Foilsíonn an tAire Ó Brien Tuarascáil an Ghrúpa Oibre um Bhreoslaí Malartacha don Iompar 2025
- Foilsithe: 31 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
D’fhoilsigh an tAire Iompair, Darragh Ó Brien, Tuarascáil 2025 an Ghrúpa Oibre idir-rannach um Bhreoslaí Malartacha don Iompar inniu. Le dícharbónú iompair tá gá le feabhas a chur ar theicneolaíocht mhalartach agus nialasach astaíochtaí chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú tuilleadh. Leagtar amach sa tuarascáil 2025 seo moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta comhordaithe maidir le breoslaí malartacha, a bhfuil acmhainneacht acu cur le dícharbónú, slándáil fuinnimh, agus coigilteas fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú san earnáil iompair in Éirinn.fficiency savings in the transport sector in Ireland.
“Is cuid dár bpleanáil fhadtéarmach chun córais iompair a dhícharbónú an t-aistriú chuig teicneolaíochtaí breosla nialasacha agus malartacha. Leagann coimhlintí domhanda a mbíonn tionchar acu ar shlabhraí soláthair béim ar an tábhacht a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tacaíonn an Grúpa Oibre seo lenár straitéis fhadtéarmach, ag ailíniú agus ag comhordú réimse beartas, rialachán agus clár tacaíochta chun úsáid breoslaí malartacha le haghaidh iompair a chur chun cinn. Cinntíonn sé comhleanúnachas beartais ar fud na hearnála iompair le haghaidh idirghabháil dhírithe agus leanúnach Rialtais i dtreo sheachadadh is fearr cuspóirí beartais, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
“Beidh réimse leathan conairí fuinnimh i gceist leis an réiteach ar dhícharbónú agus ar bhogadh amach ó spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear leictreachas in-athnuaite agus leictriú iompair agus breoslaí in-athnuaite. Geallann an Clár Rialtais go méadófar fuinneamh in-athnuaite agus go dtacófar le gníomhaíocht leanúnach maidir le húsáid breoslaí malartacha san earnáil iompair, agus comhthairbhí i gceist in earnálacha eacnamaíocha eile. Áirítear leis seo tacú le dícharbónú cóistí lastais bóthair agus tráchtála le breoslaí amhail Ola Glasraí Hidriginchóireáilte (HVO), hidrigin, feithiclí leictreacha agus bithmheatán chomh maith le Beartas Náisiúnta Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe a fhorbairt. Táim ag tnúth leis an dul chun cinn is féidir a dhéanamh chun na cuspóirí seo a chur chun cinn a fheiceáil."
An tAire Iompair Darragh Ó Brien
Lean an Grúpa Oibre ar aghaidh in 2025 ag cur infheictheacht, comhordú agus ailíniú beartais agus gníomhaíochta maidir le breoslaí malartacha san iompar chun cinn. Tugann an Grúpa oifigigh ó Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais thábhachtacha le chéile a bhfuil freagracht idirnasctha acu maidir le beartas aeráide agus fuinnimh a bhaineann le breoslaí malartacha a bhfuil úsáid deiridh acu san iompar. Chuir roinnt saineolaithe ábhair agus tionscail eile, lena n-áirítear saineolaithe fuinnimh idirnáisiúnta, le hobair an ghrúpa seo in 2025 freisin.
I measc na dtorthaí tosaíochta a comhordaíodh tríd an nGrúpa Oibre le linn 2025 bhí an dréacht-Chreat Pleanála Náisiúnta (NPF) lena gcomhlíontar riachtanais Rialachán Bonneagair Breosla Malartaigh an AE, dul chun cinn Thuarascáil an Tascfhórsa Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF), agus taighde ar infhaighteacht bithbhreoslaí ardleibhéil agus breoslaí in-athnuaite de bhunadh neamhbhitheolaíoch amach anseo (RFNBO) a theastaíonn chun spriocanna fuinnimh in-athnuaite an AE san earnáil iompair a chomhlíonadh.
Chomh maith leis sin, dhírigh an grúpa oibre ar dhúshláin thábhachtacha san earnáil iompair maidir le dícharbónú breoslaí a úsáidtear sna hearnálacha is deacra a laghdú - lastas bóthair, muirí agus eitlíocht.
Cuirfidh na moltaí agus na chéad chéimeanna eile atá leagtha amach sa tuarascáil na téamaí agus na cuspóirí seo chun cinn in 2026, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá leagtha amach i gClár an Rialtais, agus leanfaidh siad de bheith ag comhlíonadh uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta Aeráide agus Oiriúnach do 55 an AE.
Tá an tuarascáil ar fáil le feiceáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Iompair ag https://www.gov.ie/en/department-of-transport/publications/alternative-fuels-for-transport-working-group/