Comórtas Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comórtas Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda


Nuashonrú ar chlár 2026

Tá Clár Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda 2026 críochnaithe anois. I mbliana, ghlac 30 dalta ón Idirbhliain agus ó Bhliain 11/12 ó gach cearn d'oileán na hÉireann páirt sa chlár, áit ar bhreithnigh na daltaí ról na hÉireann ar fud an domhain ar bhealach neamhspleách, cruthaitheach.

Chonaic na daltaí obair sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann go díreach trí chlár trí lá a reáchtáil an Roinn GnóthaíEachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath. Fuair na daltai an deis taithí a fháil ar shaol na taidhleoireachta agus na ngnóthaíeachtracha trí chuairteanna Airi Rialtais, ceardlanna idirghníomhacha, plé ar obair ENRanna idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus cuairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath.

Ós rud é go mbeidh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn den ochtú huair ón 1 lúil go dtí an 31 Nollaig 2026, bhí fócas ar leith ar Éirinn agus ar an Aontas Eorpach, agus ar an Uachtaránacht atá romhainn, i gclár Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda in 2026.

Osclófar iarratais don chéad eagrán eile de Chlár Cheannairi Óga na hÉireann Domhanda níos déanaí in 2026. Lean an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar na meáin shóisialta le fanacht ar an eolas faoin gclár. Do gach fiosrúcháin, scríobh chuig youngleaders@dfa.ie.

Cúlra

Is comórtas é Clár Cheannairí Óga na hÉireann Domhanda a spreagann daltaí na hIdirbhliana in Éirinn agus daltaí na Bliana 11/12 i dTuaisceart Éireann chun machnaimh ar ról na tíre sa domhan ar shlí neamhspleách, cruthaitheach.

Iarratasóirí a n-éiríonn leo, beidh deis acu obair sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann a fheiceáil go díreach trí chlár trí lá a bheidh á reáchtáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath mar dhuais.

Gheobhaidh daltaí an deis taithí a fháil ar shaol na taidhleoireachta agus na ngnóthaí eachtracha trí cheardlanna idirghníomhacha, plé ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus cuairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 2026, beidh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn, den ochtú huair, ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Mar chuid de chlár Ceannairí Óga na hÉireann Domhanda in 2026, díreofar go sonrach ar Éirinn agus an tAontas Eorpach, agus ar an Uachtaránacht.

Incháilitheacht

Tá an comórtas seo ar oscailt do dhaltaí Idirbhliana in Éirinn agus do dhaltaí Bliain 11/Bliain 12 i dTuaisceart Éireann.

Duais an Chomórtais

Clár trí lá a bheidh mar dhuais, a thabharfaidh deis do mhic léinn taithí a fháil ar obair taidhleora, lena n-áirítear ceardlanna idirghníomhacha, plé ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus deis cuairt a thabhairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath.

Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an clár ar siúl. Téigh i dteagmháil le youngleaders@dfa.ie le do thoil má theastaíonn tacaíocht ó do scoil le costais taistil agus lóistín.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat