Comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire O’Brien maidir leis an Dréacht straitéis Náisiúnta um Bonneagar Luchtú/Luchtaithe Feithiclí Leictreacha 2026-2028

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire O’Brien maidir leis an Dréacht straitéis Náisiúnta um Bonneagar Luchtú/Luchtaithe Feithiclí Leictreacha 2026-2028

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 26 Feabhra 2026
  • An t-eolas is déanaí: 26 Feabhra 2026

D’fhógair an tAire Iompair, Darragh O’Brien, seoladh comhairliúcháin phoiblí inniu maidir leis an dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bonneagar Luchtú Feithiclí Leictreacha 2026-2028, ina leagtar amach an chéad chéim eile de phlean na hÉireann chun líonra náisiúnta luchtú feithiclí leictreacha atá seasmhach a leathnú amach.

Leis an dréacht-Straitéis, comhlíontar gealltanas Chlár an Rialtais chun Straitéis Náisiúnta nua um Bonneagar Luchtú Feithiclí Leictreacha a fhorbairt. Cinntíonn an dréacht-Straitéis go mbeidh an bonneagar luchtaithe chun tosaigh i gcónaí ar an éileamh, éileamh atá ag dul i méid de réir mar a dhéanann níos mó tiománaithe an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha.

In Éirinn faoi láthair tá líon na bhfeithicil leictreach atá cláraithe ar an mbóthar tar éis dul thar an 212,000, rud a sháraíonn an sprioc a leagadh síos sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2025. Leagtar amach sa dréacht-Straitéis conas a thacóidh an Rialtas le feidhmiú céimneach leanúnach an bhonneagair luchtaithe atá inrochtana, iontaofa agus chuimsitheach de réir mar a chuirtear dlús le glacadh feithiclí leictreacha, ó seo go dtí 2028.

“Tá aistriú na hÉireann go leictreachas faoi lán seoil, agus tá an líon is mó tiománaithe riamh ag déanamh na haistrithe seo, le feithiclí leictreacha (BEVanna) ag dul thar mhúnlaí peitril anois, rud atá ina phointe thábhachtach eile in éabhlóid mhargadh ghluaisteán na hÉireann.

“Le breis is €120 milliún leithdháilte in 2026 chun tacú leis an aistriú chuig feithiclí leictreacha, táimid tiomanta a chinntiú go gcoinneofar ár mbonneagar luchtaithe suas leis an éileamh atá ag fás, rud a thugann an mhuinín agus an áisiúlacht do thiománaithe na hÉireann chun an t-aistriú a dhéanamh.

“Cuireann an dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bonneagar Luchtú Feithiclí Leictreacha 2026-2028 leis an dul chun cinn láidir a rinneadh faoin straitéis roimhe seo agus leagtar amach inti conairí soiléire chun luchtú comharsanachta, ceann scríbe agus faoi bhealach a leathnú ar fud na tíre. Molaim do dhaoine an phobail, do ghnólachtaí agus do ghrúpaí pobail, comh maith le páirtithe leasmhara tionscail páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo agus cuidiú linn an chéad chéim eile de líonra luchtú feithiclí leictreacha na hÉireann a mhúnlú.”

An tAire Iompair, Darragh Ó Briain

Dírítear sa dréacht-Straitéis ar an méid seo a leanas:

  • Roghanna luchtú comharsanachta a leathnú amach go dtí daoine nach bhfuil rochtain acu ar luchtú baile, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí in árasáin agus tithíocht ard-dlúis
  • Moil luchtaithe ardchumhachta a chur ar fáil feadh bóithre náisiúnta agus príomhchonairí iompair chun tacú le taisteal fad-achair
  • Tacú le réitigh luchtaithe iosta agus faoi bhealach le haghaidh flíteanna tráchtála agus feithiclí tromshaothair
  • A chinntiú go bhfuil an bonneagar uile inrochtana, idir-inoibritheach agus deartha i gcomhréir le prionsabail an deartha uilíoch
  • Oibleagáidí na hÉireann a chomhlíonadh faoi Rialachán an Aontais maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR) agus feidhmiú céimneach cothrom réigiúnach á choinneáil ag an am céanna

Aithnítear sa Straitéis freisin an ról ríthábhachtach atá ag údaráis áitiúla, ag comhpháirtithe tionscail agus ag comhlachtaí poiblí maidir le líonra luchtaithe comhordaithe a mhairfidh i bhfad na haimsire a sholáthar.

Déanfar athbhreithniú meántéarma in 2027 chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an bhfreagairt ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar riachtanais úsáideoirí.

Tugtar cuireadh don phobal, d'údaráis áitiúla, d'eagraíochtaí ionadaíocha, do ghrúpaí pobail agus do ghnólachtaí freisin aighneachtaí a dhéanamh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.

Is é 5pm an 24 Aibreán 2026 an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach. Tar éis anailís a dhéanamh ar fhreagraí, foilseofar Straitéis deiridh níos déanaí i mbliana.

Tríd an gcomhairliúchán seo a sheoladh, tá an Rialtas ag athdhearbhú a thiomantais do líonra luchtaithe feithiclí leictreacha atá iontaofa agus cuimsitheach a sholáthar, líonra a thacaíonn le spriocanna aeráide na hÉireann agus a chinntíonn go bhfuil tiomáint leictreach praiticiúil agus inrochtana do phobal na tíre.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat