An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Beartas maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2023-2025
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá Beartas maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2023 – 2025 foilsithe ag an Aire Iompair.
Leis an mbeartas nuashonraithe, leantar de chreat a sholáthar le haghaidh comhairliúcháin, anailíse agus athbhreithnithe leanúnaigh i dtreo spriocanna a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 agus oibleagáidí Eorpacha maidir le soláthar fuinnimh in-athnuaite le húsáid san iompar a bhaint amach.
Leagtar amach sa bheartas conair chun soláthar breosla iompair in-athnuaite a dhreasú trí mhéaduithe bliantúla ar an ráta oibleagáide breosla iompair in-athnuaite go dtí 2030, chomh maith lena áirithiú go gcloífear le critéir Eorpacha um inbhuanaitheacht agus laghdú gás ceaptha teasa.