Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise na Roinne Iompair, 2025 - 2028
- Foilsithe: 21 Feabhra 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Feabhra 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2025
Consultation is closed
Tá an Roinn Iompair ag ullmhú a Ráitis Straitéise don tréimhse 2025-2028 faoi láthair, doiciméad tábhachtach ina leagfar amach ár spriocanna agus ár gcuspóirí ardleibhéil agus muid ag déanamh dul chun cinn ar ár misean chun “córas iompair inrochtana a chur ar fáil atá éifeachtach, sábháilte agus inbhuanaithe agus a thacaíonn le pobail, teaghlaigh agus gnólachtaí”.
Is iad na gealltanais atá i gClár an Rialtais: Ag cinntiú todhchaí na hÉireann, sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i mbeartais ábhartha eile a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt ár Ráitis Straitéise. Leagfar amach ann na príomhchuspóirí a bheidh againn agus na príomhthorthaí a mbeimid ag súil leo as seo go ceann roinnt blianta.
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tá cuireadh á thabhairt duit do chuid tuairimí a chur in iúl, rud a chuirfidh bonn tuilleadh eolais fós faoi fhorbairt ár Ráitis Straitéise nua. Tá an ráiteas straitéise reatha (Ráiteas Straitéise 2023-2025) ar fáil Item was unpublished or removed
Seol do chuid tuairimí tríd an ríomhphost chuig StatementofStrategy@transport.gov.ie faoi Dé Luain, 31 Márta 2025 .
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.