Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Airteagal 60 Athbhreithniú ar an mBeartas maidir le Ceadúnas Iompair Scoile

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Samhain 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 25 Samhain 2025
  • dúnadh na haighneachtaí: 16 Eanáir 2026
  • An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Le ceadúnas Airteagal 60 ceadaítear don sealbhóir líon teoranta leanaí a thabhairt go dtí an scoil agus ón scoil, agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an scoil ar íocaíocht, i gcás ina measann an tAire Oideachais go bhfuil gá le soláthar speisialta chun leanaí a iompar chuig an scoil. Bunaíodh é le hAirteagal 60 de I.R. 191/1963 – Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963. Bhí an gá leis na ceadúnais sin ag an am sin bunaithe ar na deacrachtaí a bhain le hiompar a chur ar fáil do scoláirí i gceantair thuaithe chun freastal ar an scoil is cóngaraí dóibh. Tháinig na rialacháin roimh an Scéim Iompair Scoile a bunaíodh in 1967 chun iompar a sholáthar do leanaí chuig an scoil agus ón scoil.

An Córas Reatha

De réir Airteagal 60 de I.R. 191 de 1963, údaraíonn an tAire Oideachais don Gharda Síochána ceadúnas Airteagal 60 a dheonú in imthosca ina measann an tAire go bhfuil gá le ‘soláthar speisialta’ iompair scoile.

Úsáidtear an ceadúnas chun leanaí a iompar ar íocaíocht chuig an scoil agus ón scoil. Ní mór do Bhus Éireann, ag gníomhú dó mar ghníomhaire don Aire Oideachais agus mar riarthóir na Scéime Iompair Scoile, a dheimhniú go bhfuil gá le hiompar leanaí chuig an scoil agus ón scoil. Comhlánaíonn Bus Éireann Cuid B den 'Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Scoile' chun a dheimhniú go bhfuil an riachtanas speisialta seo ann.

Ní féidir leis an nGarda Síochána ceadúnais Airteagal 60 a phróiseáil ach amháin nuair a thíolactar an fhoirm seo, mar ní féidir na ceadúnais seo a dheonú ach amháin nuair a chinneann Rannóg Iompair Scoile Bhus Éireann (ag gníomhú di mar ghníomhaire de chuid an Aire Oideachais) go bhfuil gá speisialta le hiompar scoile. Ní féidir na ceadúnais seo a dheonú in imthosca eile.

Is faoin Oifigeach PSV (Feithiclí Serbhíse Poiblí) atá sé a chinneadh ar cheart an ceadúnas a dheonú don fheithicil agus d'úinéir na feithicle. Chun ceadúnas Airteagal 60 a dheonú, ní mór don ‘oifigeach údaraithe’ (Oifigeach PSV) a bheith sásta:

  • Go bhfuil an fheithicil sábháilte chun paisinéirí a iompar; agus
  • gur de chineál iad carachtar agus iompar roimhe sin úinéir na feithicle sin gur duine cuí oiriúnach chun na críche sin an t-úinéir.

Má tá an tOifigeach PSV sásta go gcomhlíontar na coinníollacha thuas, féadfaidh siad an ceadúnas a dheonú. Sonraítear sna Rialacháin go ndeonaítear ceadúnas Airteagal 60 d’úinéir na feithicle. Tá gach tiománaí agus feithicil ainmnithe atá ar conradh leis an Scéim Iompair Scoile faoi réir seiceálacha críochnúla ag Bus Éireann, lena n-áirítear deimhnithe agus ceadúnais sábháilteachta bunaidh a chur isteach de réir mar is cuí (TNG, Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála, Ceadúnas Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSP)/Ceadúnas d'Fheithicil Mhór Seirbhíse Poiblí, Mótarárachas) ag céim dámhachtana an chonartha. Is iad rannóg grinnfhiosrúcháin Bhus Éireann agus Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a dhéanann grinnfhiosrúchán ar gach tiománaí ainmnithe. Ní mór an grinnfhiosrúchán a chríochnú sular féidir tús a chur leis an tseirbhís.

Ní fhéadfaidh fad an cheadúnais faoi Airteagal 60 a bheith níos faide ná 3 bliana.

Úsáid Reatha Cheadúnais Airteagal 60

Eisítear ceadúnais Airteagal 60 den chuid is mó chun iompar Riachtanas Speisialta Oideachais (RSO) a sholáthar. Is carranna nó mionbhusanna iad 1499 (99%) d'fheithiclí ceadúnaithe Airteagal 60 atá ag feidhmiú ar an Scéim Iompair Scoile faoi láthair. Léiríonn sonraí a bhaineann le ceadúnais Airteagal 60 go n-úsáidtear feithiclí níos lú den chuid is mó ar an Scéim Iompair Scoile le haghaidh iompar RSO. Tá sé seo mar gheall ar riachtanais aonair na leanaí a bhaineann leas as iompar don scéim, riachtanais a bhíonn casta go minic.

Mhéadaigh líon na leanaí a bhain leas as iompar ar an Scéim RSO ó thart ar 13,410 dalta in 2018 go dtí beagnach 22,000 dalta sa scoilbhliain reatha. Is ionann an costas a bhaineann leis an Scéim RSO a oibriú agus os cionn 50% den chostas iomlán a bhaineann leis an Scéim Iompair Scoile fhoriomlán a oibriú. Ina theannta sin, as an €217m a caitheadh ar iompar RSO in 2023, bhain €78m le húsáid feithiclí a iompraíonn 8 bpaisinéir nó níos lú.

Tá ganntanas conraitheoirí agus tiománaithe ann faoi láthair, go háirithe i gcás feithiclí beaga, in go leor ceantar ar fud na tíre agus mar thoradh air sin tá moill shuntasach ar sheirbhísí a bhunú do leanaí agus do dhaoine óga. Mar gheall ar an nganntanas feithiclí oiriúnacha, soláthraíonn ceadúnais Airteagal 60 seirbhísí forlíontacha don scéim.

Cúlra an Athbhreithnithe Beartais

Is gá athruithe ar an scéim a thabhairt isteach, chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí a oibríonn faoi Airteagal 60 a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat rialála nuashonraithe atá mar thaca faoi oibriú sábháilte gach cineáil iompair phoiblí.

Tá athbhreithniú beartais déanta ag an Roinn Iompair agus ag an Roinn Oideachais agus Óige ar an gcóras ceadúnúcháin agus tá Grúpa Oibre curtha ar bun acu leis an nGarda Síochána agus le Bus Éireann. Le hAirteagal 60 den Athbhreithniú Beartais maidir le Ceadúnais Iompair Scoile féachtar le córas ceadúnúcháin Airteagal 60 a nuachóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé na caighdeáin sábháilteachta agus rialála atá ann faoi láthair agus, ag an am céanna, go leanfaidh sé de bheith ag freastal ar riachtanais iompair riachtanas speisialta oideachais (RSO).

Tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar cheadúnais Airteagal 60 le blianta beaga anuas, rud a léiríonn go bhfuil gá leanúnach leis na ceadúnais sin i gcomhthéacs iompar scoile d’earnáil na riachtanas speisialta oideachais. Mar gheall ar líon íseal sealbhóirí ceadúnais tacsaí a dhéanann tairiscint ar chonarthaí maidir le Scéim Iompair Scoile i gceantair áirithe, feidhmíonn úsáid cheadúnais Airteagal 60 mar fhorlíonadh chun riachtanais iompair RSO a chomhlíonadh.

Leagtar amach torthaí an Ghrúpa Oibre agus na roghanna beartais a sainaithníodh go mion san Anailís Tionchair Rialála.

Cur chuige tosaíochta faoi Anailís Tionchair Rialála

Leagtar amach mionsonraí na gceithre rogha a scrúdaíodh in an Iarscríbhinn, Annex Option Table.

Glacadh an cur chuige caighdeánach maidir le raon iomlán roghanna in Anailís Tionchair Rialála a scrúdú.

Rogha 4: Leanúint de cheadúnais Airteagal 60 a eisiúint ach foráil a dhéanamh maidir leis na critéir cháilitheacha le haghaidh ceadúnas Airteagal 60 a ailíniú níos dlúithe leis na prionsabail atá mar bhonn taca faoi oibriú sábháilte feithiclí seirbhíse poiblí.

Áirítear ar na hathruithe rialála atá beartaithe tograí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Foráil a dhéanamh nach ndeonófar na ceadúnais sin ach amháin ‘i gcás ina measann an tAire Oideachais go bhfuil gá le soláthar speisialta chun leanaí a iompar ar íocaíocht chuig scoil agus uaithi’, agus lena n-úsáid ar sheirbhísí iompair RSO amháin.

  • Teorainn aoise feithicle 15 bliana a shocrú, i gcomhréir le Feithiclí atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí.

  • Ceadúnais a shrianadh d'fheithiclí ar féidir leo 16 phaisinéir ar a mhéad a iompar.

  • An chumhacht chun ceadúnas a chúlghairm, a tharraingt siar nó a chur ar fionraí in imthosca áirithe a chur san áireamh.

  • An nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar cheadúnas faoi Airteagal 60 a chaighdeánú, chun a áirithiú go bhfuil córas láidir i bhfeidhm chun seiceálacha ar fheithiclí agus ar iarratasóirí a dhéanamh.

  • Forálacha a dhéanamh maidir le taispeáint éigeantach aitheantais feithicle / tiománaí .i. Clibeanna Feithicle.

  • An ceadúnas a athainmniú chun a chuspóir a léiriú ar bhealach níos fearr.

Aighneacht a Dhéanamh

Cuir do thuairimí in iúl maidir leis na ceithre cheist seo a leanas:

  1. Cad é do thuairim maidir le haois na feithicle a theorannú go 15 bliana ar a mhéad ó dháta cláraithe na feithicle (i gcomhréir leis an aois uasta d’Fheithiclí atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí)?
  2. Cad é do thuairim maidir le toilleadh feithiclí a theorannú do 16 phaisinéir agus níos lú (.i. ní féidir ach le feithiclí ar féidir leo 8 bpaisinéir nó níos lú a iompar, agus mionbhusanna ar féidir leo 16 phaisinéir ar a mhéad a iompar oibriú le ceadúnas Airteagal 60)?
  3. An bhfuil aon tuairim agat maidir leis an togra chun aitheantas éigeantach feithicle agus tiománaí a thabhairt isteach do shealbhóirí ceadúnais Airteagal 60?
  4. An bhfuil aon bharúil eile ann is mian leat a chur in iúl maidir leis an rogha beartais ab fhearr?

Eolas faoi d’Eagraíocht

Chun cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar thuairimí na gcineálacha éagsúla páirtithe leasmhara, sonraigh an gcáilíonn d’eagraíocht mar mhicrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide (FBM), bunaithe ar shainmhínithe an Aontais Eorpaigh a leagtar amach thíos:

  • Micreafhiontar: Níos lú ná 10 bhfostaí agus láimhdeachas bliantúil nó iomlán an chláir chomhardaithe nach mó ná €2 mhilliún

  • Fiontar beag: Níos lú ná 50 fostaí agus láimhdeachas bliantúil nó iomlán an chláir chomhardaithe nach mó ná €10 milliún

  • Fiontar meánmhéide: Níos lú ná 250 fostaí agus láimhdeachas bliantúil nó iomlán an chláir chomhardaithe nach mó ná €50 milliún

Fáiltíonn an Roinn roimh aighneachtaí i scríbhinn faoi 16 Eanáir 2026.

Chun do chuid tuairimí a chur in iúl, cliceáil ANSEO.

Tá an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, agus reachtaíocht Cosanta Sonrái. Níor cheart eolas atá pearsanta, faoi rún, nó íogair ó thaobh tráchtála a bheith san áireamh i d’aighneacht, agus glacfar leis gur féidir scaoileadh leis an eolas ar fad atá i d’aighneacht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Anailís Tionchair Rialála

Chun féachaint ar an Anailís Tionchair Rialála cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat