An chéad Straitéis Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta foilsithe ag an Aire Canney
- Foilsithe: 29 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2026
D’fhoilsigh Seán Canney, an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre, an chéad Straitéis Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta de chuid na hÉireann inniu. Tá creat leagtha amach sa straitéis chun seo líon na gceamaraí a mhéadú ar bhóithre in áiteanna uirbeacha agus tuaithe chomh maith le cur chuige nua maidir le hoibriú na gceamaraí sábháilteachta in Éirinn.
“Tá áthas orm an chéad Straitéis Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta de chuid na hÉireann a fhoilsiú, a chuireann creat i bhfeidhm a mhéadóidh úsáid ceamaraí sábháilteachta ar an líonra bóithre. Cúis bhróin é an méadú atá tagtha ar líon na ngortuithe tromchúiseacha agus na mbásanna ar na bóithre le blianta beaga anuas. Tá sé cruthaithe go laghdaítear luas nuair a bhíonn ceamaraí sábháilteachta in úsáid agus go bhfeabhsaítear iompar na dtiománaithe, agus tá dóchas orm go gcabhróidh ceamaraí sábháilteachta linn spriocanna maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a bhaint amach, an Fhís Nialais san áireamh.’
An tAire Stáit, Seán Canney
Is cur chuige comhpháirtíochta atá sa Straitéis Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta, ina n-oibreoidh an Garda Síochána, Bonneagar Iompair Éireann (TII) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA ) i dtoll a chéile maidir le himscaradh agus forfheidhmiú na gceamaraí.
Moltar sa Straitéis go nglacfadh TII freagracht as ceamaraí luais sheasta agus meánluais a bhainistiú, i gcomhpháirtíocht leis an nGarda Síochána, a leanfaidh de bheith freagrach as forfheidhmiú na gcionta luais a bhraitear ar na ceamaraí. Glacfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an phríomhfhreagracht – idir fheidhmeanna bainistíochta agus forfheidhmithe araon - as cionta bainistíochta tráchta sna ceantracha uirbeacha. D'fhorbair grúpa oibre idirghníomhaireachta faoi stiúir TII an cur chuige seo agus ghlac an Grúpa Ceannaireachta maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre leis, grúpa atá faoi chathaoirleacht an Aire Canney agus atá ag cur an Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre chun cinn.
Tá an Straitéis ag teacht le Gealltanais Chlár an Rialtais chun úsáid ceamaraí sábháilteachta a leathnú ar fud an ghréasáin bóithre. Ina theannta sin, comhlíonann sé seo cuid a haon de Ghníomh 6 de Phlean Gníomhaíochta na Straitéise Céim 2 maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre de chuid an Rialtais.
“Is ar an nGarda Síochána atá an phríomhfhreagracht ceamaraí sábháilteachta a chur in úsáid ar an ngréasáin bóithre. Cinnteoidh an cur chuige nua mar atá leagtha amach sa Straitéis go mbeidh comhoibriú níos fearr idir príomhpháirtithe leasmhara sábháilteachta ar bhóithre; An Garda Síochána, TII agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair san áireamh agus cuirfidh sé leis an gcaidrimh atá eatarthu cheana féin. Is struchtúr éifeachtach é seo chun an dul chun cinn is mó a bhaint amach in úsáid na gcórais ceamara sábháilteachta ar na bóithre sa ghearrthéarma. Creidim go mbeidh torthaí maithe i leith shábháilteacht ar bhóithre leis an gcur chuige seo a athróidh iompar thiománaithe agus a chuirfidh feabhas ar fhorfheidhmiú cionta tráchta ar bhóithre amach anseo.’
An tAire Stáit, Seán Canney
“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na chéad Straitéise Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta de chuid na hÉireann agus an bhéim láidir a leagann sí ar chomhpháirtíocht idir gníomhaireachtaí. Tá forfheidhmiú atá éifeachtach ina chrann taca don tsábháilteacht ar bhóithre, agus leis an Straitéis seo soláthraítear creat soiléir chun úsáid ceamaraí sábháilteachta a neartú ar bhealach atá spriocdhírithe, bunaithe ar fhianaise agus comhréireach. Trí chionta tráchta ar bhóithre a bhrath agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, tacófar le hiompar níos sábháilte ó na tiománaithe agus tabharfaidh sé cosaint níos fearr do gach duine ar an mbóthar. Beidh mo Roinn ag obair go leanúnach agus go dlúth leis an Aire Iompair agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí reachtacha agus oibríochtúla is gá i bhfeidhm chun cuspóirí na Straitéise a bhaint amach.”
Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Inimirce, Jim O’Callaghan
I measc na mball den Ghrúpa Maoirseachta um Fhorfheidhmiú Ceamaraí, tá ceannairí sinsearacha ón nGarda Síochána, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, TII, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an tSeirbhís Chúirteanna agus earnáil na nÚdarás Áitiúil. Beidh freagracht fhoriomlán ar an nGrúpa as an Straitéis a chur chun cinn ar ardleibhéal, agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:
• Comhordú a dhéanamh ar obair na ngníomhaireachtaí a bhfuil baint acu le hoibriú ceamara
• Sonraí maidir le feidhmíocht a bhailiú, ar nós na rátaí comhlíonta agus íocaíochta , agus anailís agus tuairisc a thabhairt orthu,
• Lámhleabhar an Cheamara Sábháilteachta a choinneáil cothrom le dáta
• Taighde nó tascthaighde a dhéanamh a chuirfidh spriocanna an struchtúir nua atá beartaithe chun cinn
• Teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair agus leis an Roinn Dlí agus Cirt maidir le cúrsaí reachtaíochta, beartais agus maoinithe.
Bunófar Grúpa Formhaoirseachta um Fhorfheidhmiú Ceamaraí, grúpa ina mbeidh príomhpháirtithe leasmhara páirteach agus a chuirfidh an Straitéis i bhfeidhm. Chun an Straitéis sin a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil, beidh an Grúpa Formhaoirseachta dírithe ar sheachadadh agus ag an gcéad chruinniú comhaontóidh an grúpa sraith de ghníomhaíochtaí gearrthéarmacha ionas go gcuirfear tús láíthreach leis an gcur chun feidhme. Tabharfaidh an Grúpa tuairisc ar an dul chun cinn don Aire Canney agus don Ghrúpa Ceannaireachta um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Is féidir an Straitéis Náisiúnta maidir le Ceamaraí Sábháilteachta a fheiceáil anseo: https://www.gov.ie/en/department-of-transport/publications/national-safety-camera-strategy/