Nochtann an tAire O’Brien an Plean Deiridh chun Luchtú d’Fheithiclí Leictreacha (EV) a leathnú ar fud na hÉireann
- Foilsithe: 29 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
Inniu, d’fhógair an tAire Iompair, Darragh O’Brien, foilsiú deiridh an Phlean Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha, tar éis comhairliúchán poiblí.
Is é an Plean Réigiúnach agus Áitiúil an dara cuid den Phlean Náisiúnta um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, tar éis gur cuireadh bailchríoch ar an bPlean um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Naisiúnta Bóithre i mí na Bealtaine 2024.
“Cuirfidh an plean seo le soláthrú an bhonneagair luchtaithe atá de dhíth ar dhaoine, san áit go bhfuil sé de dhíth orthu — sa bhaile, ar an mbóthar, agus ag príomhchinn scríbe agus comharsanachta an phobail. Le cois an Phlean um Luchtú Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Naisiúnta, tá plean náisiúnta iomlán ar fáil anois, rud a chinntíonn nach mbeidh aon bhearna sa chumhdach agus a thacaíonn le haistriú na hÉireann chuig iompar níos glaine.”
An tAire Iompair, Darragh O’Brien
Arna fhorbairt ag Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha na hÉireann (ZEVI), leagtar spriocanna amach sa phlean agus straitéisí d’údaráis áitiúla chun forbairt bonneagair feithiclí leictreacha a thiomáint ag láithreacha cinn scríbe agus comharsanachta, le tacaíocht ón rialtas. Tá sé seo ag teacht le spriocanna aeráide náisiúnta agus an AE araon, rud a chuidíonn le hastaíochtaí a laghdú agus bogadh i dtreo earnáil iompair atá dícharbónaithe go hiomlán faoi 2050.
Leagtar bealach amach sa phlean chun na huaillmhianta sin a bhaint amach, mar aon le pacáiste tograí maidir le hinfheistíocht, rialáil agus ionstraimí beartais.
“Is céim shuntasach eile é an plean i gcur i bhfeidhm leanúnach pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal agus comhlánaíonn sé scéimeanna atá ann cheana féin amhail Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt, Scéim Saoráidí Pobail um Luchtú Feithiclí Leictreacha Chiste um Aistriú Cóir an AE agus An Scéim Deontais um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta.”
An tAire O’Brien
“Cuireann an plean nua seo slí ar fáil chun dlús a chur le seachadadh líonraí réigiúnacha agus áitiúla de bhonneagar luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha ag suíomhanna cinn scríbe agus comharsanachtaí i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann.
Is é is aidhm don phlean seo ná cinntiú go bhfuil bonneagar leordhóthanach i gceantair thuaithe agus iargúlta chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo chun rochtain chothrom ar bhonneagar luchtaithe a chinntiú, rud a chuirfidh glacadh forleathan d’ fheithiclí leictreacha chun cinn.”
An tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas agus le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer