Eiléana Nic an tSaoi
-
Ó: An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; An Roinn Cosanta
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2025
Is í Helen McEntee Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ceapadh í sa ról seo ar an 18 Samhain 2025. Tá sí ina hAire Cosanta freisin.
Roimhe seo, bhí sí ina hAire Oideachais agus Óige ó Eanáir 2025, agus ina hAire Dlí agus Cirt ó Mheitheamh 2020.
Toghadh Helen chuig Dáil Éireann i bhFothoghchán i mí an Mhárta 2013, agus atoghadh í in olltoghchán mhí Feabhra 2016.
Ceapadh an Teachta McEntee ina hAire Sláinte Meabhrach agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mí na Bealtaine 2016.
I mí an Mheithimh 2017, tugadh ardú céime don Aire McEntee go dtí post Aire Stáit um Ghnóthaí AE.
Bhí sí ina ball roimhe seo de Choiste an Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, agus bhí sí ina ball de Choiste an Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht freisin.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Ms McEntee ag helen.mcentee@oireachtas.ie.