Faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire do chomhlacht nua seachadta tiomnaithe do MetroLink
- Foilsithe: 12 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Samhain 2025
Tá cead ón Rialtas faighte inniu ag an Aire Iompair, Darragh Ó Brien, do thogra beartais chun comhlacht seachadta tiomnaithe MetroLink a bhunú.
D’oibreodh an comhlacht seachadta reachtúil atá beartaithe faoi choimirce an Aire Iompair, agus bheadh sé freagrach as an tionscadal a chur i gcrích don phobal. Léiríonn sé seo cé chomh mór agus cé chomh tábhacht atá MetroLink don tír.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhfoireann go léir agus le Bord Bhonneagar Iompar Éireann (TII) as an obair fhairsing agus thábhachtach atá déanta acu chun MetroLink a chur chun cinn go dtí seo. San áireamh leis seo tá bunú Stiúrthóireacht MetroLink laistigh de TII, MetroLink a thabhairt tríd an bpróiseas iarratais phleanála, dearadh agus dul chun cinn leanúnach na straitéise soláthair, maraon leis an gcomhairliúchán poiblí suntasach agus cur chun cinn an tionscadail.”
An Aire Iompair, Darragh Ó Brien
Leanann an togra beartais seo cinneadh an 2 Deireadh Fómhair ón gCoimisiún Pleanála faomhadh a thabhairt d’Ordú Iarnróid MetroLink, chomh maith le tiomantas daingean an Rialtais san Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta maoiniú a dhéanamh ar thógáil MetroLink ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra.
Anois bunóidh an Roinn Iompair grúpa oibre ina mbeidh oifigigh ó Bhonneagar Iompair Éireann, ón Údarás Náisiúnta Iompair, agus ó Ranna ábhartha eile. Déanfaidh an grúpa athbhreithniú ar shaincheisteanna praiticiúla agus reachtacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu agus comhlacht seachadta tiomnaithe MetroLink á bhunú. San áireamh leis an obair seo beidh ullmhú Scéim Ghinearálta Bille chun cabhrú le héifeacht reachtach a thabhairt don togra beartais seo.
Tacóidh MetroLink go díreach le seachadadh thart ar 31,700 aonad tithíochta breise feadh an chonair chun tacú le fás daonra de bheagnach 90,000 duine, lena n-áirítear ceantair Forbartha atá Dírithe ar an Iompar mar Bhaile Munna agus Lios an Halla. Cruthófar leis teacht ar ospidéil, scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal, agus áiseanna fóillíochta, chomh maith le hAerfort Bhaile Átha Cliath. Le háis Páirceáil agus Taistil a chur ar fáil, cinnteofar rochtain do níos mó ná iad siúd ar féidir leo siúl nó rothaíocht go héasca.