English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán poiblí ar chórais aerárthaí gan foireann (dróin) seolta ag na hAirí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan, agus an tAire Stáit le freagracht as an Eitlíocht Shibhialta, Jack Chambers TD, comhairliúchán poiblí ar fhorbairt creata beartais maidir le Córais Aerárthaí gan Foireann, a dtugtar dróin orthu de ghnáth.

Tá Córais Aerárthaí gan Foireann (UASanna), a dtugtar ‘dróin’ orthu freisin, ag spreagadh nuálaíochta i roinnt earnálacha cheana féin, áit a bhfuil neart feidhmeanna agus seirbhísí nua á bhforbairt. Tá an pobal ag baint tairbhe as UASanna san earnáil leighis, agus úsáid á baint astu le samplaí leighis a iompar idir ospidéil agus saotharlanna, agus le hoidis a sheachadadh chuig ceantair iargúlta, cuir i gcás. Tá UASanna á n-úsáid anois freisin le cur le cumas cuardaigh agus tarrthála an gharda cósta, rud atá á dhéanamh le sábháilteacht an phobail a fheabhsú.

Is mian leis an Rialtas eolas a fháil ón bpobal ar shaincheisteanna tábhachtacha, lena n-áirítear cén chaoi aghaidh a thabhairt ar na nithe is údar imní don phobal maidir le húsáid mhéadaithe UASanna, cén chaoi áit ar leith a bhaint amach d’Éirinn mar cheannródaí san earnáil seo atá ag teacht chun cinn, agus cén chaoi féachaint chuige go ndéanfar forbairt fhreagrach ar an earnáil amach anseo.

Dúirt an tAire Ryan:

“Deis é an creat beartais seo d’Éirinn an fhís, an straitéis agus na tosaíochtaí a leagan síos le haghaidh fhorbairt earnáil na UASanna, atá ag fás go gasta agus a bhféadfadh go leor tairbhí dearfacha a bheith ag baint léi. Beidh sé mar aidhm aige fás agus nuálaíocht na hearnála a chothú agus aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar nithe is údar imní a maidir le sábháilteacht, slándáil, comhshaol agus eile.”

Agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aige, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Cuireann UASanna deiseanna iontacha ar fáil do ghnólachtaí agus don earnáil phoiblí chun táirgiúlacht a mhéadú, soláthar seirbhísí a fheabhsú, tacú le foirne práinnfhreagartha agus le hiniúchtaí sábháilteachta bonneagair, cabhrú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, poist ardteicneolaíochta a chruthú, agus borradh a chur faoin ngeilleagar ar fud na hÉireann.

Tiocfaidh méadú ar oibríochtaí UASanna sna blianta atá amach romhainn agus ba chóir go mbeadh an tír ullamh chun leas a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh i gceist leis an earnáil nua seo ar bhealach slán sábháilte.

Déanfaidh an creat beartais a chion féin le hearnáil inbhuanaithe UASanna a fhorbairt in Éirinn agus aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar nithe is údar imní don phobal. Leis an gcreart seo a fhorbairt, beidh an-tábhacht ag dul le tuairim an phobail ar na bearta a ghlacfar le dul i ngleic le nithe is údar imní ó thaobh príobháideachta, comhshaoil, sábháilteachta agus slándála de. Mholfainn do bhaill den phobal aighneacht a chur isteach.”

Beifear in ann páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí go dtí 5 i.n., Dé hAoine, an 8 Márta. Is féidir aighneacht a chur isteach go tapa éasca ar líne anseo. Murar féidir déanamh amhlaidh, áfach, is féidir aighneacht a chur isteach tríd an ríomhphost freisin ag: dronesUAS.consultation@transport.gov.ie