Suirbhé Sondála Margaidh mar Ullmhúchán d'Aersheirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) idir Baile Átha Cliath agus Doire
- Foilsithe: 22 Nollaig 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 31 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2025
Tá an Roinn Iompair ag lorg dearcthaí ó phaisinéirí agus páirtithe leasmhara féideartha maidir le hábhair a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun nascacht a sholáthar idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire trí aersheirbhís PSO.
Cúlra
Tá an Rialtas tiomanta do thacú le pobail bhríomhara, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann inar féidir le daoine a saol a chaitheamh, a bheith ag obair agus bualadh le chéile. Mar is eol do go leor páirtithe leasmhara, ní dhéantar freastal ceart ar Iarthuaisceart an Oileáin maidir le nascacht seirbhísí iompair. Sa chomhthéacs sin, agus mar chuid dá chuspóirí maidir le hOileán Comhroinnte a Thógáil, áirítear le Clár an Rialtais tiomantas do rannpháirteachas le gach páirtí leasmhar ábhartha d'fhonn nascacht aersheirbhísí a bhunú idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire.
D'oibrigh aersheirbhísí PSO, arna maoiniú ag an Rialtas, ar an aerbhealach seo ar feadh deich mbliana suas le 2011. Cuireann Roinn an Gheilleagair, Tuaisceart Éireann, fáilte roimh an gcuspóir seo agus roimh an gcur chuige chun an aersheirbhís seo a athbhunú. Tá sé beartaithe ag an Roinn Iompair anois tairiscintí a lorg maidir le hathbhunú aersheirbhíse PSO ar an aerbhealach seo in 2026 ionas go dtosóidh na seirbhísí níos déanaí sa bhliain chéanna.
Go dtí seo níor socraíodh na sonraíochtaí a d'fhéadfadh cloí le ceanglais na haersheirbhíse PSO ar an mbealach is fearr. Féadfaidh freagairtí ar an Suirbhé Sondála Margaidh seo eolas a dhéanamh d'fhorbairt na sonraíochtaí sin, lena n-áireofar cineál aerárthaigh, toilleadh aerárthaigh, minicíocht na seirbhísí, uainiú na seirbhísí agus struchtúir táillí.
Príomhchuspóirí
Is iad príomhchuspóirí an tSuirbhé Sondála Margaidh seo ná:
- paisinéirí féideartha a chur ar an eolas faoi thiomantas an Rialtas maidir le nascacht a sholáthar idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire trí aersheirbhís PSO fhóirdheonaithe a sholáthar
- aeriompróirí féideartha a chur ar an eolas faoi rún na Roinne Glao ar Thairiscintí iomaíoch a fhoilsiú
- aeriompróirí a shainaithint a bhféadfadh spéis a bheith acu tairiscint a chur isteach nuair a fhoilseofar an glaoch
- mionsonraí faoi iompraíochtaí paisinéirí a bhailiú agus éileamh na bpaisinéirí ar an aersheirbhís a mheas
- dearcthaí a lorg ó phaisinéirí agus páirtithe leasmhara féideartha maidir le cad iad na sonraíochtaí is fearr a chloífeadh le ceanglais na haersheirbhíse PSO, ó thaobh cineál aerárthaigh, toilleadh aerárthaigh, mhinicíocht na seirbhísí, uainiú na seirbhísí agus struchtúir táillí de.
- dearcthaí a lorg ón margadh maidir le haon dúshláin a d'fhéadfadh a bheith i gceist le soláthar na seirbhíse.
Aighneacht a Dhéanamh
Anois cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó phaisinéirí agus páirtithe leasmhara féideartha faoi ábhair a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun nascacht a sholáthar idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire trí aersheirbhís PSO a sholáthar.
Ní mór freagairtí a chur isteach ar líne tríd an bhfoirm anseo thíos tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2026.
Téarmaí agus Coinníollacha
Téarmaí agus Coinníollacha
Tugtar le fios do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
An méid a dhéanfaimid le do fhreagairt
Féadfaidh na freagairtí a gheofar eolas a dhéanamh d'fhorbairt na sonraíochtaí don aerbhealach seo.
Beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí
Faisnéis faoin bPríobháideachas
- Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol i bhfeidhm.
- Chun príobháideachas a chinntiú, beidh aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don Roinn seo cosanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
- Is féidir ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.
- Coimeádfar na haighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe agus cur chun feidhme aon mholtaí lenar glacadh curtha i gcrích.
- Is féidir leat suíomh gréasáin um Chosaint Sonraí na Roinne a fheiceáil ina leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus conas a láimhseáiltear an fhaisnéis. Ar an suíomh mínítear do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta chomh maith agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.