Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Athbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Deireadh Fómhair 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 15 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2023
Consultation is closed
Tá an Roinn Iompair chun tús a chur le hathbhreithniú ar Bheartas Náisiúnta na gCalafort. Comhairliúchán poiblí dhá chuid a bheidh san athbhreithniú. I gCuid 1, foilseofar Páipéar Saincheisteanna agus tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh. I gCuid 2, reáchtálfar comhairliúchán poiblí níos giorra ar an dréachtbheartas. Is aidhm linn dréachtbheartas nua a chur i láthair don Rialtas in 2025 tar éis comhairliúchán críochnúil cuimsitheach.
Mar náisiún oileánda ar imeall na hEorpa, tá ról ríthábhachtach ag an earnáil iompair mhuirí i bhfeidhmiú ár ngeilleagair. Téann thart ar 90% de na hearraí go léir a thrádálann Éire trí líonra na gcalafort tráchtála, rud a aibhsíonn a thábhachtaí atá sé ó thaobh geilleagair de tionscal iompair mhuirí a bheith againn atá idir sheasmhach agus éifeachtúil.
Ní ar an ngeilleagar amháin atá tábhacht na gcalafort bunaithe, áfach. Toisc go bhfuil cuid mhaith dár gcalafoirt suite i gcroílár ionaid uirbeacha agus áiteanna a bhfuil tábhacht comhshaoil ag baint leo, tá leas dílsithe againn ar fad sa chaoi a n-idirghníomhaíonn ár gcalafoirt leis na pobail a bhfaigheann siad a gceadúnas sóisialta uathu, chomh maith leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad leis an timpeallacht mhuirí. Leagfar amach sa bheartas athbhreithnithe an chaoi a dtabharfaidh ár gcalafoirt aghaidh ar na dúshláin sin.
Aighneachtaí
Beidh an tréimhse chomhairliúcháin ar oscailt go dtí an 15 Eanáir 2024. Tá deis anois ag páirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh sa Pháipéar Comhairliúcháin Phoiblí in 2023 agus aon saincheisteanna ábhartha eile a ardú.
Iarrann an Roinn go ndéanfaí aighneachtaí ar líne le tagairt do na ceisteanna atá leagtha amach ag an nasc a cuireadh ar fáil faoin gcuid a bhaineann le Beartas Náisiúnta na gCalafort ar leathanach 4 de Pháipéar Comhairliúcháin Phoiblí 2023 (nasc thíos freisin). Bíodh sin mar atá, mura mbeidh sé indéanta aighneacht a dhéanamh ar líne, cuirfear fáilte roimh aighneachtaí tríd an ríomhphost chuig portspolicy@transport.gov.ie nó tríd an bpost chuig An Rannán Iompair Mhuirí, an Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 TR60
Beifear ag glacadh le haighneachtaí go deireadh an lae oibre (18:00), an 15 Eanáir 2024.
In 2023, chríochnaigh Staidéar Acmhainne Chalafoirt na hÉireann. Déanann an staidéar seo measúnú ar acmhainn an chórais calafoirt chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo go dtí 2040. Tá achoimre fhedhmeach an Staidéar, ina dtugtar breac-chuntas ar mhodheolaíocht, conclúidí agus moltaí an staidéir, ar fail le Páipéar Saincheisteanna Beartais Náisiúnta na gCalafort le haghaid do tagartha.
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.