Seolann an tAire Byrne feachtas chun deiseanna gairme AE a chur chun cinn do mhuintir na hÉireann
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol Thomas Byrne, an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, feachtas cumarsáide poiblí a dhíríonn ar dheiseanna gairme a aibhsiú atá ar fáil do mhuintir na hÉireann chun dul ag obair in institiúidí an AE.
Dúirt an tAire:
"Is cuid ríthábhachtach é spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann chun tabhairt faoi ghairm san AE chun a chinntiú go n-éireoidh le hÉirinn an tionchar atá aici laistigh d’institiúidí an Aontais a choinneáil ar bun. Tá sé bunriachtanach go leanfaidh saoránaigh na hÉireann ar aghaidh ag obair in institiúidí an AE. Má dhéanaimid é sin, beidh muintir na hÉireann i gcroílár na hEorpa agus beidh tionchar acu ar an gcúrsa a ghlacfaidh sí sna blianta atá le teacht.
"Tá sé mar aidhm ag an straitéis a sheol mé mí Bealtaine anuraidh darb ainm ‘Gairm san AE’ feasacht a ardú in Éirinn maidir le gairmréimeanna an Aontais Eorpaigh (AE), líon na nÉireannach atá ag cur isteach ar na poist in institiúidí an AE a ardú agus tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’iarrthóirí Éireannacha atá ag ullmhú le haghaidh comórtas do phoist AE."
Chomh maith leis sin, labhair an tAire Byrne le scoláirí agus le céimithe inné ag aonach gairme GradIreland faoi na deiseanna atá ar fáil do mhuintir na hÉireann, chun oibriú don AE agus faoi na tacaíochtaí agus oiliúint a chuireann an Rialtas ar fáil do na daoine a dhéanann iarratas orthu.
Seo mar a labhair an tAire Byrne ag GradIreland:
"Tá obair an AE leathan agus, dá bharr sin, earcaíonn sé daoine a bhfuil réimse scileanna acu chomh maith le daoine ó gach cúlra, lena n-áirítear dlí, eolaíocht, eacnamaíocht, teangacha, talmhaíocht agus teicneolaíocht. Cuireann na poist sin obair fhiúntach ar fáil, atá in ann tionchar a imirt ar shaol na 450 milliún saoránach AE.
"Faoin straitéis ‘Gairm san AE’, cuireann an Rialtas tacaíochtaí praiticiúla suntasacha ar fáil do na daoine atá ag déanamh iarratas ar na poist bhuana. Cuimsítear leis na tacaíochtaí céanna seisiúin eolais faoi chomórtais nua, faoi ábhar scrúdú trialach, faoi sheimineáir ghréasáin oiliúna, faoi chóitseáil i gcomhair agallamh, agus faoi roinnt scoláireachtaí le haghaidh cláir Mháistreachta i gColáiste na hEorpa."
Is féidir tuilleadh eolais faoi na gairmréimeanna atá ar fáil san Aontas Eorpach agus faoi na tacaíochtaí a sholáthraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha d’iarrthóirí Éireannacha ar phoist AE a fháil ag: www.dfa.ie/eujobs