Fógraíonn an tAire maoiniú oibríochtúil €4 milliún d'Aerfoirt Réigiúnacha na hÉireann
- Foilsithe: 4 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Nollaig 2025
D’fhógair an tAire Iompair, Darragh O’Brien, inniu leithdháileadh €4 milliún i maoiniú ón Státchiste d’aerfoirt réigiúnacha faoin gClár Aerfoirt Réigiúnacha 2021-2025.
Tá an maoiniú oibríochtúil seo á leithdháileadh ar aerfoirt réigiúnacha incháilithe in Iarthar Éireann (Cnoc Mhuire), i gCiarraí agus i nDún na nGall, mar seo a leanas:
Leithdháiltí Maoinithe Oibríochtúla 2025
| Aerfort | Leithdháileadh Deontais |
| Iarthar na hÉireann | €1.9m |
| Ciarraí | €1.4m |
| Dún na nGall | €0.7m |
| Iomlán | €4.0m |
“Tá áthas orm €4 milliún i maoiniú oibríochtúil a fhógairt d’aerfoirt Iarthar Éireann, Chiarraí agus Dhún na nGall. Leis an maoiniú cuirfear tacaíocht ar fail do chostais phárolla i réimsí rialaithe aerthráchta, seirbhísí dóiteáin agus scagthástála slándála sna haerfoirt seo i mbliana.”
An tAire Iompair, Darragh Ó Briain
Tá an maoiniú seo sa bhreis ar an €7.8m i dtacaíochtaí caipitil a fógraíodh do na haerfoirt seo níos luaithe i mbliana. Leis an maoiniú spriocdhírithe seo ón Státchiste tugadh tacaíocht d’fhás láidir i nascacht leis na haerfoirt réigiúnacha, agus méadú 11% tagtha ar thrácht paisinéirí foriomlán sna haerfoirt seo idir Q1 agus Q3 i mbliana i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
“Aithníonn Clár an Rialtais luach na heitlíochta maidir le tacú le nascacht idirnáisiúnta, forbairt eacnamaíoch agus turasóireacht tríd na haerfoirt. Cé gurb é fógra an lae inniu an babhta maoinithe deireanach faoin gClár reatha, tá an Rialtas seo tiomanta leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i gClár na nAerfort Réigiúnach agus Clár nua Aerfort Réigiúnach 2026-2030 a fhorbairt. Tá an Clár nua seo á chur chun cinn ag mo Roinn mar ábhar tosaíochta le bheith foilsithe san athbhliain.”
An tAire Iompair, Darragh O'Brien
CRÍOCH
Notes to Editors:
Regional Airports Programme 2021-2025
The Regional Airports Programme provides support to Ireland’s smallest airports i.e., those that provide scheduled passenger services and handle fewer than one million annual passengers (on average over the two preceding financial years).
In addition to targeting funding at safety and security related projects and activities, the Programme also supports projects with a sustainability focus, encouraging airports to reduce emissions and build resilience against climate change.
A Public Service Obligation (PSO) air service between Donegal and Dublin airports is also funded by Government under this Programme.