Beartas maidir le Breoslaí In-athnuaite 2025-2027
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2025
Tá Ráiteas i dtaca leis an mBeartas maidir le Breoslaí In-athnuaite 2025-2027 foilsithe ag an Aire Iompair.
Leagtar amach sa Bheartas maidir le Breoslaí In-athnuaite 2025-2027 conair i dtaca le spriocanna bithbhreosla an Phlean Gníomhaíochta Aeráide a bhaint amach chomh maith le spriocanna agus ceanglais maidir le sciar fuinnimh in-athnuaite san iompar a bhaint amach faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear riachtanais AE maidir le deimhniú inbhuainaitheachta agus laghdú gás ceaptha teasa.
Tá an Beartas ag teacht le beartas náisiúnta níos leithne aeráide agus fuinnimh agus tugann sé deimhneacht d’oibreoirí eacnamaíocha agus do gheallsealbhóirí tacú le comhlíonadh leis an oibligeád, agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach laistigh den earnáil iompair.
Déanann an Roinn an polasaí a nuashonrú gach dhá bhliain lena chinntiú go bhfanann sé solúbtha agus freagrúil do threochtaí margaidh agus d’athróga eile a mbíonn tionchar acu ar bhaint amach na gcuspóirí atá leagtha amach.
Sa leagan is déanaí seo den bheartas, déantar iniúchadh ar an bhféidearthacht maidir le tuilleadh úsáide a bhaint as breoslaí in-athnuaite do gach modh iompair, tugtar dreasachtaí chun soláthar méadaithe bithbhreoslaí ardleibhéil agus breoslaí in-athnuaite de bhunadh neamhbhitheolaíoch a mhéadú, agus féachtar le córais dhearbhaithe inbhuanaitheachta a neartú laistigh de chreataí an AE agus leanúint de bheith ag cinntiú go bhfuil beartas bunaithe ar an taighde is déanaí agus ar fhorbairtí margaidh. Tá 19 ngníomh sa bheartas atá dírithe ar na cuspóirí a leagtar amach thar an dá bhliain atá romhainn a bhaint amach.