Rialachas agus Tuairisciú
- Foilsithe: 27 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2024
- Monatóireacht agus tuairisciú ar an bPlean Oiriúnaithe Earnála maidir leis an Iompar
- Rianú agus tuairisciú oiriúnaithe ag an AE
- Struchtúir náisiúnta rianaithe agus tuairiscithe maidir leis an oiriúnú iompair
Tá tábhacht nach beag ag baint le monatóireacht agus tuairisciú ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe le gur féidir a mheas cén chaoi a bhfuil ag éirí le hearnálacha agus le córais déanamh réidh don athrú aeráide agus freagairt dó. Nuair a dhéantar rianú agus tuairisciú ar dhul chun cinn, is éasca sainaithint a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil gá le níos mó acmhainní agus eolais le cur leis an teacht aniar atá i gcórais náisiúnta agus iompair.
Monatóireacht agus tuairisciú ar an bPlean Oiriúnaithe Earnála maidir leis an Iompar
Leagtar amach sa Phlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair atá i bhfeidhm faoi láthair 21 moladh maidir le gníomhaíocht oiriúnaithe, lena gclúdaítear réimsí an taighde, an eolais agus na hinfheistíochta. Déanann an Roinn Iompair iad sin a chur chun cinn agus déanann monatóireacht orthu ar bhonn leanúnach le tacaíocht ón earnáil iompair agus ó pháirtithe leasmhara oiriúnaithe náisiúnta.
Mar ullmhúchán don chéad leagan eile den Phlean Oiriúnaithe Earnála maidir leis an Iompar, tá struchtúir mhonatóireachta, thuairiscithe, mheastóireachta agus foghlama (MTMF) á bhforbairt ag an Roinn le faisnéis a bhailiú maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide ar fud na bhfo‑earnálacha iompair. Beidh na struchtúir sin ag teacht leis ‘an gcur chuige bunaithe ar thorthaí’ agus leis an bhfócas ar mhonatóireacht ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe agus ar a mbainistiú, mar a leagtar amach sa Dréachtchreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua.
Cuirfear struchtúir MTMF san áireamh sa Phlean nua agus déanfar gníomhartha a rianú thar shaolré an phlean.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhfuil ár bhfo‑earnálacha bonneagair iompair ag cothú teacht aniar inár gcórais iompair, cliceáil anseo.
Rianú agus tuairisciú oiriúnaithe ag an AE
Ar an leibhéal náisiúnta, tuairiscíonn Éire don Aontas Eorpach (AE) ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar oiriúnú don athrú aeráide ar an leibhéal náisiúnta trí na struchtúir tuairiscithe a leagadh síos le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le fuinneamh agus an t‑athrú aeráide.
Cuireann an Aontas tuarascálacha achoimre ar fáil freisin faoin an gcaoi a bhfuil an t‑oiriúnú á chur chun cinn ag na Ballstáit, Éire san áireamh. Tugtar léargas i dtuarascáil a d’eisigh foireann an Choimisiúin Eorpaigh le déanaíar ghníomhaíocht oiriúnaithe don athrú aeráide ar fud na hEorpa.
Struchtúir náisiúnta rianaithe agus tuairiscithe maidir leis an oiriúnú iompair
Faoi na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021, tugann an tAire Iompair tuairisc ar an oiriúnú do Thithe an Oireachtais gach bliain trí na ráitis dul chun cinn ar an ngníomhú ar son na haeráide a thugann sé don Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol agus Aeráid.
Déantar gníomhaíochtaí oiriúnaithe don earnáil iompair agus d’earnálacha eile a thagann faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe a rianú freisin trína gcomhtháthú sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus ina Item was unpublished or removed. Le breathnú ar an bplean is déanaí atá i bhfeidhm, Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, cliceáil Item was unpublished or removed Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 á chur i dtoll a chéile faoi láthair. Chun níos mó a fhoghlaim faoi, is féidir breathnú ar an eolas a foilsíodh mar chuid den Item was unpublished or removed nua, a dhún ar an 5 Aibreán 2024
Ó 2019 i leith, tá an Roinn Iompair ag tabhairt tuairiscí chun dáta ar dhul chun cinn ó thaobh an oiriúnaithe de san earnáil don Chomhairle Chomhairleach um an Athrú Aeráide, a bhfuil Coiste ar leith um an Oiriúnú don Athrú Aeráide acu. Tugtar achoimre in Athbhreithniú Bliantúil na Comhairle, a fhoilsítear ar líne, ar an dul chun cinn a bhíonn á dhéanamh i ngach earnáil ó thaobh oiriúnú de. Áirítear ann ‘scórchárta’ áisiúil maidir le hoiriúnú earnála chomh maith. Is féidir teacht ar an Athbhreithniú Bliantúil is déanaí ag an gComhairle ag: https://www.climatecouncil.ie/councilpublications/annualreviewandreport/