Brollaigh
Brollach ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Tá áthas orm an Ráiteas Straitéise seo don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a fhoilsiú, lena gcumhdaítear an tréimhse 2026 – 2029. Leagtar amach sa doiciméad seo misean na Roinne, mar aon le spriocanna ardleibhéil agus torthaí agus aschuir insoláthartha is mian linn a bhaint amach agus an misean sin á shaothrú againn.
Táimid ag feidhmiú anois i gcomhthéacs idirnáisiúnta a bhíonn ag athrú i gcónaí agus a bhíonn dúshlánach. Tagann dúshláin nua chun cinn beagnach gach lá, nach mbeadh an chuid is mó díobh tuartha ag formhór na ndaoine cúpla bliain ó shin. I bhfianaise na héiginnteachta domhanda agus an bhrú mhéadaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an iltaobhachas, tá tiomantas na hÉireann dár mbunluachanna fós daingean. Leanfaimid dár dtathant láidir comhsheasmhach ar son timpeallacht idirnáisiúnta atá cobhsaí agus slán, ar son an chórais iltaobhaigh a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, agus ar son chearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta, agus leanfaimid dár rannchuidiú leo, ar feadh thréimhse feidhme an ráitis straitéise seo.
Beidh an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn ar feadh dhara leath na bliana 2026. Tá an-dul chun cinn déanta ar an ullmhúchán anois agus táimid dírithe ar uachtaránacht rathúil a bhaint amach a mbeidh ár luachanna mar bhonn agus thaca aici, agus príomhdhíriú á leagan ar an tslándáil agus ar an iomaíochas. Taobh amuigh den Uachtaránacht, leanfaidh Éire de chlár oibre an Aontais Eorpaigh a threorú agus a mhúnlú agus í ag obair i dtreo tionchar níos doimhne fós a bheith aici ar fud na mbeartas polaitiúil, eacnamaíoch, trádála, daonnúil, forbartha, aeráide agus slándála.
Tá ár dtacaíocht don Úcráin gan staonadh, agus leanfaimid dá chinntiú go mbeidh an Úcráin fós chun tosaigh ar an gclár oibre idirnáisiúnta agus ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh. Breis agus ceithre bliana tar éis thús an chogaidh, tá an staid dhaonnúil fós tromchúiseach. Leanfaidh Éire de thacaíocht dhaonnúil, forbartha, bonneagair chriticiúil agus cosanta a sholáthar, d’argóint a dhéanamh ar son smachtbhannaí láidre mar fhreagairt do chogadh ionsaitheach neamhdhleathach na Rúise, agus de thacú le hiarrachtaí téarnaimh na hÚcráine agus dá conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach.
Tá an Ráiteas Straitéise seo á sheoladh le linn tréimhse éagobhsaíochta suntasaí sa Mheánoirthear. Sna blianta amach romhainn, leanfaidh Éire de cheannaireacht a thabhairt go hidirnáisiúnta chun tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil sa Mheánoirthear, agus í ag tathant ar son réiteach síochánta díospóidí trí idirphlé agus trí thaidhleoireacht, bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar chloí iomlán leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Maidir le gnóthaí Iosrael agus na Palaistíne, leanfaimid de thacaíocht a thógáil dár gcreideamh bunúsach gurb é cur chun feidhme an réitigh dhá Stát an t-aon réiteach síochánta atá cóir agus inbhuanaithe do Phalaistínigh agus d’Iosraelaigh araon. Leanann ár seirbhísí pasanna agus consalachta de thacaíocht den scoth a sholáthar do shaoránaigh Éireannacha sa tír seo agus thar lear, agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann leis an tacaíocht sin lenár bhfreagairt do ghéarchéimeanna ar fud na cruinne, lena n-áirítear an ghéarchéim a thit amach le déanaí ar fud an Mheánoirthir agus na Murascaille. Leanfaimid dár soláthar seirbhíse a fhorbairt agus a fheabhsú chun dul chun tairbhe do shaoránaigh agus do gach duine a bhfreastalaímid orthu sna blianta atá amach romhainn.
Trínár gCúnamh Oifigiúil um Fhorbairt, leanfaimid de thacaíocht a thabhairt dóibh siúd is faide ar gcúl ar dtús, de fhreagairt go tapa do ghéarchéimeanna daonnúla atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, agus d’fheabhas a chur ar ár dtacaíocht do shaincheisteanna tosaíochta, lena n-áirítear an gníomhú ar son na haeráide, an comhionannas inscne, agus an rialachas neartaithe.
Tá Éire ag seasamh sa toghchán don Chomhairle um Chearta an Duine don téarma 2027-2029. Beidh ár gcur chuige i leith comhaltais bunaithe ar ár dtiomantas seanbhunaithe do sheasamh le cearta an duine agus leis na luachanna atá cumhdaithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.
Oibreoimid chun caidreamh domhanda na hÉireann a neartú agus chun ár dtrádáil agus ár rathúnas a bhrú chun cinn, lena n-áirítear trínár líonra láidir 107 misean taidhleoireachta, rud a bhfuil leathnú suntasach tagtha air faoi Éire Dhomhanda 2025. Rannchuideoimid go gníomhach le forbairt Éire Dhomhanda 2040, chun uaillmhian na hÉireann maidir le caidreamh domhanda a leagan amach sna deich mbliana amach romhainn agus ina dhiaidh sin.
Tá éagsúlú trádála fós ina phríomhaidhm dár mbeartas eacnamaíoch foriomlán agus leanfaidh mé d’Fhóram Trádála an Rialtais a stiúradh, rud a éascóidh caidreamh idir Airí iomchuí, Gníomhaireachtaí Stáit iomchuí, eagraíochtaí gnó iomchuí, ceardchumainn iomchuí agus grúpaí ionadaíocha iomchuí eile maidir leis na forbairtí agus na deiseanna trádála is déanaí atá ag teacht chun cinn.
Ní féidir glacadh leis go mbeidh oibriú cobhsaí éifeachtach institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta ann i gcónaí, agus táimid tiomanta do dhul chun cinn a chothú maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe ina dhiaidh sin a chur chun feidhme, maidir leis an tsíocháin, maidir le dul chun cinn polaitiúil, agus maidir le hathmhuintearas feabhsaithe i dTuaisceart Éireann agus ar fud na n-oileán seo. Leanfaimid freisin dár gcaidreamh leis an Ríocht Aontaithe a neartú ar bhonn Chomhráiteas na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann 2030.
Ní ar leithligh a dhéantar obair na Roinne seo, agus aithním go mbeidh na caidrimh dhearfacha oibre atá againn le ranna eile rialtais agus le gníomhaireachtaí stáit ríthábhachtach chun go leanfaimid de rath a bhaint amach. Táimid tiomanta d’obair a dhéanamh mar chuid d’Fhoireann Éireann chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint amach d’Éirinn agus do gach saoránach trínár gcaidrimh sheachtracha.
Táim ag tnúth le bheith ag obair i ndlúthchomhar le Neale Richmond TD, an tAire Stáit um Fhorbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra, agus le Thomas Byrne TD, an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, mo chomhghleacaithe Aireachta, chun ár gcuspóirí a bhaint amach sa tréimhse atá amach romhainn.
Helen McEntee TD, An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Brollach ó na hAirí Stáit
Tá an Ráiteas Straitéise seo á sheoladh le linn tréimhse ríthábhachtach don Eoraip agus dá muintir, agus de réir
mar a ullmhaíonn Éire do ról suntasach ceannaireachta a ghlacadh inár nUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais
Eorpaigh.
Tá ullmhúchán fairsing déanta againn chun Uachtaránacht rathúil ar an Aontas Eorpach a sholáthar, lena n-áirítear trí chomhairliúchán cuimsitheach le geallsealbhóirí, rud a bhí ina chuid bhunúsach luachmhar dár gcuid oibre. Fáiltím roimh an díriú a leagtar sa Ráiteas Straitéise seo ar chaidreamh leantach le saoránaigh na hÉireann maidir le gnóthaí Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear tríd an Tionscnamh um an Eoraip a Chur i Láthair, tar éis na hUachtaránachta ar an Aontas. Ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfimid réaltachtaí agus tairbhí ár mballraíochta den Aontas Eorpach in iúl do phobail ar fud na hÉireann.
Beidh ár nUachtaránacht ar an Aontas Eorpach ina príomhthréimhse inár n-aistear Eorpach de réir mar a ibrímid chun ár dtionchar san Eoraip a neartú agus chun ár rannpháirtíocht i saincheisteanna Aontais Eorpaigh a mhéadú. Cinnteoimid go ndéanfar seasamh, tionchar agus cáil na hÉireann san Aontas Eorpach a choinneáil ar bun agus a bhreisiú.
Le linn ár nUachtaránachta ar an Aontas Eorpach agus sa tréimhse ina diaidh, beidh ról lárnach réamhghníomhach ag Éirinn i múnlú a dhéanamh ar Aontas Eorpach a bheidh ina léiriú ar luachanna agus leasanna na hÉireann ina chuid beartas agus uaillmhianta. Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise seo ár n-uaillmhianta chun tosaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear iomaíochas agus clár oibre uaillmhianach
trádála Aontais Eorpaigh, méadú an Aontais, agus an smacht reachta.
Táim ag súil le hobair le mo chomh-Airí agus le comhghleacaithe sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun na saincheisteanna sin a chur chun cinn ar mhaithe lenár saoránaigh.
Thomas Byrne TD, An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint
Fáiltím roimh fhoilsiú an Ráitis Straitéise nua seo, a seoladh agus Éire ag leanúint ar aghaidh ag athdhearbhú ár dtiomantais do thacaíocht a thabhairt dóibh siúd is faide ar gcúl, agus tráth atá an cistiú d’obair forbartha agus d’obair dhaonnúil ag laghdú ar fud an domhain. Sa bhliain 2026, déanfar an leithdháileadh Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt is mó riamh. Leis an gcistiú sin, tacófar lenár príomhghealltanais maidir le gníomhú ar son na haeráide, le comhionannas inscne, agus le laghdú na bochtaineachta agus an ocrais, agus tabharfar aghaidh ar an riachtanas daonnúil i gcomhthéacs idirnáisiúnta a bhíonn ag éirí níos luainí. Sna blianta atá amach romhainn, leanfaidh Éire de sheasamh ar son ár luachanna agus den iltaobhachas agus de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chosaint agus a chur chun cinn.
Leagtar amach i straitéis nua diaspóra, a seoladh ní ba luaithe i mbliana, conas atá sé beartaithe againn freastal ar riachtanais athraitheacha na bpobal Éireannach ar fud an domhain, agus ár gcaidreamh le pobail diaspóra a neartú. Déanfaimid é sin trí oibriú trí phríomhthéamaí amhail folláine agus tathant, féiniúlacht agus cultúr, nasc agus rannchuidiú, agus leanfar freisin den obair chun tacú leo siúd ar mhaith leo filleadh ar Éirinn.
Táim ag súil le tacú le cur chun feidhme na straitéise seo, agus mé ag obair le mo chomh-Airí agus le foireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sa tír seo agus thar lear.
Neale Richmond TD, An tAire Stáit um Fhorbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra
Brollach ón Ard-Rúnaí
Is é atá sa Ráiteas Straitéise seo ná léiriú cuimsitheach ar an gcaoi a n-oibreoidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dtreo ár misean a bhaint amach, mar atá freastal ar Éirinn, ár gcuid luachanna agus leasanna a chur chun cinn thar lear, agus ár gcuid a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir le hÉirinn an tairbhe is mó is féidir a bhaint as gach réimse dá caidreamh seachtrach. Treoróidh sé ár ngnáthobair laethúil, ár bpleanáil gnó, agus ár bpróisis athbhreithniúcháin chun a chinntiú go mbainfimid ár spriocanna ardleibhéil amach, a chuimsíonn gach réimse de sholáthar na Roinne.
Tá rún daingean ag an mbreis agus 3,400 ball foirne atá sa Roinn anois a chinntiú go leanfaimid de sheirbhís phoiblí den scoth a sholáthar do shaoránaigh Éireannacha sa tír seo agus thar lear. Chomh maith le suíomhanna ar an oileán seo, táimid ag oibriú anois i 107 suíomh thar lear, agus Ard-Chonsalachtaí oscailte in Malaga agus in Melbourne anois. Mar gheall ar ár lorg leathnaithe thar lear, ar an gcur chuige ‘Foireann Éireann’ agus ar úsáid éifeachtach a bhaint as modhanna nua oibriúcháin, lena n-áirítear trí shamhail leathnaithe Theach Éireann, táimid in áit mhaith chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na timpeallachta geopholaitiúla nua-aimseartha.
Tosaíocht mhór is ea Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach a bheidh rathúil agus a mbeidh tionchar aici a chur i gcrích, agus líon foirne suntasach breise ag obair chun torthaí a sholáthar d’Éirinn sa dara sé mhí den bhliain seo.
Le forbairtí a tharla le déanaí sa Mhurascaill agus sa Mheánoirthear, leagadh béim ar a thábhachtaí atá acmhainn éifeachtach consalachta agus freagairt éifeachtach do ghéarchéimeanna, agus an t-éileamh ar chúnamh consalachta níos leithne ag méadú go seasta ar fud an domhain.
Oibreoimid chun ár gcumas a neartú chun tacaíocht éifeachtach leantach a chinntiú do shaoránaigh Éireannacha a bhfuil tionchar ag an timpeallacht idirnáisiúnta luaineach orthu. Soláthraíonn an Roinn seirbhís pasanna den scoth, agus í ag eisiúint 1 mhilliún pas, beagnach, gach bliain go tráthrialta anois agus ag feidhmiú níos fearr ná na gnáth-agaí slánúcháin go tráthrialta.
Is eol dom go bhfuil cion suntasach dár bhfoireann thar lear ag oibriú i dtimpeallachtaí atá dúshlánach agus éagobhsaí. Bhí tréimhsí fada éiginnteachta ann i gCív, in Ramallah, in Tel Aviv, in Tehran agus, le déanaí, ar fud na Murascaille.
Leanfar d’infheistíocht a dhéanamh i gcórais slándála agus i bprótacail slándála, inár mbonneagar TFC, sa chibearshlándáil, agus i mbainistíocht réadmhaoine chun a
chinntiú go soláthrófar timpeallacht oibre shlán shábháilte dár bhfoireann.
Tá sé mar phríomhthosaíocht ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcónaí comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chinntiú inár bhfórsa saothair agus inár mbeartais, agus muid ag féachaint le bheith inár n-eagraíocht a léiríonn éagsúlacht na ndaoine a bhfreastalaímid orthu. Tá sé sin ina ghné lárnach dár luachanna mar Roinn, agus treoraíonn sé ár gcuid oibre ar fad.
Joe Hackett, An tArd-Rúnaí