English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Roimh Acht chun Uaillmhianta i dTaca le Fuinneamh in-Athnuaite Amach ón gCósta a Chur Chun Cinn

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 17 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2025

Tá fáilte curtha ag an Aire Darragh O’Brien inniu roimh achtachán de reachtaíocht a dhéanfaidh rialú ar na cineálacha nua d’árthacha a n-úsáidtear san earnáil fuinnimh in-athnuaite, a thabharfaidh cabhair d’Éirinn a spriocanna aeráide a bhaint amach.

Déanann An tAcht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2025, foráil Aonad um Thaismí Muirí a Imscrúdú a bhunú laistigh den Roinn Iompair. Cuirfear é in ionad an Bhoird um Thaismí Muirí a Imscrúdú mar fhoras buan le freagracht ar imscrúdú taismí muirí.

“Tá Éire tiomanta neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi cheann 2050. Chun na sprice sin a bhaint amach, tá orainn méadú suntasach a dhéanamh ar an gcionroinn dár gcuid riachtanas fuinnimh a gcomhlíontar le foinsí in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí d’Fhuinneamh In-athnuaite (ORE), cosúil leis an ngaoth. Beidh Árthaí Seirbhíse amach ón gCósta mar chuid rí-thábhachtach den earnáil seirbhíse amach ón gcósta. Leis an Acht seo, tugtar an chumhacht dúinn rialacháin a dhéanamh freastal ar na cineálacha nua d’arthaí atá in úsáid in earnáil seirbhíse amach ón gcósta agus d’iompar pearsanra tionscail ar na hárthaí sin.”

An Aire Iompair Darragh O’Brien

“Is tiomantas é achtachán na reachtaíochta seo sa Chlár Rialtais agus léiríonn sé an fócas atá againn córas sábháilteachta muirí na hÉireann a fheabhsú, go háirithe i dtaca le himscrúdú taismí muirí. Is féidir linn anois bogadh ar aghaidh an Aonad um Thaismí Muirí a Imscrúdú a Imscrúdú a bhunú a dhéanfaidh imscrúdú ar thaismí muirí chun a leithéidí de thaismí a sheachaint amach anseo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an MCIB, a Bhord, a imscrúdaitheoirí agus a foireann don obair a bhíonn ar siúl acu i gcónaí. Tógfaidh an Aonad nua ar an obair mhór atá déanta acu go dtí seo.”

An tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney

Nótaí

Imscrúdú Taismí Muirí

Is bord neamhspleách é an Bord um Thaismí Muirí a Imscrúdú (MCIB) a bhunaíodh faoin tAcht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2000 chun taismí muirí a himscrúdú agus chun tuarascálacha ar a leithéidí d’imscrúduithe a fhoilsiú.

Sa bhliain 2021, tógadh faoi athbhreithniú neamhspleách chun struchtúir na hÉireann i dtaca le himscrúdú ar thaismí muirí a mheas. Moltar i dTuarascáil na hathbhreithnithe gur chóir d’imscrúdú taismí muirí in Éireann aistriú ón socrú páirt-aimseartha atá ann faoi láthair (maidir le painéal d’imscrúdaitheoirí a úsáid) go cur chuige lán-aimseartha.

Tá an méid seo ar aon dul leis an dea-chleachtas atá ann go hidirnáisiúnta agus beidh sé mar an gcéanna leis an gcleachtas atá ann cheana féin sa Stát i dtaca le himscrúduithe in earnáil na heitlíochta agus i dtaismí iarnróid.

Árthaí Seirbhíse amach ón gCósta

Tá Éire tiomanta neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi cheann 2050. Chun na sprice sin a bhaint amach, tá orainn méadú suntasach a dhéanamh ar an gcionroinn dár gcuid riachtanas fuinnimh a gcomhlíontar le foinsí in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí d’Fhuinneamh In-athnuaite (ORE), cosúil leis an ngaoth.

San áireamh i bhforbairt agus feidhmiú de thionscnaimh ORE tá go leor árthaí, a dtugtar árthaí amach ón gcósta orthu.

Leis an Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú), 2025, deántar fóráil do rialachán a thugann cumhacht freastal ar na cineálacha nua d’arthaí atá in úsáid in earnáil seirbhíse amach ón gcósta agus d’iompar pearsanra tionscail ar na hárthaí sin.”