Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comórtas Cheannairí Óga na h Éireann Domhanda


Cúlra

Is comórtas é Clár Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda a spreagann daltaí na hIdirbhliana in Éirinn agus daltaí na Bliana 11/12 i dTuaisceart Éireann chun machnaimh ar ról na tíre sa domhan ar shlí neamhspleách, cruthaitheach.

Iarratasóirí a n-éiríonn leo, beidh deis acu obair sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann a fheiceáil go díreach trí chlár trí lá a bheidh á reáchtáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath mar dhuais.

Gheobhaidh daltaí an deis taithí a fháil ar shaol na taidhleoireachta agus na ngnóthaí eachtracha trí cheardlanna idirghníomhacha, plé ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus cuairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 2026, beidh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn, den ochtú huair, ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Mar chuid de chlár Ceannairí Óga na hÉireann Domhanda in 2026, díreofar go sonrach ar Éirinn agus an tAontas Eorpach, agus ar an Uachtaránacht.

Comórtas

De réir mar a éiríonn an domhan níos casta agus níos idirnasctha, is tábhachtaí ná riamh guth na ndaoine óga chun cabhrú le rialachas domhanda a mhúnlú. B mhaith linn cloisteáil ó aos óg na hÉireann faoin gcaoi a bhfeiceann siad a ról amach anseo i gcomhar idirnáisiúnta, i gceannaireacht agus i bpróisis chinnteoireachta.

Tábhacht dhearchaí na hóige i mbeartas eachtrach

De réir mar a éiríonn an domhan níos casta agus níos idirnasctha, is tábhachtaí ná riamh guth na ndaoine óga chun cabhrú le rialachas domhanda a mhúnlú. B mhaith linn cloisteáil ó aos óg na hÉireann faoin gcaoi a bhfeiceann siad a ról amach anseo i gcomhar idirnáisiúnta, i gceannaireacht agus i bpróisis chinnteoireachta.

Formáid

Ní mór iontrálacha aistí scríofa nach mó ná 500 focal nó físeán nach mó ná 90 soicind ar théama an chomórtais a chur isteach. Fáilteofar roimh iontrálacha i I nGaeilge nó i mBéarla.

Painéal saineolaithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanfaidh breith ar na haighneachtaí.

I d’iarratas, beidh an painéal moltóireachta ag súil go mbeidh tú in ann do chreidimh agus do dhearcthaí a chur in iúl ar shlí shoiléir, ghonta agus smaointeoireacht chruthaitheach, chriticiúil á léiriú agat i do chur chuige.

Cuirfear na critéir shonracha seo a leanas i bhfeidhm agus aighneachtaí á mbreith:

  • Ábharthacht don téama
  • Úrnuacht
  • Léargais/machnamh criticiúil
  • Stíl agus cur i láthair

Conas cur isteach

Iarrtar ar scoileanna uasmhéid dhá iontráil in aghaidh na scoile a ainmniú. B’fhéidir go mbeadh scoileanna ag iarraidh comórtais réamhchéime a reáchtáil nó beirt daltaí a roghnú le cur isteach.

Chun cur isteach, ba chóir don chomhordaitheoir Idirbhliana/don mhúinteoir ábhartha ríomhphost a sheoladh chuig youngleaders@dfa.ie chun an t-iarratas a chur isteach thar ceann an dalta. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas sa ríomhphost:

  1. Ainm iomlán an dalta
  2. Ainm iomlán na scoile
  3. Ainm chomhordaitheoir na Idirbhliana/an mhúinteora ábhartha

d. Píosa scríofa mar cheangaltán Word NÓ má tá físeán á chur isteach agat iarr nasc Comhroinnte le go n-uaslódáilfear an comhad.

Is é Dé hAoine an 30 Eanári 2026 an spriocdháta d’aighneachtaí. Beidh an clár ar siúl go sealadach an tseachtain dar tosach 23 Márta 2026.

Incháilitheacht

Tá an comórtas seo ar oscailt do dhaltaí Idirbhliana in Éirinn agus do dhaltaí Bliain 11/Bliain 12 i dTuaisceart Éireann.

Duais an Chomórtais

Clár trí lá a bheidh mar dhuais, a thabharfaidh deis do mhic léinn taithí a fháil ar obair taidhleora, lena n-áirítear ceardlanna idirghníomhacha, plé ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus deis cuairt a thabhairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath.

Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an clár ar siúl. Téigh i dteagmháil le YoungLeaders@dfa.ie le do thoil má theastaíonn tacaíocht ó do scoil le costais taistil agus lóistín.

Rialacha

  1. Ní mór gurb í do chuid oibre féin a bheidh san iarratas. Má luaitear saothair daoine eile nó téacsanna oifigiúla, cuimhnigh tagairt a dhéanamh don fhoinse. Tá an ceart agat trealamh físe a fháil ar iasacht ó do scoil agus daoine eile a earcú chun cabhrú leis an scannánú.
  2. Déanfaidh an painéal moltóireachta measúnú ar na hiontrálacha go léir agus roghnóidh siad iarratasóirí chun páirt a ghlacadh sa chlár trí lá sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Is é cinneadh an phainéil moltóireachta an cinneadh deiridh.
  3. Beidh sé de cheart ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála aon iontrálacha chuig an gcomórtas a fhoilsiú nó a dhúbláil ar shlí eile, mar aon le hainm an údair.
  4. Ní féidir aon ábhair chóipchirt (ceol, íomhánna, srl.) a úsáid don chomórtas seo mura bhfuil an cóipcheart agat nó mura bhfuil ceadúnas agat an t-ábhar a úsáid don chomórtas seo. Ní mór cead i scríbhinn a fháil agus a sholáthar ar iarratas i gcás gach ábhair chóipchirt.
  5. Má roghnaítear thú mar bhuaiteoir an chomórtais, ní mór foirm cheada tuismitheora a shíniú agus a chur isteach mar aon le sonraí faoi pholasaí árachais na scoile.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat