Víosaí
- Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Bealtaine 2025
Seachadadh Seirbhíse Inimirce
In Éirinn, is í Seachadadh Seirbhíse Inimirce, Oifig de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, atá freagrach go príomha as déileáil le cúrsaí inimirce agus víosaí.
Riachtanais víosa le haghaidh taisteal lasmuigh d'Éirinn
Más saoránach Éireannach thú atá ag fiosrú faoi riachtanais víosa le haghaidh taisteal thar lear, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Ambasáid is gaire don tír ina bhfuil tú ag taisteal.