Baill an Choiste Iniúchóireachta: Léirithe spéise
- Foilsithe: 20 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2026
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Eolas Fúinne
- Riachtanais don ról
- Sealbhaíocht
- Tiomantas ama
- Luach Saothair
- Do léiriú spéise a chur isteach
- Próiseas measúnaithe
- Próiseas ceapacháin
- Fógra maidir le príobháideachas sonraí
- Eolais don iarrthóir léigh - go cúramach le do thoil.
- Is fostóir comhdheiseanna í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag lorg léirithe spéise ó dhaoine cáilithe go cuí chun fónamh ar Choiste Iniúchóireachta na Roinne.
Eolas Fúinne
Díríonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar fhreastal ar phobal na hÉireann, sa bhaile agus thar lear araon. Soláthraímid réimse seirbhísí do shaoránaigh na hÉireann agus oibrímid go dian chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain, ag cur le tosaíochtaí idirnáisiúnta amhail síocháin, slándáil agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ocras.
Is é misean na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freastal ar Éirinn, ár luachanna agus ár leasanna a chur chun cinn thar lear, agus na cumais agus an tionchar a sholáthar don Rialtas chun a chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse dá rannpháirtíocht sheachtrach. Déanaimid é seo faoi threoir pholaitiúil ár nAirí, trínár bhfoireann sa bhaile agus trínár líonra Ambasáidí thar lear.
Ról an Choiste Iniúchóireachta
Is é Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (an Roinn), arb é an tOifigeach Cuntasaíochta é do Vótaí 27 (Comhar Idirnáisiúnta) agus 28 (Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil) a cheapann an Coiste Iniúchóireachta go foirmiúil. De réir mar is iomchuí, cuirfidh sé comhairle ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ar an Aire Stáit atá freagrach as Gnóthaí Eorpacha, agus ar an Aire Stáit um Fhorbairt Thar Lear agus an Diaspóra.
Is cuid de chreat rialachais agus dearbhaithe na Roinne an Coiste Iniúchóireachta. Is é a fheidhm comhairle agus measúnú neamhspleách a sholáthar ar na socruithe meastóireachta agus iniúchóireachta, d’fhonn rialachas, bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha a neartú, chomh maith le cuidiú le hoibriú éifeachtach an Aonaid Meastóireachta agus Iniúchóireachta laistigh den Roinn a fheabhsú. Tá an Coiste Iniúchóireachta freagrach don Ard-Rúnaí as a fheidhmíocht.
Leagtar amach ról agus freagrachtaí an Choiste Iniúchóireachta ina Chairt. Ról comhairleach atá ag an gCoiste Iniúchóireachta, gan aon fheidhmeanna, freagrachtaí ná cumhachtaí feidhmiúcháin agus níl aon ról aige i gceadú tuarascálacha meastóireachta agus iniúchóireachta. Ceaptar comhaltaí an Choiste lena chinntiú go mbíonn dóthain eolais ábhartha acu le chéile don Choiste.
Foilsíonn an Coiste Iniúchóireachta tuarascáil bhliantúil ar a chuid oibre.
Obair laethúil na Roinne
Sa Roinn tá rannáin agus aonaid sa cheanncheathrú agus os cionn 100 misean taidhleoireachta agus oifig chonsalachta thar lear, fara Rúnaíocht Idir-Rialtasach na Breataine agus na hÉireann i mBéal Feirste agus Rúnaíocht Chomhpháirteach na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas in Ard Mhacha.
Soláthraíonn ceanncheathrú na Roinne tacaíocht beartais don Rialtas, do sheirbhísí poiblí tábhachtacha agus cuidíonn sé le hobair líonra na n-ambasáidí. Tá ár n-ambasáidí in áit uathúil chun raon tábhachtach gníomhaíochtaí a dhéanamh ó dhualgais ionadaíocha go hobair chur chun cinn go seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar do mhuintir na hÉireann thar lear.
Struchtúir bhainistíochta
Faoi threoir pholaitiúil an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, déanann an tArd-Rúnaí bainistíocht ar an Roinn, agus tacaíonn beirt Leas-Ard-Rúnaithe agus Bord Bainistíochta leis. Tuairiscíonn misin thar lear do cheannairí nó d’aonaid bunaithe ar thosaíochtaí agus ar fhreagrachtaí geografacha.
Beagnach 3,300 fostaí atá ag obair sa Cheanncheathrú agus sna Misin thar lear a dhéánann obair laethúil na Roinne, lena n-áirítear breis is 850 ball foirne a earcaíodh go háitiúil. Is féidir tuilleadh eolais faoin Roinn agus a struchtúr a fháil anseo.
Cá bhfuilimid
Tá ceanncheathrú na Roinne i dTeach Uíbh Eachach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath/BÁC. Tá an Rannán um Chomhar Forbartha agus an Afraic lonnaithe i Luimneach agus i mBÁC, agus tá roinnt oifigí den Roinn lonnaithe i suímh eile i lár BhÁC. Tá ár nOifigí Pas lonnaithe i mBÁC, i mBaile Brigín agus i gCorcaigh.
Riachtanais don ról
(i) Scileanna agus taithí riachtanacha
Táimid ag lorg léirithe spéise chun fónamh mar bhall den Choiste Iniúchóireachta ó dhaoine a bhfuil tuiscint acu ar obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus taithí ábhartha chun ról mar bhall den Choiste Iniúchóireachta a chomhlíonadh go héifeachtach.
Faoi láthair, táimid ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí, scileanna agus taithí acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
- Bainistíocht airgeadais/Bainistíocht Airgeadais Phoiblí agus córais rialaithe airgeadais inmheánaigh
- Iniúchadh inmheánach
- Rialachas, bainistíocht riosca
- TFC / cibearshlándáil
- Dlí, go háirithe i réimsí a bhaineann le seirbhís shibhialta agus phoiblí na hÉireann
- Caidreamh idirnáisiúnta (lena n-áirítear beartas trádála)
- Comhar forbartha
- Meastóireacht ar bheartas, straitéis agus cláir san earnáil phoiblí, lena n-áirítear cláir chúnaimh forbartha oifigiúla.
(ii) Riachtanais inmhianaithe
Is inmhianaithe go mbeadh taithí ag daoine ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
- Bainistíocht shinsearach eagraíocht mhór san earnáil phoiblí, phríobháideach nó neamhbhrabúis
- Taithí neamhfheidhmiúcháin (boird nó coiste) in eagraíocht phoiblí, phríobháideach nó neamhbhrabúis (lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta).
(iii) Cáilíochtaí Pearsanta
Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas ag iarrthóirí:
- Ardleibhéil ionracais, caighdeáin eiticiúla agus gairmiúlachta
- Scileanna cumarsáide den scoth (ó bhéal agus ó éisteacht)
- Scileanna idirphearsanta láidre
- Breithiúnas fónta
- An cumas agus an toilteanas dúshlán a thabhairt agus fiosrú a dhéanamh
- An cumas páirt a ghlacadh ag cruinnithe, agus le baill eile den Choiste Iniúchóireachta, go héifeachtach agus go héifeachtúil.
- An t-am agus an tiomantas pearsanta chun feidhmiú go héifeachtach.
Sealbhaíocht
Beidh an ceapachán chuig an gCoiste ar feadh tréimhse tosaigh trí bliana, agus féadfar í a shíneadh ar feadh trí bliana eile.
Tiomantas ama
Bíonn cruinnithe ag an gCoiste cúig huaire ar a laghad sa bhliain agus reáchtáiltear cruinnithe le linn uaireanta oibre. Reáchtáiltear cruinnithe faoi láthair go pearsanta i dTeach Uíbh Eachach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. De ghnáth maireann cruinnithe ceithre huaire an chloig ar a mhéad. Féadfar cuireadh a thabhairt do bhaill ó am go chéile freastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí breise.
Luach Saothair
Is é €2,000 in aghaidh na bliana an luach saothair don ról. Ní pinsin ar tháillí a íoctar le baill an Choiste agus is inmhuirir iad i leith cánach faoi “Sceideal E” agus tá siad faoi réir asbhaintí (i.e. ÍMAT, ÁSPC agus MSU de réir mar is iomchuí) ag an bhfoinse faoin gcóras ÍMAT. Ní bhaineann luach saothair le seirbhísigh phoiblí atá i mbun seirbhíse. Aisíocfar costais taistil a thabhaítear agus dualgais an Choiste á gcomhlíonadh de réir rátaí agus rialacháin taistil agus cothaithe na Seirbhíse Sibhialta agus Poiblí.
Do léiriú spéise a chur isteach
Má tá suim agat sa phost seo, cuir litir chumhdaigh ghearr (uasmhéid 400 focal), lena n-áirítear CV gearr (uasmhéid 800 focal), a léiríonn conas a chomhlíonann tú riachtanais an phoist seo chuig acsecretary@dfa.ie. Deimhnigh nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ná bac dlíthiúil ort a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas páirt iomlán a ghlacadh sa Choiste. Deimhnigh freisin gur féidir leat tú féin a chur ar fáil chun freastal ar chruinnithe agus dualgais chomhalta de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chomhlíonadh.
Moltar go láidir duit gan do sheoladh ríomhphoist ná d’uimhir theileafóin phóca a athrú agus léirithe spéise á mbreithniú, mar go ndéanfar aon chomhfhreagras tríd an seoladh ríomhphoist/uimhir theileafóin phóca a thug tú ar dtús.
Is é 12 meán lae ar an 10 Feabhra 2026 an dáta agus an t-am deiridh le haghaidh léirithe spéise a fháil.
Próiseas measúnaithe
Tionólfaidh an Roinn Painéal Measúnaithe (an “Painéal”) chun na léirithe spéise a fuarthas ar an am agus an dáta deiridh nó roimhe a bhreithniú agus a mheas.
Déanfaidh an Painéal:
- Athbhreithniú agus plé na léirithe spéise a fuarthas de réir na gceanglas sainaitheanta don ról
- Measúnú breise ar cheapacháin ionchasacha, a luaithe a chomhlíonfaidh siad na critéir cheapacháin shonraithe, trí aon cheann nó gach ceann de na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:
- Breithniú ar na hiarratais scríofa; agus/nó
- Cruinniú/glao comhdhála; agus/nó
- Aon mhodh roghnúcháin eile a mheastar a bheith oiriúnach a chur i bhfeidhm.
- An t-iarrthóir/na hiarrthóirí is láidre, bunaithe ar na critéir agus ar an bpróiseas measúnaithe, a mholadh don Ard-Rúnaí lena cheadú.
Próiseas ceapacháin
Cuirfear an t-iarrthóir/na hiarrthóirí rathúla ar an eolas i scríbhinn agus déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Iniúchóireachta teagmháil leo chun ionduchtú a shocrú.
Ós rud é go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh roinnt folúntas chun cinn sa tréimhse romhainn, ag deireadh an phróisis roghnúcháin, moltar painéal d’iarrthóirí rathúla a chruthú, a úsáidfear chun folúntais a líonadh a thiocfaidh chun cinn ar an gCoiste le linn shaolré an phainéil. Féadfaidh an painéal seo fanacht i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá bhliain.
Fógra maidir le príobháideachas sonraí
Faisnéis a thugtar ar iarratais a chuirtear faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, próiseálfar í i gcomhréir lenár Ráiteas Príobháideachta. Gliogáil anseo chun Ráiteas Príobháideachta na Roinne a léamh.