaoinithe seo ná lámh chúnta a thabhairt do ghrúpaí agus clubanna áitiúla na tíre a lean orthu ag freastal ar a bpobal féin le linn phaindéim Covid-19. Cé gur deontais bheaga iad seo, d'fhéadfaidís an-difríocht a dhéanamh mar go gcuirfidh siad ar chumas eagraíochtaí pobail áitiúla tabhairt faoi obair atá ag teastáil go géar sa cheantar."

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

"De réir mar a thagaimid amach as an bpaindéim, tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo ar chumas na ngrúpaí pobail seo leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá ar bun acu. Leis an maoiniú seo cuirtear leis an líon tionscadal, os cionn 8,000 acu, a bhfuil tacaíocht faighte acu cheana féin faoin gClár um Fheabhsú Pobail de chuid mo Roinne le roinnt blianta anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Cill Dara agus a Coiste Forbartha Pobail Áitiúil as an gcúnamh a thug siad maidir leis an gciste seo a riar.”

Seo mar a labhair an tAire O'Brien agus na tionscadail ar éirigh leo á bhfógairt:

**"Cuirtear réimse deontas beag, atá thar a bheith luachmhar, ar fáil leis an gCiste Gníomhaíochtaí Pobail chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí pobail agus do shaoráidí níos lú a thacaíonn leis an bpobal óna n-áit i measc an ghnáthphobail. Tá a fhios agam gur uirlis thábhachtach é an maoiniú seo chun cabhrú leis na grúpaí seo agus bhí tuiscint faoi leith againn ar thionchar COVID-19, sa chaoi go mbeadh tacaíochtaí ag teastáil ó go leor grúpaí chun cuidiú leo athoscailt agus iad féin a chur ar a mboinn arís go hiomlán. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le lucht eagraithe na dtionscadal ar éirigh leo, agus buíochas a ghabháil leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad chun seirbhísí a chur ar fáil ina bpobal áitiúil. ”


CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Tá an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail dírithe ar shaoráidí a fheabhsú i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirtear deontais bheaga ar fáil leis do ghrúpaí pobail ar bhealach atá ag teacht le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail gach limistéir.
  • Seoladh an Ciste Gníomhaíochtaí Pobail i Samhain 2021. Leithdháiltear an ciste aon uaire faoin gClár um Fheabhsú Pobail de chuid na Roinne.
  • Is Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDCanna) ar fud na tíre a dhéanann an maoiniú a riar go háitiúil, le cúnamh óna nÚdarás Áitiúil. Tá sonraí teagmhála na LCDCanna ar fáil anseo.
  • Liosta de leithdháiltí contae