What the Government is doing
- Foilsithe: 29 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2026
- Ag cabhrú leat níos lú a úsáid
- Pacáiste tacaíochtaí breosla
- Scéim Tacaíochta d'Iompróirí Bóthair (RTSS)
- Tacaíochtaí eile
- Tacaíochtaí d’fheithiclí leictreacha
Ag cabhrú leat níos lú a úsáid
Tá bearta curtha i bhfeidhm ag an Rialtas maidir le costais bhreosla agus tacaíochtaí a thabhairt d'earnálacha an iompair, na feirmeoireachta agus an iascaigh. Tagann na bearta seo sa bhreis ar an €250 milliún a leithdháileadh roimhe seo i dtacaíochtaí spriocdhírithe chun cabhrú leo siúd a bhfuil brú airgeadais dáiríre agus láithreach orthu.
Pacáiste tacaíochtaí breosla
Tá bearta sealadacha agus spriocdhírithe tugtha isteach ag an Rialtas chun praghsanna breosla a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, le tacaíochtaí breise do phríomhearnálacha gheilleagar na hÉireann, lena n-áirítear oibreoirí paisinéirí tarlaithe agus bus.
Cuirfidh na bearta seo laghduithe sealadacha ar na rátaí Cánach Ola Mianraí (MOT) a bhaineann le peitreal, uathdhíosal agus Ola Gáis Mharcáilte (MGO).
Cáin Ola Mianra (MOT)
Laghdófar an ráta MOT ar bhonn CBL cuimsitheach an méid seo a leanas:
- 27 cent in aghaidh an lítir i gcás peitril,
- 32 cent in aghaidh an lítir i gcás díosail uathoibríoch, agus
- 7.4 cent in aghaidh an lítir i gcás MGO.
Laghdaigh an Rialtas tobhach NORA ar tháirgí peitriliam ó €0.02 in aghaidh an lítir go dtí leibhéal ainmniúil €0.001 (an deichiú cuid de cent). Tá an laghdú imithe i bhfeidhm ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil 2026 agus oibreoidh sé in éineacht le bearta eile chun an t-ualach atá ar thomhaltóirí a laghdú.
Cuirfidh an Rialtas an méadú ar cháin charbóin a bhí beartaithe don 1 Bealtaine siar go dtí tráth an Bhuiséid. Beidh tionchar aige sin ar phraghsanna dhíosal glas agus ar na breoslaí neamhthiomáinte amhail ola téimh ceirisín, gás nádúrtha agus breoslaí soladacha.
Tiocfaidh na laghduithe do thomhaltóirí ar an mál a bhíonn ar bhreosla i bhfeidhm ó mheán oíche, Dé Máirt an 14 Aibreán 2026 agus leanfaidh siad go dtí an 31 Iúil 2026. Leanfaidh an laghdú ar thobhach NORA a fógraíodh cheana go dtí an 31 Iúil 2026 freisin.
Scéim Lacáiste Díosail
Mhéadaigh an aisíocaíocht uasta atá incheadaithe ó 7.5 cent suas go dtí 12 cent in aghaidh an lítir díosail. Cuirfidh sé seo faoiseamh spriocdhírithe ar fáil d’oibreoirí paisinéirí tarlaithe agus bus. Beidh feidhm aige sin maidir le díosal a cheannófar ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Scéim Tacaíochta d'Iompróirí Bóthair (RTSS)
Bunaíodh Scéim nua Tacaíochta d'Iompróirí Bóthair (RTSS) chun tacú leis an earnáil tarlaithe agus cóiste. Tá sé sin múnlaithe ar na Scéimeanna Tacaíochta um Tharlú Ceadúnaithe 2022 agus 2023 a cuireadh i bhfeidhm chun cabhrú leis an earnáil dul i ngleic leis na praghsanna breosla atá níos airde ó tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Beidh an scéim ar fáil d'oibreoirí ceadúnaithe tarlaithe de bhóthar agus don earnáil féinchuntais araon, maidir le feithiclí earraí troma áirithe (os cionn 3,500kg i meáchan ualaithe) i gcás ina n-úsáidtear an fheithicil sa ghnó tarlaithe (iompar earraí de bhóthar).
Féadfaidh oibreoirí ceadúnaithe paisinéirí de bhóthar, faoi réir critéir áirithe, a bheith incháilithe freisin le haghaidh tacaíochta faoi na caighdeáin theicniúla rialála i gcás nach bhfaigheann siad tacaíocht faoi chonradh nasc áitiúil nó iompair scoile.
Cuirfidh an scéim íocaíocht díreach ar fáil d’oibreoirí tarlaithe agus cóiste. Céimneofar íocaíochtaí (féach an tábla thíos), agus gheobhaidh gnólachtaí beaga leibhéal tacaíochta ar chomhréir níos airde .
| Number of Vehicles Owned | Payment |
| €1,350 in aghaidh na feithicle | |
| €790 in aghaidh na feithicle | |
| I gcás 21+ fheithiclí | €300 in aghaidh na feithicle |
Déanfar íocaíocht tosaigh siardhátaithe do mhí an Mhárta 2026 le gach oibreoir tarlaithe nó cóiste atá cáilithe.
Chomh maith leis an méid thuas, i gcás oibreoirí cóiste a sholáthraíonn nasc áitiúil agus seirbhísí iompair scoile, tabharfar isteach beart tacaíochta ar leithligh trí na socruithe conarthacha le soláthraithe na seirbhísí sin.
Meastar gur fiú €40 milliún costas comhcheangailte na dtacaíochtaí seo in aghaidh na míosa don earnáil iompair.
Beidh na tacaíochtaí seo i bhfeidhm ar feadh trí mhí, agus déanfar íocaíochtaí do mhí Aibreáin agus do mhí na Bealtaine freisin má sháraíonn an meánphraghas náisiúnta díosail €1.90 in aghaidh an lítir sa mhí.
Tacaíochtaí eile
Is iad seo a leanas na tacaíochtaí chun cabhrú leo siúd is mó atá thíos leis an ardú ar chostais bhreosla san earnáil iompair:
- Tá laghdú 20% ar gach táille iompair phoiblí PSO chomh maith le laghdú 50% ar tháillí iompair phoiblí do dhaoine idir 19 agus 25 bliana d'aois leis an gCárta Taistil d'Aosaigh Óga fós i bhfeidhm
- Táillí spriocdhírithe - lena n-áirítear tionscnaimh amhail an saorthaisteal a tugadh isteach le déanaí do gach leanbh suas go dtí 9 mbliana d'aois. Child (5-8) TFI Leap Card - Leap Card
Anuas ar na tacaíochtaí díreacha coigilte costais a leagtar amach thuas, i gcomhréir leis An Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe, tá roinnt tionscnamh ag an Rialtas a dhéanann an rogha iompair inbhuanaithe níos éasca do dhaoine– siúl, rothaíocht, iompar poiblí agus iompar comhroinnte –lena n-áirítear:
- €360 milliún do thionscadail bonneagair siúil agus rothaíochta Taistil Gníomhach ag na húdarás áitiúil uile, lena n-áirítear codanna den Ghlasbhealach agus na tionscadail Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Tá an infheistíocht seo tiomnaithe d'fhorbairt tionscadal siúil agus rothaíochta a thairiscíonn roghanna iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúla don bpobal ar fud na tíre.
- Scéimeanna comhroinnte micrea-shoghluaisteachta, agus feidhmiú céimneach na mol soghluaisteachta i gcomhréir leis an Ráiteas Beartais um Shoghluaiseacht Chomhroinnte
- Seachadadh na gclár Busconnects inár gcúig chathair
- Seirbhísí iompair phoiblí leathnaithe, lena n-áirítear i gceantair réigiúnacha agus thuaithe, faoin gclár Éire a Nascadh.
- Páirceáil agus Taistil Leathnaithe chomh maith le Saoráidí Páirceála agus Scaireanna
- Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Is féidir le fostóirí rothar agus trealamh sábháilteachta a cheannach d'fhostaithe aoin scéim seo, suas go dtí na teorainneacha seo a leanas, ag brath ar an gcineál rothair a cheannaítear.
- €3,000 ar rothair lasta agus ecargo.
- €1,500 ar pedelecs agus r-rothair.
- €1,250 do rothair eile.
Ní ghearrfar aon cháin ar an sochar seo.
Tacaíochtaí d’fheithiclí leictreacha
- Tá deontas €3,500 ar fáil d'fheithiclí ceallra-leictreacha nuair a cheannaítear go príobháideach iad, mar aon le buntáistí a bhaineann le rátaí mótarchánach atá níos ísle agus costais bhreosla laghdaithe. Tá feithiclí leictreacha suas le 70% níos saoire le rith ná carranna díosail nó peitril nuair is féidir an fheithicil a luchtú ón mbaile
- Suas le €5k faoiseamh CCF ar fheithiclí ceallra-leictreacha
- Catagóir BIK fhabhrach le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha
- Infheistíocht €45m i mbliana le haghaidh bonneagar luchtaithe phoiblí ar an líonra mótarbhealaí, bóithre náisiúnta agus bóithre áitiúla a sholáthróidh méadú 30% ar acmhainn luchtaithe phoiblí fhoriomlán d'fheithiclí leictreacha. Cinnteoidh sé sin nach mbeidh tiománaithe feithiclí leictreacha níos mó ná 30 km ó phointe luchtaithe ardchumhachta riamh.
- Deontais suas le €500,000 in aghaidh na bliana atá ar fáil anois tríd an scéim deontais um Fheithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV), rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca agus níos solúbtha do chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh i dtrucailí agus i mbusanna leictreacha.
- €7 milliún leithdháilte faoi Scéim Deontais 2026 d’Fheithiclí Beaga Leictreacha san Earnáil Phoiblí (eSPSV) lena dtacaítear le hoibreoirí SPSV aistriú chuig feithiclí leictreacha
Find out more here about Zero Emissions Vehicle Supports