Breis agus €26m i maoiniú do thionscadail Éireannacha ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Iompar
- Foilsithe: 4 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Iúil 2025
Tá dhá thionscadal Éireannacha agus trí thionscadal iltíre lena mbaineann comhpháirtithe Éireannacha roghnaithe chun maoiniú a fháil ó ghlao maoinithe an AE um Shaoráid Chónasctha na hEorpa don Iompar (CEF Transport) do 2024.
Mar thoradh air seo, infheisteofar breis agus €26m de mhaoiniú AE i dtionscadail bonneagair iompair a thacaíonn le nascacht na hÉireann agus a fheabhsaíonn sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus digitiú ár gcóras iompair. Is í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don Iompar an ionstraim chistiúcháin de chuid an Aontais a thacaíonn le forbairt ar an líonra tras-Eorpach iompair (TEN-T).
Roghnaíodh Europort Ros Láir/Iarnród Éireann chun €19.2 milliún a fháil i dtreo a dtionscadail ‘Green Drift.’ Leis an tionscadal seo forbrófar bonneagar calafoirt tábhachtach a laghdóidh astaíochtaí, lena n-áirítear forbairt beart agus rampaí Roll-on Roll-off (RoRo) ag Ros Láir, agus soláthar cumhachta ar tír i gcalafoirt Dhún Cairce agus Ros Láir araon. Cabhróidh na hoibreacha seo le dul i ngleic le hathléimneacht an bhonneagair iompair agus le hoiriniú don athrú aeráide.
Tacóidh an maoiniú le síneadh agus uasghrádú Bheart 3 ag Europort Ros Láir chun freastal ar shoithí níos mó. Cuirfear deic coincréite leis an dromchla leathnaithe a fheidhmeoidh mar limistéar maoirseachta amach anseo, rud atá thar a bheith tábhachtach do lasta gan tionlacan. Déanfar na rampaí RoRo a athchóiriú agus a nuashonrú tríd an deic cruach den rampa a athsholáthar agus uasghrádú hidrileictreach a chríochnú. Chomh maith leis sin, suiteálfar naisc chumhachta ar an gcladach do shoithí ar an mbealach ó Dhún Cairce go Ros Láir ag Beart 3.
D’éirigh le tionscadal ‘ECRIPP’ Iarnród Éireann i maoiniú ó Chiste 2024 a fháil freisin, agus fuair sé leithdháileadh €2.7 milliún. Tacóidh an tionscadal le staidéir chun na bearta maolaithe is gá a ullmhú chun limistéir de 65 km d’iarnród cósta atá ann cheana féin idir Baile Átha Cliath agus Ros Láir a chosaint ar chreimeadh agus tuilte, de bharr an athraithe aeráide agus minicíocht mhéadaithe stoirmeacha feadh na líne. Tá na hiarrachtaí seo ríthábhachtach chun leochaileachtaí a laghdú, nascacht gan bhriseadh a chinntiú, agus cur le soghluaisteacht inbhuanaithe agus shábháilte feadh líne iarnróid an Chósta Thoir atá suite ar chuid na hÉireann den Líonra Iompair Tras-Eorpach (TEN-T).
Roghnaíodh trí thionscadal chomhghuaillíochta iltíre a raibh comhpháirtithe Éireannacha iontu chun maoiniú a fháil freisin, lena n-áirítear na tionscadail aerloingseoireachta agus bainistíochta tráchta ‘Clean ATM 3’ agus ‘ATN Multilink Expansion in European Airspace’.
I measc na rannpháirtithe sa tionscadal rathúil VERKKO tá Bonneagar Iompair Éireann (TII) lena mbaineann imscaradh córas iompair chliste (ITS) a chuirfidh le córas bainistíochta tráchta feabhsaithe, inbhuanaithe agus digiteach a thacaíonn le méadú ar chomhroinnt faisnéise agus sábháilteacht feadh ár ngréasáin bóithre.
“Tá áthas orm go bhfuil breis agus €26 milliún bronnta ar thionscadail Éireannacha faoi Ghlao CEF 2024. Roghnaíodh na tionscadail seo as 265 iarratas ar fud na hEorpa, rud a léiríonn a gcuid ranníocaíochta le forbairt leanúnach an Líonra Iompair Tras-Eorpaigh (TEN-T) in Éirinn. Seo cnámh droma ár Margadh Aonair Eorpach.
Réiteoidh na tionscadail seo an bealach chun córas iompair níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil.”
Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien
“Mar Aire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, tá áthas ar leith orm rath Iarnród Éireann agus Ros Láir Europort a fheiceáil faoi Ghlao CEF 2024.
Tá fás níos tapúla tagtha ar thrácht Roll-On/Roll-Off ar bhealaí Ros Láir-AE ná mar atá ag aon chalafort eile, agus méadú 398% tagtha ar thrádáil le hilchríoch na hEorpa le trí bliana anuas. Mar náisiún oileánach, tá sé ríthábhachtach go dtacaímid leis an méadú seo ar ghníomhaíocht trí athléimneacht agus inbhuanaitheacht a thógáil inár gCalafoirt, mar a bheidh sé mar aidhm ag tionscadal ‘GREEN DRIFT’ a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney
Nótaí d’eagarthóirí
- Is í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don Iompar ionstraim mhaoinithe an AE a thacaíonn le forbairt an líonra iompair thras-Eorpaigh (TEN-T).
- Seachadtar maoiniú CEF i bhfoirm deontas a leithdháiltear tar éis glaonna iomaíocha ar thograí. Athraíonn rátaí maoinithe ag brath ar choinníollacha gach glao agus ar an gcineál tionscadail, idir 20% agus 50% de na costais incháilithe de ghnáth.
- Bronnadh an maoiniú a fógraíodh inniu i ndiaidh Ghlao Iompair CEF 2024 ar thograí. Ba ghlao iomaíoch é seo, agus roghnaíodh 94 iarratas rathúil as na 265 iarratas a cuireadh isteach ó ar fud na hEorpa.
- Cuirtear iarratais ar mhaoiniú CEF faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Aeráid, Bonneagair agus Comhshaol (CINEA), a dhéanann measúnú ar iarratais le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha.
- Bunaithe ar an bpróiseas meastóireachta seo agus tar éis formheasa ó Bhallstáit an AE, tá cinneadh foirmiúil roghnúcháin glactha ag Coimisiún an AE anois ar liosta na dtionscadal roghnaithe ó Ghlao Iompair CEF 2024.
- Oibreoidh CINEA anois leis na tairbhithe tionscadail rathúla chun comhaontuithe deontais a chur i bhfeidhm. Tá dámhachtain agus méid iomlán mhaoiniú AE do gach tairbhí faoi réir chríochnú na gcomhaontuithe deontais seo.