Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas Beartais um Shoghluaiseacht Chomhroinnte

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meitheamh 2025

Ráiteas Beartais um Shoghluaiseacht Chomhroinnte agus Sholáthar Mol forbartha ag an Roinn Iompair. Tógann an Ráiteas ar ghealltanais atá sa Bheartas Náisiúnta um Shoghluaisteachta Inbhuanaithe (SMP) agus i bPleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide bliantúla chun tacú le leathnú roghanna soghluaisteachta comhroinnte, le béim ar leith ar fhorbairt na mol soghluaisteachta comhroinnte. Tá an Ráiteas seo, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2025, ar fáil thíos.

I gcomhthéacs an Ráitis, ‘séard is brí le soghluaiseacht chomhroinnte ná sócmhainní iompair (m.sh. rothair, rothair leictreacha, scútair leictreacha, rothair lasta, feithiclí leictreacha etc.) a chuirtear ar fáil ar bhonn comhroinnte ar chíos príobháideach, seachas turais a chomhroinnt le húsáideoirí eile ar sheirbhísí iompar phoiblí nó comhroinnt carranna.

Athluaitear sa Ráiteas an uaillmhian atá i gClár an Rialtais 2025 go mbunófar moil soghluaisteachta i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na hÉireann.

Chun eolas a dhéanamh ar fhorbairt an Ráitis Beartais, d’fhoilsigh an Roinn Páipéar Saincheisteanna dar teideal Shared Mobility Hubs: Issues, Challenges and Opportunities mar chuid de phróiseas comharliúchán i 2024. Tá na tuairimí ón bpróiseas seo gafa sa Tuarascáil ar Chomarliúchán Poiblí thíos.

Chomh maith leis seo i 2024, agus bainteach leis an réimse beartais seo, d’fhoilsigh an Roinn Nóta Faisnéise do na húdaráis áitiúla i dtaca le Seirbhísí Micrea-Shoghluaisteacht Comhroinnte. Is é cuspóir an nóta ná cur chuige dea-chleachtais a fhorbairt i dtaca le soláthar na seirbhísí seo, chun comhleanúnachas a chruthú i dtaca lena soláthar go náisiúnta, agus chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla ina gcuid rannpháirtíocht le hoibreoirí príobháideacha ar na saincheisteanna amhail, ach gan a bheith teoranta dóibh, sábháilteacht, comhroinnt sonraí, bonneagar, páirceáil, oibríochtaí, luchtú agus monatóireacht. Táthar ag súil go ndéanfar ábhar an nóta seo a nuashonrú de réir mar a fhorbraíonn samhlacha maidir le soláthar seirbhísí i gcomhréir leis an obair atá ar bun ag an Roinn agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Ráiteas Beartais Náisiúnta
Amharc amharc
Shared Mobility Hubs Report on Public Consultation 2025
Amharc amharc
Advice Note for Local Authorities shared Micromobility Services
Amharc amharc