Fógraíonn an tAire Ó Brien bunathrú ar sheirbhís aeir Bhaile Átha Cliath-Dhún na nGall, atá maoinithe ag an Rialtas, chun seirbhísí lóin a chur san áireamh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ó Brien bunathrú ar sheirbhís aeir Bhaile Átha Cliath-Dhún na nGall, atá maoinithe ag an Rialtas, chun seirbhísí lóin a chur san áireamh

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2026
  • An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2026

D’fhógair an tAire Iompair Darragh Ó Briain inniu go ndearnadh athrú ar an gconradh don tseirbhís aeir atá maoinithe ag an Rialtas idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ar Emerald Airlines, chun na seirbhísí lóin a raibh amanna malartacha curtha in n-áit ó 29 Márta a athbhunú.

D’éist an tAire leis na hábhair imní a léirigh paisinéirí agus páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Aerfort Dhún na nGall agus Donegal Cancer Flights & Services. Áiríodh leis seo athruithe ar sceideal na n-eitiltí agus láthair thar oíche an aerárthaigh i nDún na nGall. Thug an tAire gealltanas go gcuirfí seirbhís éifeachtach ar fáil ag amanna a oireann do chách a bhaineann leas aisti i nDún na nGall.

Aithnítear sa Chlár Rialtais, mar náisiún oileánach le daonra scaipthe agus geilleagar oscailte, go bhfuil sé ríthábhachtach d’Éirinn go mbeadh nascacht mhaith aici ar fud na tíre agus leis an gcuid eile den domhan. Tá an nascacht seo ríthábhachtach chun tacú le fás eacnamaíoch chomh maith le pobail áitiúla.

Táim tiomanta go hiomlán seirbhís lóin a chur ar fáil idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath lena chinntiú go gcuirtear seirbhís éifeachtach ar fáil ag amanna a oireann do chách a bhaineann leas as an tseirbhís, lena n-áirítear othair chúraim chriticiúil.

D’oibrigh mo Roinn go gníomhach le Emerald Airlines chun téarmaí a chomhaontú maidir le hathbhunú an sceidil roimhe seo, lena n-áirítear an t-aerárthach ag fanacht thar oíche in Aerfort Dhún na nGall. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Teachta Pat the Cope Gallagher, leis an Aire Charlie McConalogue, agus leis an Seanadóir Manus Boyle as a gcuid oibre ag déanamh ionadaíochta do riachtanais an phobail i ndáil le hathbhunú na n-eitiltí.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Emerald Airlines as a rannpháirtíocht chuiditheach chun an t-ábhar seo a thabhairt chun críche go rathúil inniu agus guím gach rath orthu i gcónaí agus iad ag tabhairt faoin mbealach tábhachtach seo. Tháinig fás ar líon na bpaisinéirí bliain i ndiaidh bliana faoin gconradh roimhe seo, ag sroicheadh 23% os cionn na mbuaicleibhéal a baineadh amach faoin gconradh roimhe, rud atá ina éacht suntasach.”

An tAire Iompair, Darragh Ó Briain

Chomh maith leis an imeacht go moch ar maidin ó Dhún na nGall agus an filleadh déanach tráthnóna ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, rud a chuirfidh ar chumas paisinéirí atá ag taisteal ó Dhún na nGall taisteal ar ais ar an lá céanna agus nascacht idirnáisiúnta ar aghaidh ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, leis an sceideal eitilte bunathraithe a thosóidh an 1 Bealtaine, ligfear d’athbhunú na seirbhíse lóin idir aerfoirt Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath agus do láthair na n-aerárthaí i nDún na nGall thar oíche.

Táthar ag súil go mbeidh eitiltí faoin sceideal nua ar fáil le cur in áirithe ar líne trí www.aerlingus.com níos déanaí inniu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat