Foilsíonn an tAire Ó Brien plean uaillmhianach chun athléimneacht aeráide san earnáil iompair a mhéadú
- Foilsithe: 14 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Samhain 2025
D’fhoilsigh an tAire Iompair, Darragh Ó Brien, an Plean Oiriúnaithe Earnála Iompair (T-SAP II) inniu. Tá an doiciméad straitéiseach seo deartha chun cabhrú le córas iompair na hÉireann athléimneacht fhadtéarmach a thógáil, agus freagairt níos fearr a thabhairt ar thionchar aeráide atá ag tarlú cheana féin nó a réamh-mheastar a tharlóidh amach anseo. San áireamh leis seo tá ullmhú do stoirmeacha, tuilte, tonnta teasa, ardú leibhéal na farraige, agus imeachtaí eile a bhaineann leis an aeráid.
Cuireann adhaimsir isteach ar thurais, déanann sí damáiste do bhonneagar, agus cuireann sí brú ar an gcaoi a ndéanaimid pleanáil, tógáil agus cothabháil ar ár gcórais iompair. Tá sé ríthábhachtach iompar a dhéanamh níos athléimní ó thaobh na haeráide de ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, leanúnachas seirbhíse, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach.
“Tá aeráid na hÉireann ag athrú. Táimid ag feiceáil stoirmeacha níos minice agus níos déine, tuilte, borradh cósta agus leibhéil na farraige ag ardú. Is féidir leis na himeachtaí seo cur isteach ar sheirbhísí, damáiste a dhéanamh do bhonneagar agus rioscaí fadtéarmacha a mhéadú, ní hamháin i leith an iompair, ach d’ár bpobail ar fad.
“’Séard atá ann le hoiriúnú ná ullmhú do na hathruithe seo trí athléimneacht a thógáil inár gcórais iompar anois, ionas gur féidir linn bonneagar ríthábhachtach a chosaint agus daoine agus earraí a choinneáil ag bogadh amach anseo.”
Dúirt an tAire, Darragh O'Brien
“Is tosaíocht ríthábhachtach don Roinn í sábháilteacht iompair. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar aeráid atá ag athrú, beidh athléimneacht aeráide ríthábhachtach chun oibriú sábháilte bhonneagar iompair na hÉireann a chinntiú amach anseo, lena n-áirítear calafoirt agus naisc iarnróid ár dtíre.
“Le calafoirt na hÉireann, táthar ag cinntiú cheana féin go mbeidh bonneagar nua agus nuashonraithe níos athléimní fós i leith thionchair an athraithe aeráide chun a chinntiú gur féidir le hoibríochtaí leanúint ar aghaidh a oiread agus is féidir.
“Ina theannta sin, is rud é an líonra iarnróid a mbraitheann an oiread sin againn air go laethúil chun dul ag obair, nó chun cuairt a thabhairt ar theaghlach agus ar chairde. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid gach rud is féidir linn chun a chinntiú go bhfanfaidh sé oiriúnach don fheidhm i bhfad amach anseo.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney
“Tá an t-iompar ríthábhachtach d’fheidhmiú phobal tuaithe na hÉireann, ag tacú le gluaiseacht daoine agus earraí agus ag cur fáil ar sheirbhísí riachtanacha. Tá pleanáil oiriúnaithe ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil bonneagar agus seirbhísí iompair athléimneach i gcoinne éifeachtaí an athraithe aeráide.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer
Forbraíodh an Plean seo i gcomhairle le páirtithe leasmhara tábhachtacha agus leis an bpobal faoi scáth an Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe. Leagtar amach ann conas is féidir le córas iompair na hÉireann oiriúnú do rioscaí aeráide amach anseo ar bhóithre, ar iarnróid, ar chalafoirt, ar aerfoirt, ar iompar poiblí agus ar thaisteal gníomhach.
Leagann an Plean treochlár do 2025 go 2030 chun an cuspóir seo a bhaint amach. Sainaithníonn sé 40 príomhghníomh a chomhfhorbraíodh ag an Roinn, oibreoirí iompair agus páirtithe leasmhara eile, chun freagairt do na rioscaí don iompar a sainaithníodh trí mheasúnú mionsonraithe riosca ar an athrú aeráide.
Is plean uaillmhianach agus riachtanach é, atá bunaithe ar an eolaíocht aeráide agus na measúnuithe riosca is déanaí, lena n-áirítear an chéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide in Éirinn. Cuimsíonn sé léargais saineolaithe a threoraíonn bealaí chun oiriúnú a dhéanamh ar fud gach modh iompair. Tógann sé ar phleanáil agus ar ghníomhaíocht oiriúnaithe san earnáil iompair ó 2019 i leith, nuair a foilsíodh an chéad phlean den tsórt sin (T-SAP I). Léiríonn sé riachtanais bhonneagair iompair agus tosaíochtaí aeráide reatha agus amach anseo na hÉireann.