Deirdre Hanlon

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Deirdre Hanlon

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 31 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 8 Samhain 2021

Is í Deirdre Hanlon an Rúnaí Cúnta a dhéanann an sainchúram Soghluaisteachta Inbhuanaithe sa Roinn a stiúradh. Cuimsítear trí limistéar san obair seo: an earnáil iompair phoiblí (bus, iarnród, iarnród éadrom, tacsaí); taisteal gníomhach (siúl agus rothaíocht); agus dúshlán na haeráide don earnáil iompair ar talamh.

Is é príomhdhíriú fhreagracht na Roinne i measc na dtrí limistéar seo:

  • creataí beartais a fhorbairt do gach limistéar, ionchur san áireamh i dtionscnaimh bheartais Rialtais níos fairsinge maidir le hábhair cosúil le gníomhú ar son na haeráide, infheistíocht i mbonneagar na hÉireann, agus pleanáil spásúlachta náisiúnta;
  • tograí reachtaíochta a ullmhú, go háirithe ar mhaithe le sábháilteacht agus rialáil earnála;
  • cistiú comhiomlán an Státchiste d’iompar poiblí agus do thaisteal gníomhach, thart ar €1 billiún in 2020, agus a shreabhadh a dhíriú ón Roinn go dtí na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha;
  • maoirseacht a dhéanamh ar phleananna infheistíochta iompair inbhuanaithe an Rialtais a sholáthar ag gníomhaireachtaí Stáit faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus Tionscadal Éireann 2040; agus
  • maoirseacht rialachais a dhéanamh ar chomhlachtaí Stáit éagsúla atá bainteach san earnáil iompair phoiblí – an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an Coimisiún um Rialáil Iarnróid, Córas Iompair Éireann, Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus Iarnród Éireann.

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat