Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Brien bunú an Aonaid Imscrúdú Taismí Muirí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 2 Eanáir 2026
  • An t-eolas is déanaí: 2 Eanáir 2026

Tá sé fógartha ag Darragh O’Brien, an t- Aire Iompair, go bhfuil an t-Aonad Imscrúdú Taismí Muirí (AITM) bunaithe, agus go mbeidh sé mar chuid den Roinn Iompair. Ón 1 Eanáir 2026, beidh AITM ina chomhlacht buan atá freagrach as imscrúduithe ar thaismí muirí in áit an Bhoird um Imscrúdú Taismí Muirí (BITM) mar a bhí. Aon imscrúduithe a bhí ar bun ag an BITM, tógfaidh an AITM faoina chúram iad.

Is é an Príomh-Imscrúdaitheoir David O’Driscoll atá i gceannas ar an AITM. Déanfaidh an t-aonad seo imscrúduithe sábháilteachta muirí ar thaismí a bhaineann le harthaí in uiscí na hÉireann, agus le hárthaí a sheolann faoi bhratach na hÉireann áit ar bith eile ar domhan. Le bunú an AITM beidh comhlacht sa tír anois a chuireann foireann imscrúdaitheoirí lánaimseartha agus buan ar fáil i gcás taismí muirí. Tá sé sin ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus tá sé ar aon dul leis an gcleachtas atá ann cheana in imscrúduithe ar thaismí eitlíochta agus iarnróid sa Stát.

“Is céim shuntasach chun cinn é bunú an AITM chun creat sábháilteachta muirí na hÉireann a neartú. Leis an aonad tiomnaithe seo, déanfar deimhin de go leanfar de thaismí muirí a imscrúdú de réir na gcaighdeán is airde chun cabhrú linn taismí comhchosúla a sheachaint amach anseo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an BITM, lena Bhord, lena imscrúdaitheoirí agus lena bhaill foirne as an obair luachmhar a rinne siad le linn a dtréimhse oifige. Cuirfidh an t-aonad nua leis an rannchuidiú tábhachtach atá déanta acu.”

An tAire Iompair, Darragh Ó Briain

“Gealladh i gClár an Rialtais go ndéanfar achtú ar an reachtaíocht lenar ceadaíodh AITM a bhunú, agus léiríonn sé seo go bhfuil muid dírithe ar chóras sábháilteachta muirí na hÉireann a fheabhsú, go háirithe maidir le himscrúdú taismí muirí.”

An tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóithre, Loighistic, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney

Bunaítear an t-aonad nua seo faoin Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2025. San Acht nua seo, dí scaoiltear an BITM freisin, agus aisghairtear an tAcht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2000, agus cúlghairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Loingseoireacht Cheannaíochta) (Taismí a Imscrúdú) 2011.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat