Plean Athnuachana na Státseirbhíse

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Plean Athnuachana na Státseirbhíse

An 30 Deireadh Fómhair 2014 sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Taoiseach Plean Athnuachana na Státseirbhíse. Cuimsítear sa Phlean uaillmhianach seo fís agus plean gnímh trí bliana chun Státseirbhís na hÉireann a athnuachan.

Cuirtear príomh-ghealltanas ón gClár don Rialtas i bhfeidhm leis an bPlean Athnuachana agus léirítear ann fís agus treoir nua don Státseirbhís.

Le linn an phróisis rannpháirtíochta don Chlár Athnuachana labhraíodh le beagnach 2,000 ball foirne agus geallsealbhóir chun a dtuairimí a fháil maidir leis na nithe a n-éiríonn go maith leo sa Státseirbhís agus na nithe nach mór a athrú.

Dírítear sa Phlean Athnuachana ar athrú praiticiúil a bhrú chun cinn trí 25 shainghníomh i gceithre phríomhréimse:

1. Aontaithe – An Státseirbhís a bhainistiú mar aon eagraíocht aontaithe amháin

2. Gairmiúil – Feidhmíocht agus lánacmhainneacht gach fostaí agus gach eagraíocht de chuid na Státseirbhíse a uasmhéadú

3. Freagrúil – Ár gcultúr, ár struchtúr agus ár bpróisis a athrú ionas go mbeimid níos fuinniúla, níos solúbtha agus níos freagrúla.

4. Oscailte agus Cuntasach – A bheith ag foghlaim agus ag feabhsú go leanúnach trí fháilte a chur roimh smaointe, dúshláin agus plé ón taobh amuigh.

Oifig Bainistithe an Chláir Athnuachana i bhfeidhm anois agus tá tús curtha leis an obair ag Bord Bainistithe na Státseirbhíse.

Tuilleadh Eolais

Má tá aon léargas nó tuairim agat faoin bPlean nó faoina chur i bhfeidhm, cuir ar aghaidh ar ríomhphost iad chuig csrenewal@per.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat