English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Cás Gnó do Ché Inis Oírr ceadaithe ag an Aire Humphreys

  • Tionscadal a bhfuiltear ag súil leis le fada le tabhairt ar aghaidh anois chuig an gcéad chéim eile

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D., go bhfuil an Cás Gnó do Ché Inis Oírr ceadaithe aici.

Tá an togra seo liostáilte mar cheann de thograí infreastuchtúr an Rialtais faoi Phlean Tionscadal Éireann 2040.

Tabharfaidh an fhorbairt seo aghaidh ar shaincheisteanna sábháilteachta atá ann le blianta anuas, an chontúirt a bhaineann le tonnta ag briseadh thar an ché ach go háirithe.

Anuas ar sin, tá an togra dírithe ar réiteach a fháil ar dhúshláin eile ag eascairt as an líon turasóirí agus báid farantóireachta a bhíonn ag baint úsáid as Cé Inis Oírr.

Agus an cás gnó faofa anois ag an Aire, tá cead dhá thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe gluaiseacht ar aghaidh leis an chéad chéim eile den fhorbairt ar a n-áirítear tairiscintí a lorg don obair.

Ag fógairt a cead don Chás Gnó inniu dúirt an tAire Humphreys:

"Tuigim go rímhaith an tábhacht mhór a bhaineann leis an bhforbairt seo do phobal Inis Oírr, agus táim sásta mo cheadú a thabhairt don tionscadal.

"Tugtar gealltanas i mbeartas nua uaillmhianach an Rialtais d'fhorbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ríthábhachtach do phobail atá ag cur fúthu ar oileán na hÉireann. Tá togra chéibh Inis Oírr ríthábhachtach do thodhchaí an oileáin agus do shábháilteacht na ndaoine a úsáideann an calafort, muintir an oileáin agus cuairteoirí araon.

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le hoifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe a d'oibrigh ar an gCás Gnó agus a d'ullmhaigh é i gcomhar le hoifigigh mo Roinne.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'obair Chomhaltaí áitiúla an Oireachtais a casadh orm i dteannta a chéile cúpla seachtain ó shin agus atá go mór i bhfách leis an tionscadal seo a thabhairt i gcrích ar Inis Oírr.

"Tá áthas orm a dheimhniú go bhféadfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leanúint ar aghaidh leis an gcéad chéim eile den tionscadal."