English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deireadh ag teacht le maolú na Gaeilge

Ar an 1 Eanáir 2022, baineann an Ghaeilge stádas iomlán amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Mar theanga oifigiúil iomlán, aistreofar gach doiciméad a fhoilseoidh an tAontas Eorpach go Gaeilge anois. Seo deireadh maolaithe, a bhí i bhfeidhm ó 2007, a chuir teorainn leis an líon ábhair a d’fhoilsigh Institiúidí an Aontaigh Eorpaigh trí Ghaeilge. Ó 2015 ar aghaidh, tá laghdú ag teacht ar raon feidhme an mhaolaithe seo de réir a chéile de réir mar a thagann méadú ar acmhainneacht Institiúidí an Aontais Eorpaigh chun a bheith ag aistriú go Gaeilge.

Agus é ag cur fáilte roimh an maolú, is mar seo a leanas a labhair an tAire do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne:

"Tá mé thar a bheith bródúil go bhfuil deireadh ag teacht leis an maolú seo agus gur teanga iomlán, oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge anois. Léirítear leis seo an obair gan staonadh a rinneadh chun cur le hacmhainneacht Institiúidí an Aontais Eorpaigh go mbeidís in ann feidhmiú trí Ghaeilge - agus tá sé oiriúnach go bhfuil sé ag tarlú i mbliana, bliain ina ndéanfaimid ceiliúradh ar an gcomóradh 50 bliain stairiúil ó shínigh Éire an Conradh Aontachais leis na Comhphobail Eorpacha.

"Le blianta beaga anuas, tháinig méadú beagnach faoi shé ar líon na n-aistriúchán Gaeilge ó 2016, ó 8,000 go beagnach 46,000 faoi mhí Dheireadh Fómhair 2021. Ní bheadh an méadú den scoth seo indéanta murach an líon ard daoine a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu a bheith á n-earcú chuig Institiúidí an Aontais Eorpaigh, a bhuí go mór le hiarrachtaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. A bhuí leis sin, tá líon iomlán na foirne Gaeilge thart ar 200 anois, gar do mhéadú faoi cheathair le cúig bliana anuas amháin.

"Le deireadh an mhaolaithe, beidh seirbhísí an Aontais níos inrochtana do chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Mar Ghaeilgeoir bródúil mé féin, bím ag labhairt as Gaeilge go rialta ag cruinnithe na Comhairle agus iarraim ar gach duine úsáid a bhaint as a gcúpla focal, i ngach gné dá saol. Iarraim orthu siúd a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu smaoineamh ar ghairm bheatha in Institiúidí an Aontais freisin. Is féidir tuilleadh faisnéise ar na conairí agus roghanna gairme iomadúla san Aontas Eorpach a fháil ar ár suíomh gréasáin EUJobs - An Roinn Gnóthaí Eachtracha (dfa.ie)."