Maidir leis an bPlean: Córas Iompair atá Athléimneach ó thaobh na hAeráide de a Thógáil (achoimre ar Chaibidil 1)
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2025
- Cúlra an phlean
- Cén fáth a bhfuil an plean seo ag teastáil uainn
- An méid atá athraithe ó bhí an chéad phlean ann
- Cad a dhéanann an plean
- Conas a forbraíodh an plean
Cúlra an phlean
Tá athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar ár gcóras iompair cheana féin, rud a fhágann moilleanna, agus damáiste. Le blianta beaga anuas, tharla stoirmeacha, tuilte agus teagmhais aimsire foircneacha eile in Éirinn a bhfuil taifid briste acu, rud a rinne damáiste don bhonneagar, a chuir isteach ar sheirbhísí agus a chruthaigh rioscaí sábháilteachta nua.
Chun ullmhú don todhchaí, tá an dara Plean Oiriúnaithe Earnála Iompair don Athrú Aeráide (POEI II) forbartha ag an Roinn Iompair. Leagtar amach sa phlean seo conas is féidir le córas iompair na hÉireann, lena n-áirítear bóithre, bealaí taistil ghníomhacha, iarnród trom agus éadrom, busanna, calafoirt agus aerfoirt, a bheith níos athléimní i leith an athraithe aeráide.
Cén fáth a bhfuil an plean seo ag teastáil uainn
Tá drochaimsir ag éirí níos coitianta. Sa bhliain 2023, bhí an bhliain ba theo agus ba fhliche riamh in Éirinn. Go luath in 2025, thug Stoirm Éowyn gaotha fórsa hairicín léi a chuir isteach go forleathan ar an ngnáthshaol. Leagtar leis na himeachtaí seo béim ar an ngá práinneach atá ann oiriúnú a dhéanamh don chaoi a mbainistímid agus a infheistímid i mbonneagar iompair.
Tacaíonn an córas iompair lenár ngeilleagar, nascann sé pobail agus coinníonn sé an saol laethúil ag gluaiseacht. De réir mar a thagann méadú ar rioscaí aeráide, tá plean fadtéarmach ag teastáil uainn chun na seirbhísí riachtanacha sin a chosaint.
An méid atá athraithe ó bhí an chéad phlean ann
Foilsíodh an chéad phlean oiriúnaithe iompair in 2019. Ó shin i leith:
- tá feabhas tagtha ar an eolaíocht aeráide agus ar shonraí aeráide
- tá forbairt tagtha ar bheartas agus ar reachtaíocht chun tús áite a thabhairt don athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide
- rinne COVID-19 athmhúnlú ar an gcaoi a n-úsáidimid iompar, le níos mó cianoibre agus infheistíochta i dtaisteal gníomhach
- tá á méadú tagtha ar dhaonra na hÉireann, rud a fhágann go bhfuil éileamh níos mó ar bhonneagar
Léirítear le POEI II na hathruithe sin, agus béim níos láidre á leagan ar chur chun feidhme, ar mheasúnuithe riosca nuashonraithe agus ar bhearta oiriúnúcháin soiléire.
Cad a dhéanann an plean
Leagtar amach an méid seo a leanas in POEI II:
- na príomhrioscaí aeráide atá roimh iompar in Éirinn anois agus amach anseo
- an chaoi a bhféadfaí difear a dhéanamh do chodanna éagsúla den ghréasán iompair, lena n-áirítear bóithre, iarnróid, calafoirt agus aerfoirt
- sraith de 39 ngníomhaíocht chun an t-iompar a dhéanamh níos athléimní ó thaobh na haeráide de, lena n-áirítear bearta earnáilsonracha, réitigh dhúlrabhunaithe, athruithe ar bheartas agus ar chistiú, agus comhordú feabhsaithe idir gníomhaireachtaí
Cuireann sé le straitéisí náisiúnta ar nós an Creat Náisiúnta um Oiriúnú agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus tacaíonn sé le spriocanna níos leithne na hÉireann maidir le hinbhuanaitheacht agus ullmhacht aeráide.
Conas a forbraíodh an plean
Chruthaigh an Roinn Iompair POEI II i gcomhpháirtíocht le heintitis iompair, saineolaithe aeráide agus páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu le seirbhísí iompair a phleanáil agus a sholáthar.
Tá sé bunaithe ar an eolaíocht aeráide is déanaí, réamh-mheastacháin aeráide ó Met Éireann san áireamh.
Úsáidtear cur chuige a comhaontaíodh go náisiúnta sa phlean, lena n-áirítear measúnuithe riosca struchtúrtha chun rioscaí aeráide a thuiscint agus gníomhaíochtaí a chomhfhorbairt.
Cuireann sé leis an gcéad Phlean Oiriúnaithe Earnála Iompair de chuid na hÉireann (2019) agus tugadh cothrom le dáta é chun sonraí aeráide reatha, treochtaí iompair reatha, dúshláin bhonneagair, agus athruithe beartais le déanaí a léiriú.