Comhairliúchán ar soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 16 Nollaig 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 16 Nollaig 2020
  • dúnadh na haighneachtaí: 19 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 18 Eanáir 2021

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá an cumas ag teicneolaíochtaí soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach todhchaí an iompair a athrú. Is iad feithiclí ceangailte na feithiclí a úsáideann nascacht dhigiteach chun labhairt lena chéile agus leis an timpeallacht máguaird. Tugtar feithiclí féin-tiomána ar fheithiclí féinrialaitheach freisin. Tá siad in ann iad féin a threorú gan mórán idirghabhála daonna faoi chúinsí áirithe.

Tá an Roinn Iompair ag iarraidh straitéis náisiúnta Trasrialtais nua a fhorbairt a leagfaidh amach na céimeanna atá le glacadh sna blianta amach romhainn chun forbairt agus imlonnú soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaigh in Éirinn a éascú. Is é an comhairliúchán poiblí seo, faoi stiúir na Roinne, an chéad chéim lárnach sa phróiseas seo.

Tá an Roinn ag lorg do thuairimí ar na príomhréimsí agus na saincheisteanna ar cheart aghaidh a thabhairt orthu i straitéis náisiúnta nua ar soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach, chomh maith leis na treoirphrionsabail ar cheart dóibh forbairt agus imlonnú soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach in Éirinn a stiúradh. Iarraimid ar gach páirtí leasmhar a dtuairim a thabhairt maidir leis an straitéis nua a chur ar an eolas. Ba mhaith linn fáilte a chur roimh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán ar soghluaisteachta ceangailte agus féinrialaitheach i nGaeilge nó i mBéarla.

Chun aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán seo, seol freagraí chuig: ConnectedAutonomousMobility@transport.gov.ie

Is féidir aon cheisteanna maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin seo a sheoladh chuig an seoladh seo freisin. Mar gheall ar shocruithe leanúnacha oibre iargúlta atá i bhfeidhm, ní bheimid ag glacadh ach le haighneachtaí go leictreonach.

Is é an spriocdháta nua d’aighneachtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo ná am scoir gnó Dé hAoine, 19 Márta 2021 .

Ba cheart faisnéis rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht, ach ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil aon fhreagra nó gach freagra ar an gcomhairliúchán faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ina n-iomláine agus féadfar í a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair www.gov.ie/transport

National CAM Strategy Consultation Paper
Updated 18 January 2021
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat