English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir Sábháilteachta Loingseoireachta Muirí do Shuiteálacha Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta (OREI)

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 4 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2025

D'fhorbair an Roinn seo Treoir Sábháilteachta Loingseoireachta Muirí do Shuiteálacha Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta (OREI) de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta, mar fhreagairt ar an bhforbairt atá beartaithe ar OREInna in uiscí na hÉireann. Rachaidh na breithnithe agus na critéir atá sa treoir i ngleic leis na héifeachtaí a bheidh ar loingseoireacht agus freagrachtaí éigeandála ag na OREInna atá beartaithe d’ uiscí na hÉireann.

Forbraíodh an treoir i gcomhthráth le Treoir Gharda Cósta na hÉireann maidir le Cuardach agus Tarrtháil agus Freagairt Éigeandála do OREI (Nós Imeachta Oibríochta Caighdeánach 07-2025). Cumhdaíonn an Nós Imeachta Oibríochta Caighdeánach seo an sainchúram atá ag Garda Cósta na hÉireann chun seirbhís cuardaigh agus tarrthála muirí (SAR), taismeach muirí agus seirbhís freagartha ar thruailliú a sholáthar.

Molann an Roinn gur chóir an Treoir Sábháilteachta Loingseoireachta Muirí a úsáid chun gach riosca loingseoireachta agus práinnfhreagairt a mheas, le linn na gcéimeanna tógála, oibríochta agus díchoimisiúnaithe d'fhorbairt OREI. Molann an Roinn freisin gur cheart an treoir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar athruithe féideartha ar phatrúin tráchta. Ba cheart d'fhorbróirí OREI atá ag lorg toiliú forbartha le haghaidh forbairtí feirme gaoithe amach ón gcósta an treoir a chur san áireamh chun a chinntiú go gcoinnítear ardchaighdeán sábháilteachta muirí in uiscí na hÉireann.

Tá Modheolaíocht um Measúnú Riosca Loingseoireachta (NRA) san áireamh leis an Treoir freisin. Is é is cuspóir do Mhodheolaíocht an NRA ná treoir a chur ar fáil d’fhorbróirí maidir lena measúnuithe riosca loingseoireachta agus práinnfhreagartha a ullmhú. Ba cheart go léireodh tograí forbartha go bhfuil nó go mbeidh rialú riosca oiriúnacha agus iomchuí i bhfeidhm. Ina theannta sin, tá seicliosta curtha le chéile le húsáid mar uirlis ag Oifig Suirbhéireachta Muirí na Roinne (MSO) chun comhlíonadh na treorach a cuireadh ar fáil a fhíorú, de réir mar is gá.

Beidh an treoir faoi réir athbhreithnithe ag an Roinn amach anseo, má aithnítear agus má éilítear príomhleasuithe.

Guidance on Safety of Navigation and Emergency Response OREI
Amharc amharc