Na hAirí ag fógairt €360 milliún de mhaoiniú caipitiúil le haghaidh Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí in 2026
- Foilsithe: 19 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2026
Cuirfidh an maoiniú seo le bonneagar siúil agus rothaíochta a chur ar fáil ar fud na tíre
D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien, an tAire Stáit Seán Canney le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt agus an tAire Stáit Jerry Buttimer le freagracht speisialta as Iompar Tuaithe go bhfuil maoiniú €360 milliún curtha ar fáil don Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí i rith 2026. Tá an infheistíocht seo dírithe ar fhorbairt na dtionscadal siúil agus rothaíochta a chuireann roghanna iompair sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúla ar fáil don bpobal fud fad na tíre.
Leithdháileadh €290 milliún ar Chlár Infheistíochta Iompair Ghníomhaigh agus Inbhuanaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) chun bonneagar siúil agus rothaíochta a fhorbairt i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha. Déanfar beagnach 1,000 tionscadal atá ar scála éagsúil a chur chun cinn in 2026, ag tarraingt ar an gcistiú sin. I measc roinnt tionscadal a chuirfear chun cinn i mbliana tá Glasbhealach Inbhear an Mhóinéir Leathain i bhFine Gall; Scéim Feabhsúcháin Bhóthair an Leitheanaigh Mhóir i gCathair Chorcaí; An Scéim Taistil Ghníomhaigh atá ag Comhairle Cathrach Luimnigh, Coláiste Mhuire gan Smál go dtí Lár na Cathrach; agus Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar na Trá Móire i bPort Láirge.
Tá €8 milliún breise ar fáil ar scála níos lú chun cláir oiliúna a athraíonn iompair a mhaoiniú. Ina measc tá an oiliúint do bhunscoileanna, CycleRight agus Clár an NTA Taistil Níos Cliste go dtí an Ionad Oibre agus Campas.
Leithdháileadh an €62 milliún eile chun tionscadail Ghlasbhealaigh a chur i gcrích ar fud na hÉireann, Glasbhealach Chiarraí Theas agus an síneadh le Glasbhealach Chanáil Uladh i gContae Mhuineacháin san áireamh. Úsáidfear an leithdháileadh freisin chun bonneagar gníomhach taistil a chuir ar fáil ar bhóithre náisiúnta agus chun an Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar a chur chun cinn. Is é an cuspóir atá ag an Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar ná líonra comhtháite a chuir ar fáil idir bhailte agus chathracha na tíre. Beidh dhá tionscadal suntasach i Muigh Eó: an tionscadal chun áiseanna rotharbhealaigh a chur ar fáil ar an N60 idir Caisleán an Bharraigh agus an Bréachmhaigh chomh maith le Scéim Lúibe Chuan an Fhóid Duibh.
Táthar ag súil go gcuirfear 200km de bhonneagar siúil agus rothaíochta i gcrích i rith 2026 i gcomhréir leis an sprioc a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Is príomhchumasóir é an clár infheistíochta seo chun a chinntiú go bhfuilimid ag laghdú astaíochtaí iompair sa tír seo.
“Léiríonn an leithdháileadh €360 milliún i rith 2026 ar thionscadail Thaistil Ghníomhach agus Ghlasbhealaí cé chomh tiomanta is atá an Rialtais na roghanna iompair inbhuanaithe a fhairsingiú agus bonneagar siúil agus rothaíochta atá sábháilte agus so-shroichte a sholáthar in áiteanna uirbeacha agus tuaithe araon. Cuideoidh an €290 milliún a infheistíodh i gClár Infheistíochta Iompair Ghníomhaigh agus Inbhuanaithe an NTA le príomhlíonraí taistil gníomhacha a fhorbairt sna sráidbhailte, bailte agus cathracha, rud a fhágfaidh go mbeidh siúl agus rothaíocht ina rogha inmharthana do níos mó den bpobal. Idir an dá linn, cuideoidh an infheistíocht €62 mhilliún san líonra Glasbhealaí le príomhthionscadail áirithe a chur ar fáil ar fud na tíre agus is céim eile i dtreo Líonra Raonta Rothaíochta Náisiúnta a bhaint amach í."
An tAire Iompair, Darragh Ó Briain
“Tá fairsingiú leanúnach an ghréasán siúil agus rothaíochta tríd an bonneagar taistil gníomhach agus Glasbhealaigh ríthábhachtach ionas go mbeidh roghanna taistil sábháilte ar fáil do rothaithe agus do choisithe araon. Cuireann sé freisin lenár ndul chun cinn i dtreo Fís Nialais, an straitéis um shábháilteacht ar bhóithre a bhfuil sé mar aidhm léi nach mbeidh bás nó gortú tromchúiseach ar bith ar bhóthar faoi 2050. Cuirim fáilte go háirithe roimh an infheistíocht atá beartaithe ag an Údaráis Náisiúnta Iompair i mbliana chun measúnú a dhéanamh ar na háiteanna ar na bóithre go bhfuil práinn leo ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre de, le níos mó bearta a chuir i gcrích chun taismí bóithre a sheachaint sna suíomhanna áirithe sin, mar chumhdach ar úsáideoirí bóithre leochaileacha."
An tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Sean Canney
“Fáiltím go speisialta roimh fhógra maoinithe an lae inniu do thionscadail an Ghlasbhealaigh : tionscadail atá ag imeacht go mór i bhfeidhm ar cheantair thuaithe na hÉireann le blianta beaga anuas tríd an tírdreach álainn a chur ar taispeáint, cuairteoirí a thabhairt chuig ceantair iargúlta a ligeadh i ndearmad go dtí seo agus gnólachtaí beaga áitiúla a chuir faoi bhláth. Cuireann Glasbhealaí áis chaitheamh aimsire amuigh faoin aer ar fáil freisin, rud gur féidir le gach ball den phobal taitneamh a bhaint as. Táim ag súil go mbeidh bealaí nua leathnaithe ar fáil sna blianta amach romhainn."
Aire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer
“Leis an ngealltanas maoinithe a fógraíodh inniu, beidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair in ann tacú le gach údarás áitiúil timpeall na tíre chun go leanfaidh siad orthu ag cur naisc níos sábháilte ar fáil do choisithe agus do rothaithe, spásanna poiblí taitneamhacha a fheabhsú, agus timpeallacht mórthimpeall orainn inar féidir le níos mó daoine rogha ghníomhach a dhéanamh.”
Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Anne Shaw
“Léiríonn maoiniú an Bhealaigh Ghlais 2026 tiomantas na Roinne Iompair agus an Rialtais roghanna taistil ghníomhacha a sholáthar ar fud na tíre. Geallann TII, mar aon lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, oibriú le geallsealbhóirí tábhachtacha eile i dtreo sheachadadh na dTionscadal Bealaigh Ghlais thábhachtacha seo.”
Príomhfheidhmeannach TII, Lorcan O’Connor
Notes to the Editor
A breakdown of allocations by local authority is below. Full lists of project level allocations are published on the TII and NTA websites.