An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An Breatimeacht agus Tusa
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 i ndiaidh don dá thaobh Comhaontú um Tharraingt Siar a shocrú d’fhonn imeacht ordúil a éascú.
Rinneadh foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar d’idirthréimhse, agus tháinig deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020. Tá athruithe ollmhóra agus buana i gceist mar gheall ar chinneadh na RA imeacht as an AE.
Is féidir leat eolas a fháil anseo faoi mar a imreofar tionchar ar sheirbhísí ar nós baincéireacht, siopadóireacht ar líne, cearta tomhaltóirí agus fánaíocht shoghluaiste.
Táimid ag oibriú chun an láithreán gréasáin seo a choinneáil cothrom le dáta. Seiceáil an láithreán arís ar bhonn rialta toisc go gcuirfear eolas breise ar fáil nuair a bheidh teacht air.
An Breatimeacht agus Tusa – Eolas Tábhachtach do Shaoránaigh
Bí ar an eolas
Le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí:
- Bí ag leanúint Getting Ireland Brexit Ready ar Twitter. Is é @BrexitReadyIRL an príomhchuntas Twitter atá ag an Rialtas chun an nuacht is déanaí a fháil faoin mBreatimeacht.
- Léigh An Plean Gníomhaíochta um Ullmhú don Bhreatimeacht ón Rialtas.
- Léigh an tsraith Ceisteanna agus Freagraí ón AE maidir le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020.
- Sonraí teagmhála do phríomhsheirbhísí Breatimeachta - más gá duit glaoch orainn agus anseo.
Cliceáil anseo chun filleadh ar Éire a Ullmhú don Bhreatimeacht.