Comhairliúchán ar Chur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí (MLC)
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 2 Meán Fómhair 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 31 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Airteagal II.6 – Feidhm maidir le Soithí Beaga; agus Teideal 1 – Cosaint Daoine Óga
Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an Roinn Iompair maidir le cur chun feidhme forálacha sonracha den Choinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006. Dírítear orthu seo a leanas sa chomhairliúchán seo:
Airteagal II.6 – Raon Feidhme.
Teideal 1 – Cosaint Daoine Óga.
Leagtar amach sa Choinbhinsiún Oibreachais Mhuirí cearta agus cosaintí cuimsitheacha do mharaithe agus tá sé mar aidhm leis dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála a chinntiú ar fud na hearnála muirí. Tá breithniú á dhéanamh ar fheidhm an Choinbhinsiúin maidir le soithí is lú ná 200 tonna comhlán i dtaca le dliteanas longúinéirí agus le haisdúichiú agus ar na cineálacha oibre guaisí a dhéanann daoine óga atá ag obair ar bord soithí.
Leagtar na mionsonraí amach sa chomhairliúchán atá i gceangal thíos, áit a dtugtar faisnéis chúlra faoi fhorálacha iomchuí an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí agus a leagtar amach reachtaíocht reatha na hÉireann agus na hathruithe atá beartaithe. Tugtar cuireadh do gheallsealbhóirí an doiciméad a athbhreithniú agus a dtuairimí a chomhroinnt.
Conas Páirt a Ghlacadh
Fáiltímid roimh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar. Go háirithe, spreagaimid orthu seo a leanas freagraí a thabhairt:
- Oibritheoirí agus úinéirí aon soithí is lú ná 200 tonna comhlán
- Fostóirí agus oibrithe san earnáil mhuirí
- Institiúidí oiliúna agus eagraíochtaí óige
- Fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag oibriú sa tionscal muirí
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig maritimesafetypolicydivision@transport.gov.ie, agus “Comhairliúchán ar an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí” clóscríofa i líne an ábhair.
De rogha air sin, féadfar aighneachtaí a sheoladh tríd an bpost chuig an seoladh seo a leanas:
An Rannán Beartais Sábháilteachta Muirí
An Roinn Iompair
Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 TR60
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5pm Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair 2025.