Chlár Tosaíochtaí agus Beartais d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 a Fhorbairt
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Samhain 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2026
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Teachtaireacht sheolta físe – an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha
- Conas aighneacht a dhéanamh
- Cosaint Sonraí
- Conas a úsáidfear an t-aiseolas
- Toradh an chomhairliúcháin
Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE). Tá an Rialtas ag lorg tuairimí ó gheallsealbhóirí intíre agus ó phobal na hÉireann maidir le forbairt thosaíochtaí agus chlár beartais Uachtaránacht na hÉireann.
Trí na comhairliúcháin seo, tá faoin Rialtas breathnuithe, moltaí agus machnaimh a bhailiú ar an gcaoi is fearr a fhéadfaidh Éire a ról Uachtaránachta a chomhlíonadh; a chinntiú go mbunófar clár beartais na hUachtaránachta ar mheonta éagsúla ó shochaí na hÉireann; agus saincheisteanna, téamaí agus réimsí beartais ar fud an AE a aithint ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu le linn Uachtaránacht na hÉireann.
Teachtaireacht sheolta físe – an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha
Conas aighneacht a dhéanamh
Seoladh an comhairliúchán an 5 Samhain 2025 agus ba é an 12 Nollaig 2025 an spriocdháta chun aighneachtaí scríofa a fháil. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le cách as a dtuairimí agus a gcuid ionchuir sa phróiseas comhairliúcháin. Má bhíonn aon cheist agat, seol chuig EUPresidency2026Consultations@dfa.ie í.
Cosaint Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, ina mínítear conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh, agus conas a láimhseálaimid an fhaisnéis seo. Mínítear ann, leis, do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas na cearta sin a fheidhmiú. Féadfar sleachta gan ainm ó aighneachtaí aonair a áireamh i dtuarascálacha inmheánacha agus foilsithe. Cé go mbreithneoidh an Roinn go cúramach gach tuairim agus moladh a gheofar, níl fúithi freagra a thabhairt ar aighneachtaí aonair.
Gach freagra a gheofar ar an gcomhairliúchán seo, beidh sé faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Conas a úsáidfear an t-aiseolas
Breithneofar an t-aiseolas a gheofar ó aighneachtaí mar chuid d’fhorbairt thosaíochtaí agus chlár beartais Uachtaránacht na hÉireann. Ullmhóidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tuarascáil théamach achomair agus roinnfear í le Ranna Rialtais eile trí struchtúir chomhordaithe idir-rannacha ábhartha.
Foilseofar an tuarascáil théamach achomair, mar aon leis na haighneachtaí uile a fuarthas, ar leagan nuashonraithe den leathanach seo a luaithe a chríochnófar an próiseas comhairliúcháin.
Toradh an chomhairliúcháin
Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE). Mar chuid de fhorbairt thosaíochtaí agus chlár beartais Uachtaránacht na hÉireann, d'iarr an Rialtas tuairimí pháirtihte leasmhara intíre agus phobal na hÉireann.
Tríd an gcomhairliúchán poiblí, rinne an Rialtas iarracht breathnuithe, moltaí agus machnaimh a bhailiú maidir leis an gcaoi is fearr is féidir le hÉirinn a ról Uachtaránachta a chomhlíonadh; a chinntiú go bhfuil clár beartais na hUachtaránachta bunaithe ar mheonta éagsúla ó shochaí na hÉireann; agus saincheisteanna, téamaí agus réimsí beartais uile-AE a aithint ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu le linn Uachtaránacht na hÉireann.
Tá an t-aiseolas a fuarthas ó aighneachtaí á bhreithniú faoi láthair mar chuid de fhorbairt thosaíochtaí agus chlár beartais Uachtaránachta na hÉireann. Ina theannta sin, cuireadh na haighneachtaí go léir ar fáil do gach foireann Uachtaránachta de chuid na ranna Rialtais chun tacú le ranna ina bpleanáil agus ina n-ullmhúcháin Uachtaránachta earnáil-shonracha.
Aighneachtaí a fuarthas
Tá na haighneachtaí a fuarthas chuig an gcomhairliúchán poiblí ar fáil thíos. Tá siad eagraithe in ord aibítre agus grúpáilte de réir pé acu a chuir duine aonair nó eagraíocht isteach iad. Tá na haighneachtaí go léir a fuarthas i bhformáid nach doiciméad Word iad tiontaithe go doiciméad Word chun críocha inrochtaineachta. Folaíodh an fhaisnéis phearsanta ábhartha go léir, cé nár folaíodh ainmneacha aon phearsana poiblí. Níor foilsíodh aighneachtaí ná fuarthas toiliú iad a fhoilsiú.
I gcás ina dtugann freagróirí ceangaltáin bhreise chun tacú lena n-aighneacht, léirítear é seo le réalta (*). Foilseofar na ceangaltáin bhreise seo sna seachtainí amach romhainn a luaithe a bheidh na foluithe riachtanacha go léir curtha i bhfeidhm.
- Aighneachtaí aonair
- Aighneachtaí eagraíochta (0-9 agus siombailí)
- Aighneachtaí eagraíochta (A-B)
- Aighneachtaí eagraíochta (C)
- Aighneachtaí eagraíochta (D-E)
- Aighneachtaí eagraíochta (F-H)
- Aighneachtaí eagraíochta (I)
- Aighneachtaí eagraíochta (K-N)
- Aighneachtaí eagraíochta (O-R)
- Aighneachtaí eagraíochta (S)
- Aighneachtaí eagraíochta (T-Z)
Tuarascáil achomair théamach
Tá an t-aiseolas a fuarthas ó aighneachtaí á bhreithniú faoi láthair mar chuid d’fhorbairt chlár tosaíochtaí agus beartais Uachtaránacht na hÉireann, a fhoilseofar i mí an Mheithimh 2026. Ullmhóidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tuarascáil achomair ar aighneachtaí agus táthar ag súil go bhfoilseofar í faoi Bhealtaine/Meitheamh 2026.