Maoiniú geallta ag Airí do fhoirne taistil ghníomhaigh in údaráis áitiúla ar feadh cúig bliana eile

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú geallta ag Airí do fhoirne taistil ghníomhaigh in údaráis áitiúla ar feadh cúig bliana eile

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2025

D’fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien agus an tAire Stáit Seán Canney inniu go bhfuil maoiniú cinntithe do bhaill foirne taistil ghníomhaigh in údaráis áitiúla ar fud na tíre ar feadh cúig bliana eile, go dtí deireadh 2030.

In 2020 chuir an Roinn Iompair maoiniú suntasach méadaithe ar fáil do thionscadail bhonneagair siúil agus rothaíochta. Thug an Roinn comhairle d’údaráis áitiúla, tríd an gCumann Bainistíochta Cathrach agus Contae, go leithdháilfí maoiniú chun foirne tiomnaithe d’fhoireann taistil ghníomhaigh a bhunú. Cinntíodh an maoiniú seo go dtí 2026, chun cumas na n-údarás áitiúil a mhéadú chun tionscadail taistil ghníomhaigh a chur ar fáil ar fud na tíre.

Ó shin i leith, infheistíodh breis is €1 billiún i dtionscadail taistil ghníomhaigh agus earcaíodh thart ar 240 ball foirne ar fud na 31 údarás áitiúil. Bhí sé seo thar a bheith luachmhar i dtaca le breis is 1,000 km de bhonneagar siúil agus rothaíochta le cúig bliana anuas a chur ar fáil. Cuireann an Roinn maoiniú ar fail d’fhoireann an taistil ghníomhaigh tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), a dhéanann maoirseacht ar an gClár Infheistíochta in Iompar Gníomhach agus Inbhuanaithe.

Leis an bPlean Earnála Iompair an Phlean Forbartha Náisiúnta, a foilsíodh i mí na Samhna 2025, leantar leis an ngealltanas €360 milliún in aghaidh na bliana do thaisteal gníomhach agus do Bhealaí Glasa go dtí 2030.

I bhfianaise rath bhunú na bhfoirne taistil ghníomhaigh, a bhain amach spriocanna seachadta agus caiteachais bonneagair gach bliain ó 2022 i leith, dheimhnigh an tAire O’Brien agus an tAire Canney freisin go leanfar le maoiniú d’fhoireann taistil ghníomhaigh in údaráis áitiúla go dtí deireadh 2030. Tacóidh foireann taistil ghníomhaigh tiomnaithe in údaráis áitiúla le bonneagar siúil agus rothaíochta ardchaighdeáin a chur ar fáil go dtí deireadh na deich mbliana.

“Tá áthas orm a bheith in ann leanúint d’infheistíocht chun foireann taistil ghníomhaigh tiomnaithe a choinneáil sna 31 údarás áitiúil. Tá na foirne seo anois ina gcuid ríthábhachtach de sheachadadh tionscadal bonneagair siúil agus rothaíochta ar fud na tíre, lena n-áirítear tionscadail Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Tá sé tábhachtach go mbeadh dearbhú ag údaráis áitiúla go leanfar de mhaoiniú a fháil thar na cúig bliana atá romhainn. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don NTA as fócas leanúnach ar oiliúint agus ar scileanna a chur ar fáil d’fhoireann na n-údarás áitiúil chun a chinntiú go dtógfar agus go seachadfar tionscadail taistil ghníomhaigh ardchaighdeáin inár gcathracha, inár mbailte agus inár sráidbhailte. Táim ag tnúth le tionchar na hinfheistíochta seo a fheiceáil trí fhorbairt leanúnach líonra siúil agus rothaíochta na hÉireann.”

An tAire Iompair, Darragh O’Brien

“Le bonneagar taistil ghníomhaigh sábháilte agus ardchaighdeáin spreagtar turais chun na hoibre, chuig an scoil agus chuig gnóthaí laethúla sláintiúla agus gníomhacha, agus cosnaíonn sé úsáideoirí bóithre leochaileacha agus iad ag siúl, ag rothaíocht nó ag scútáil. Tá breis is 1,000km de bhonneagar siúil agus rothaíochta curtha ar fáil ag foirne taistil ghníomhaigh na n-údarás áitiúil, atá faoi mhaoirseacht an NTA, le cúig bliana anuas. Tar éis an fhógra seo inniu faoi mhaoiniú leanúnach, is féidir leis na foirne seo díriú anois ar líonra bonneagair siúil agus rothaíochta a bhunú ar féidir é a úsáid le haghaidh iompair nó áineasa gan a bheith ag brath ar charr.”

An tAire Stáit, Seán Canney

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat