Déanann Garda Cósta na hÉireann, RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann machnamh ar na daoine a cailleadh agus an Lá Domhanda um Bháigh a Sheachaint ag druidim chugainn
- Foilsithe: 23 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025
D’fhéadfadh duine ar bith a bheith i mbaol a bháite, b’fhearr go mór nach mbáifear éinne dínn
Roimh an Lá Domhanda um Bháigh a sheachaint Dé hAoine beag seo (25 Iúil), tá Garda Cósta na hÉireann, RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann ag cuimhneamh orthu siúd go léir a fuair bás san uisce. Tá na heagraíochtaí tagtha le chéile chun iarraidh ar gach duine atá ag pleanáil turas ar uisce nó cois uisce a bheith ullmhaithe faoina chóir chun cinntiú go bhfillfidh gach duine abhaile go slán sábháilte.
Ó thús na bliana seo, bádh 42 dhuine in uiscí na hÉireann, sin naonúr níos mó ná mar a tharla le linn na tréimhse céanna anuraidh. Ní staitisticí amháin iad seo, ach meabhrú dúinn ar na teaghlaigh gur bhuail tubaiste báigh iad le cúpla mí anuas.
Leis an dea-aimsir le déanaí, tá daoine ag bailiú le chéile ar bhruach na huisce chun fuarú síos agus iad beag beann uaireanta ar an gcontúirt a bhaineann le huisce oscailte.
Deir an trí eagraíocht gur mhaith leo go mbainfidh daoine taitneamh as gníomhaíochtaí áineasa a bhaineann leis an uisce, ach tá siad ag impí ar dhaoine eolas a bheith acu ar na baoil, imeacht amach ullmhaithe faoina chóir agus bheith ag faire amach dá chéile.
Chun fanacht sábháilte:
- Seiceáil an aimsir agus an taoide sula dtéann tú amach agus má shiúlann tú bruach an chladaigh, bí ar an airdeall maidir le taoide atá ag líonadh, a d'fhéadfadh a bheith ina chúis sáinnithe
- Bí ar an eolas faoi shruthanna cuilitheála - is féidir le sruthanna láidre na snámhóir is mó taithí fiú a tharraingt amach san fharraige
- Téigh go dtí tránna go ndéanann gardaí tarrthála freastal orthú agus snámh in éineacht le daoine eile, ní i d’aonar riamh
- Snámh agus fan laistigh de do dhoimhneacht i gcónaí .
- Caith seaicéad tarrthála nó áis snámhachta i gcónaí agus tú ar an uisce.
- Coinnigh súil i gcónaí agus go seasta ar aon pháiste atá le hais uisce
- Lig do chuid pleananna agus am fillte le duine éigin ar thír.
- Bíodh fón póca nó Raidió Mara VHF ar iompar agat i gcónaí chun go mbeidh tú in ann glaoch ar chabhair
Má bhíonn tú i dtrioblóid san uisce, Le Fanacht Beo Fan Ar Snámh:
- Cuir do cheann siar, le do chluasa faoin uisce.
- Suaimhnigh tú féin agus déan iarracht análú go réidh.
- Bog do lámha agus do chosa chun cabhrú leat fanacht ar snámh.
- Tá sé ceart go leor má théann do chosa thíos fút faoin uisce, bímid go léir ag snámh ar bhealach difriúil.
- Nuair a bhíonn d'análú faoi smacht, glaoigh ar chabhair nó snámh go dtí uisce níos sábháilte.
Má fheiceann tú duine i dtrioblóid san uisce nó cois cladaigh, nó má cheapann tú go bhfuil siad i dtrioblóid, bain úsáid as an raidió mara VHF Cl 16 nó glaoigh ar 112 agus labhair leis an nGarda Cósta.