Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

National Policy Framework for Unmanned Aircraft Systems

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2025

Creat Beartais Náisiúnta do Chórais Aerárthaí Gan Foireann

Seoladh an Creat Beartais Náisiúnta do Chórais Aerárthaí Gan Foireann (UAS), nó dróin mar a thugtar orthu go forleathan, an 20 Lúnasa 2025.

Is é is aidhm don Chreat Beartais ná forbairt straitéiseach ardleibhéil d’earnáil UAS na hÉireann a threorú. Déanfar é sin trí fhás agus nuálaíocht a chothú, ag cinntiú ag an am céanna go bhfanfaidh oibríochtaí sábháilte agus slán agus go ndéanfar bainistiú ar aon ábhar imní chomhshaoil agus shóisialta.

Aithnítear sa Chreat Beartais an tábhacht a bhaineann le comhoibriú agus rannpháirtíocht raon leathan de pháirtithe leasmhara. Úsáideadh struchtúir rannpháirtíochta trasrialtais chun é a fhorbairt, agus tá sé bunaithe ar chomhairliúchán poiblí agus tionscail. Éascóidh an Creat machnamh ar an slí a thabharfaidh na húdaráis chuí aghaidh ar ábhair ar nós pleanáil agus saincheisteanna comhshaoil.

Díríonn an Creat Beartais ar thrí phríomh réimse:

  1. Úsáid an Aerspáis agus Pleanáil
  2. Comhlíonadh agus Forfheidhmiú
  3. Fiontraíocht agus Nuálaíocht

Is iad seo a leanas na seasaimh bheartais a leagtar amach maidir leis an gCreat Beartais:

*Tá Éire tiomanta a chinntiú go ndéanfar bainistíocht shábháilte ar an aerspás atá ar leibhéal íseal le haghaidh oibríochtaí UAS. Freisin tabharfar aird chuí ar chostas agus ar éifeachtúlacht, agus ar an chaoi a rachaidh na hoibríochtaí seo i bhfeidhm ar an tsochaí, ar eitlíocht le foireann, agus ar an dtionscal iompair ina iomláine.

*Tá sábháilteacht agus slándáil fós ar an gcéad tosaíocht atá ag Éirinn in earnáil na heitlíochta. Déanfar bainistiú ar chomhlíonadh in oibríochtaí UAS agus cumasófar forfheidhmiú éifeachtúil.

Tá Éire tiomanta a chinntiú go dtacófar le forbairt earnála UAS atá inbhuanaithe agus faoi stiúir an tionscail agus aird chuí á tabhairt ar ábhair imní na sochaí, ar éifeachtúlacht agus ar riachtanais tionscail.

Tá cur chun feidhme an Chreata Beartais ag brath ar struchtúir láidre trasrialtais agus ar rannpháirtíocht agus tacaíocht leanúnach ó ranna rialtais, gníomhaireachtaí, earnáil UAS agus ón bpobal.

Is doiciméad beo é an Creat agus beidh air leanúint de bheith ag forbairt chun coinneáil suas le dul chun cinn earnáil na nUAS go hidirnáisiúnta agus a bheith freagrúil do dhúshláin agus deiseanna a thagann chun cinn.

Creat Beartais Náisiúnta do Chórais Aerárthaí Gan Foireann
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat