Foilsíonn an tAire Ó Brien an chéad Threochlár Beartais Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe d'Éirinn
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Lúnasa 2025
D’fhoilsigh an tAire Iompair Darragh Ó Brien an chéad Threochlár Beartais maidir le Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF) de chuid na hÉireann inniu, mar a gealladh faoin gClár Rialtais.
Tá dúshlán ar leith roimh an earnáil eitlíochta maidir le dícharbónú. Beidh ról ríthábhachtach ag forbairt agus imscaradh SAFanna chun cabhrú linn ár spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach, rud a chuirfidh ar chumas ár dtionscail eitlíochta feidhmiú agus forbairt ar bhealach inbhuanaithe.
Chun cuidiú le forbairt an Treochláir, bhunaigh an Roinn Iompair an Tascfhórsa um Bhreosla Eitlíochta Inbhuanaithe i mí na Nollag 2023, ag tabhairt le chéile príomhpháirtithe leasmhara a bhfuil freagracht agus spéis acu i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm beartais i ndáil le SAF.
Is céim thábhachtach í an Treochlár i bhforbairt bheartas náisiúnta SAF na hÉireann, ag sainaithint roinnt gníomhaíochtaí a mbeidh tógáil orthu i leaganacha eile amach anseo agus ag leagan cosáin síos chun beartas SAF a fhorbairt.
Is céim thábhachtach í an Treochlár chun beartas náisiúnta SAF na hÉireann a fhorbairt, lena sainaithnítear roinnt gníomhaíochtaí a mbeidh tógáil orthu in atriallta amach anseo, agus lena leagfar bealach síos d’fhorbairt bheartas SAF amach anseo.
“Tá áthas orm an chéad Threochlár Beartais um Bhreosla Eitlíochta Inbhuanaithe in Éirinn a sheoladh go hoifigiúil. Léiríonn foilsiú an Treochlár seo comhlíonadh gealltanais shoiléir inár gClár Rialtais. Aithníonn an Treochlár an rannchuidiú tábhachtach is féidir le Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe a dhéanamh i dtreo dhícharbónú an tionscail eitlíochta agus tá sé mar aidhm aige na bloic thógála a sholáthar le haghaidh imscaradh Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe in Éirinn.”
An tAire Iompair, Darragh O'Brien
Tá an Sceideal ar fáil ar ár suíomh gréasáin Ireland’s Sustainable Aviation Fuel (SAF) Policy Roadmap