Ireland’s Sustainable Aviation Fuel (SAF) Policy Roadmap
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025
Is breoslaí inionadaithe iad Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAFs), a chiallaíonn go measctar iad le Breosla Eitlíochta Traidisiúnta agus go bhfuil siad comhoiriúnach le heitleáin agus bonneagar atá ann cheana féin. Meastar go bhfuil SAFs inbhuanaithe toisc gur féidir astaíochtaí Co2 laghdaithe go suntasachach a bheith acu.
Tá bealaí éagsúla chun SAFs a tháirgeadh á n-iniúchadh agus á bhforbairt faoi láthair, go háirithe breoslaí bithbhunaithe (m.sh. SAF a tháirgtear ó bhunús bitheolaíoch, cosúil le plandaí, dramhaíl ainmhithe, nó dramhaíl agus sealbháin eile), nó an próiseas eSAF atá ag teacht chun cinn (ní bunús bitheolaíoch atá ann, ach tá an SAF seo déanta ag baint úsáide as carbóin ghabháilte agus hidrigin glasa).
Treochlár Beartais maidir le Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe na hÉireann
Tá dúshlán áirithe os comhair an earnáil eitlíochta maidir le dícharbónú toisc nach bhfuil aon bhealaí malartacha láithreacha ar fáil ag scála tráchtála. Ón ngearrtéarma go dtí an meantéarma, beidh forbairt agus infheidhmiú SAFs ríthábhachtach.
Mar aitheantas ar an ionchur tábhachtach gur féidir a bheith ag SAFs i dtreo na hearnála eitlíochta a dhícharbonú, i dTreochlár Beartais maidir le Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe na hÉireann, an chéad Treochlár SAF dá leithéid in Éirinn, aithnítear deiseanna agus constaicí d’Éirinn i dtaca le soláthróirí breosla eitlíochta a bhíonn ag iompórtáil SAF, agus ag déanamh iniúchta ar dheiseanna táirgthe féideartha amach anseo, ag cur san áireamh beartais náisiúnta agus AE atá ann cheana féin.
Leagann an Treochláir amach ceithre chonair beartais SAF chun cur chun cinn:
- Deimhneacht an Mhargaidh;
- Comhoibriú;
- Glacadh a thacú; agus
- Táirgeadh a thacú.
Maidir le gach conair, leagann an Treochlár amach treo taistil agus roinn ghíomhartha chun cinn, a thógann ar shraith tionscnamh AE. Is céimeanna tosaigh iad na gníomhartha seo agus cuirfear leis in eagráin amach anseo den Treochlár.
Is céim thábhachtach í an Treochlár i bhforbairt beartas náisiúnta SAF, ag sainaithint roinnt gníomhartha láithreach bonn agus ag leagan cosáin síos d’fhorbairt beartais SAF amach anseo. San fhadtéarma, beidh an Treochlár Beartais SAF ina dhoiciméad atá ag athrú chun cúinsí atá ag athrú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a léiriú. Leanfaidh an Roinn Iompair de bheith ag athbhreithniú na gcosán beartais seo agus ag plé le páirtithe leasmhara náisiúnta agus idirnáisiúnta agus muid ag iarraidh ár mbeartas náisiúnta SAF a chur chun cinn a thuilleadh.
Tascfhórsa Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe
Chun cuidiú le forbairt Threochlár Beartais an Bhreosla Eitlíochta Inbhuanaithe, bhunaigh an Roinn Iompair an Tascfhórsa um Bhreosla Eitlíochta Inbhuanaithe i mí na Nollag 2023. Tugann an Tascfhórsa seo le chéile páirtithe leasmhara a bhfuil freagracht agus spéis acu i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm beartais i ndáil le SAF.
I measc bhaill an Tascfhórsa tá Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, aerlínte, aerfoirt, an lucht acadúil agus comhlachtaí ionadaíocha.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rúnaíocht don Tascfhórsa um Bhreosla Eitlíochta Inbhuanaithe trí ríomhphost a sheoladh chuig DoTSAFTaskForce@transport.gov.ie nó trí scríobh chuig:
An Roinn Iompair
An Rannóg um Beartas Eitlíochta Inbhuanaithe
Lána Líosain
Baile Átha Cliath
D02 TR60