Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Gníomhaíochta na hÉireann chun Astaíochtaí Eitlíochta a Laghdú

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2019
  • An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2025

Pleananna Gníomhaíochta Stáit um Laghdú Astaíochtaí Eitlíochta, is cuid de thionscnamh domhanda iad tríd an Eagraíocht Eiltíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), chun cabhrú le tíortha bearta a phleanáil go straitéiseach chun astaíochtaí CO2 eitlíochta a laghdú, agus chun tacú leis an Sprioc Uaillmhianach Fadtéarmach maidir le hastaíochtaí CO2 glan-nialasacha ó eitlíocht idirnáisiúnta faoi 2050.

Tá an cur chuige domhanda i dtaca le dícharbónú an tionscail bunaithe ar ‘chiseán beart’ EESI ina sainaithnítear ceithre cholún as a mbainfear laghduithe amach. Is iad seo feabhsuithe ar theicneolaíocht aerárthaí, feabhsuithe oibríochtúla, méadú ar fhorbairt agus úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF), agus bearta domhanda atá bunaithe ar an margadh amhail an Scéim Fritháireamh agus Laghdú Carbóin d’Eitlíocht Idirnáisiúnta.

I bPlean Gníomhaíochta Stáit na hÉireann um Laghdú Astaíochtaí Eitlíochta, tugtar achoimre ar ghníomhaíochtaí ag leibhéal an Aontais Eorpaigh, ag leibhéal Comhdháil Eitlíochta Sibhialta na hEorpa, agus ag leibhéal náisiúnta, chun astaíochtaí CO2 ón eitlíocht a laghdú de réir chur chuige chiseán beart EESI.

Tá an Plean Gníomhaíochta Stáit nuashonraithe curtha faoi bhráid an EESI lena fhoilsiú.

Ireland State Action Plan on the Reduction of CO2 Emissions from Aviation (2025)
Amharc amharc
Ireland's Action Plan for Aviation Emissions Reduction (2019)
In Ireland a number of actions are undertaken at the national level. These national actions are reported in this Plan.
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat